Tobscor DIY ó thuaidh

Agus mé ag léamh scéal na mná a ciontaíodh sa chúirt i mBéal Feirste an tseachtain seo caite as socair gur scoir sí a toircheas féin (nó ‘ginmhilleadh DIY’ mar atáthar á thabhairt air), cuireadh Helene, carachtar as War and Peace, i gcuimhne dom.

Faoi sholas coinnle, téann Helene i muinín nimhe chun ginmhilleadh a spreagadh.

Tá eipic Tolstoy suite sa bhliain 1812.

Ach seo muid sa bhliain 2016 agus tá mná na hÉireann sa lá inniu ag dul i muinín ginmhillte DIY go fóill, agus tá an dlí á chur orthu dá bharr.

Ó na 1860í, aimsir Tolstoy féin mar a tharlaíonn sé, tá sé mídhleathach tobscor toirchis* a spreagadh trí nimh nó tocsain a thógáil in Éirinn.

Is faoin dlí seo a ciontaíodh an bhean óg, cé gur piollairí (atá le fáil ar líne) a thóg sí féin.

Gach bliain cuidíonn seirbhísí tobscortha ar nós ‘Women on the Web’, atá lonnaithe san Ísiltír, agus Women Help Women, le tuairim is 3,00o bean as Éirinn atá ag lorg comhairle i dtaobh piollairí ginmhillte.

Is ar an dóigh seo ar éirigh le Suzanne Lee, as Béal Feirste, tobscor toirchis a fháil ceithre bliana ó shin agus í 22 bliain d’aois.

Mar a bhí i gcás na mná óig a ciontaíodh sa chúirt le déanaí, ní raibh d’acmhainn ag Suzanne an turas a dhéanamh go Sasana le deireadh a chur lena toircheas go dleathach.

Ní amháin sin, ach b’fhearr léi an tobscor a bheith aici sa bhaile, áit a mbeadh tacaíocht ar fáil óna fear agus óna cairde.

Dúirt Suzanne le NÓS gur minic í ag labhairt amach go poiblí faoina ginmhilleadh mídhleathach féin ó shin agus go bhfuil olc uirthi go bhfuil bean óg eile anois thíos leis.

“Tá mé ag tarraingt airde ar an cheist seo a bhí ó 2012 ann, ó thug mé féin faoi ‘ghinmhilleadh DIY’, agus labhair go leor daoine eile amach chomh maith, a chuidigh le mná tobscor toirchis mídhleathach a fháil,” arsa Suzanne.

Suzanne Lee

Ag tús an tsamhraidh seo caite, seoladh litir, a shínigh breis agus 200 bean, chuig Oifig an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí ó thuaidh, ag maíomh gur thóg sínitheoirí na litreach piollairí ginmhillte nó gur chuidigh siad le mná iad a fháil.

I ráiteas a d’fhógair an PSNI ag an am, dúradh go mbeadh measúnú á dhéanamh ar gach chás, ceann ar cheann.

Ach mar atá sé faoi láthair, tá an chuma ar an scéal go bhfuil an stát ag dul sa tóir ar na daoine is leochailí amháin.

“Bhí a fhios agam nach ngabhfadh na péas mé, go raibh mé in ann labhairt amach agus nach dtiocfadh na húdaráis i ngiorracht scread asail dom.

“Ach tá siad sásta duine leochaileach nach bhfuil aon tacaíocht acu a chiontú,” arsa sí.

Mhínigh Suzanne, atá sa ghrúpa Rally For Choice, gur tháinig sé aniar aduaidh uirthi féin, agus ar dhaoine san eagraíocht lena mbaineann sí, gur tógadh bean os comhair na cúirte sa chéad áit, agus gur ciontaíodh í ar deireadh.

“Níor shíl muid riamh go dtarlódh a leithéid. Bhí an tuiscint ann i gcónaí go raibh sé in aghaidh an dlí ar bhonn teoiriciúil ach níor shíl muid go gciontódh éinne,” ar sise.

B’fhurasta teacht ar an tuiscint sin mar nár ciontaíodh duine ar bith ar an ábhar seo le 40 bliain anuas.

Cén fáth anois mar sin?

Cuireadh na péas ar an eolas faoi thobscor toirchis na mná is déanaí seo.

Beirt a bhí ina gcónaí léi a chuir na húdaráis ar an eolas faoin ghinmhilleadh tar éis dóibh teacht ar éadach a raibh fuil air, agus féatas i mála sa bhosca bruscair.

Bhí an bhean a ciontaíodh ag iompar ar feadh 10 seachtaine ag an am ar chuir sí deireadh lena toircheas.

Dúradh sa chúirt go raibh an bheirt idir dhá chomhairle faoi cad é le déanamh agus gur bhain dearcadh ‘ar nós cuma liom’ na mná siar astu.

B’aisteach tuairim mar sin a léiriú go háirithe nuair nach raibh an oiread aithne acu ar an bhean.

B’aisteach arís go ndeachaigh an bheirt bhan seo a bhí ina gcónaí in aontíos léi i dteagmháil leis na péas faoi.

Tagann Suzanne leis an mhéid sin.

“Ní dóigh liom go bhfuil aithne agam ar dhuine ar bith ó thuaidh a bheadh sásta dul chuig na péas ar chúis ar bith,” arsa sí.

“Níl sé de nós ag daoine ó thuaidh dul chuig na péas, ní bhíonn daoine compordach leis sin de ghnáth.

“Ní thuigim cén fáth mar sin a ndearna siad amhlaidh, go háirithe má bhí siad buartha fúithi.”

Cháin Suzanne na hagallaimh atá déanta ag an bheirt ar na meáin éagsúla, The Nolan Show ar an BBC, ina measc.

“Cén fáth a bhfuil ardán á thabhairt do na daoine seo nuair atá a fhios acu nár mhaith leis an bhean í féin go mbeadh a hainm amuigh ansin. Tá siad ag tarraingt tuilleadh oilc ar bhean atá ag fulaingt cheana féin.”

Phléadáil an bhean óg ciontach, bronnadh téarma príosúnachta ar fionraí uirthi agus beidh uirthi a taifead coiriúil a chur in iúl i gcaitheamh a saoil.

An tseachtain chéanna, tugadh bean eile – máthair a chuidigh lena hiníon piollairí tobscortha a fháil – os comhair na cúirte i mBéal Feirste agus téarma 14 bliana á bhagairt uirthi.

Cá bhfios cén bóthar a thógfaidh cúrsaí má phléadálann sí neamhchiontach?

Seans go mbeadh toradh éagsúil ar rudaí ach tá an scéal duairc go leor ó thuaidh do mhná leochaileacha go dtí seo.

Nuair nach bhfuil cuma ar bith ar chúrsaí go mbeidh athrú sa dlí i dtaobh pósadh comhghnéis, is deacair mar sin a bheith dóchasach faoi cheist an tobscortha thoirchis.

Tá an chuid is mó de dhaoine réasúnta: cé go mb’fhéidir nach mbeadh ginmhilleadh acu féin, níl siad ag iarraidh a rá nár cheart do dhuine eile déanamh amhlaidh.

Ach cén uair a mbeidh an rogha againn é sin a chur in iúl?


* Is frása é ‘tobscor toirchis’ nó díreach ‘tobscor’ a roghnaíonn NÓS chun ‘ginmhilleadh’ a chur in iúl.

Tobscor: bíodh muinín againn as ár mná

SCÉALTA EILE