Tír na nIontas i bPáirc na Carraige Duibhe um Cháisc

Coinín bán. Haitéir craiceáilte. Cailín óg darb ainm Alice. Tá tír na n-iontas tagtha chugainn!

Beidh lá spraoi Cásca ar siúl i bpáirc na Carraige Duibhe ar an 30 Márta mar thogra de chuid Comhairle Contae Dún Laoghaire-Ráth an Dúin. Cuirfear cuma dhraíochtúil ar an pháirc do theaghlaigh ón 13:00 go 17:00 agus beidh réimse leathan gníomhaíochtaí sultmhara ann do pháistí (agus daoina fásta) ar gach aois.

Grianghraf le Gareth Chaney

Déanfaidh an ‘Easter Eggscapade’ ceiliúradh ar an Cháisc trí théama Alice in Wonderland. Beidh an Coinín Bán, an Haitéir Craiceáilte, agus Alice í féin i láthair chun na páistí a threorú chuig na hiontais ar fad atá le fáil sa pháirc. I measc na n-iontas, tá turas ar na taechupáin, bord fichille ar féidir le páistí cluichí a imirt mar cheithearnaigh air, agus ní hí an Cháisc í gan seo – tóraíocht uibheacha Cásca! Beidh teaghlaigh in ann na leideanna atá ar na huibheacha Cásca a úsáid chun duaiseanna speisialta a bhaint i rith an lae.

Ní sin an t-iomlán, áfach, mar beidh rannpháirtithe ábalta a hata craiceáilte féin a chruthú agus páirt a ghlacadh i ‘Mórshiúl na Hataí’, seó faisin ina léireoidh na páistí a hataí faiseanta os comhair lucht féachana. Is féidir le rannpháirtithe a bpointí stíle a mhéadú le péinteáil éadan chun an lámh uachtair a fháil ar an iomaíocht.

Grianghraf le Gareth Chaney

Má tá tú ag iarraidh sceitimíní a chur ar na daoine beaga, tabhair chuig an phreabchaisleán iad agus déan boinéad Cásca mar chuimhneachán ar an lá spraíúil.

Is é an muintearas a chothú téama an lae agus maíonn an Comhairleoir Denis O’Callaghan go dtabharfaidh an lá spraoi teaghlaigh le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar spiorad na Cásca. Tá an t-imeacht saor in aisce agus gealltar gáire, grá, agus greann ar an lá. Is féidir tuilleadh eolais a aimsiú anseo.

SCÉALTA EILE