Ar smaoinigh tú riamh conas a bheadh sé dá dtitfeá ón spéir anuas?
Bhuel ní gá samhlú a thuilleadh mar go bhfuil físeán tar éis nochtú ar líne a thugann léargas mearbhlach ar an eispéireas.
Tamall de bhlianta ó shin chuaigh Tobias Persson agus a chairde a spéirthumadóireacht i gceantar Kristianstad i ndeisceart na Sualainne.
Bhí ceamaraí GoPro ar a gcloigne acu ach níor thit an scannánú amach mar a bhí beartaithe.
Thit ceann de na ceamaraí áfach agus shíl na paraisiútálaithe nach bhfeicfeadh siad choíche arís é.
Seo chugainn Kristoffer Örstadius agus a athair a d’aimsigh an GoPro i gcoill ar na mallaibh agus a d’fhoilsigh an físeán ar Youtube.
Iontas na n-iontas bhí an cárta cuimhne fós ag feidhmiú tar éis tuirlingt 3,000 méadar agus chuirfeadh an físeán a tógadh mearbhall ar an mhanach Búdaíoch is suaimhní dá bhfuil ann.
Tá breis agus 2,600,000 duine i ndiaidh breathnú ar an turas ón spéir ar líne, Tobias ina measc.
Díreach bí cinnte go bhfuil tú i do shuí sula mbuaileann tú ‘seinn’!