Trí Shúile Bhernie Pháid

Sa mhír seo breathnaíonn muid trí shúile Ghaeil bhreátha ár linne le 3 phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol.

Amhránaí agus múinteoir Gaoluinne do dhaoine fásta is ea í Bernie Pháid Ní Mhuircheartaigh atá tar éis filleadh ar a háit dúchais i gCorca Dhuibhne le cúpla bliain anuas.

Bhog sí thar n-ais go Ciarraí mar gur bhraith sí uaithi a pobal teanga agus an nádúr.

Dar léi féin, is sa nádúr a fhaigheann sí an inspioráid is mó dá cuid ceoil agus an faoiseamh is fearr ón ndomhan mór.

Tarraingt eile sa Daingean di ná an traidisiún ársa amhránaíochta atá sa dúiche, agus níl aon ní níos deise léi ná a bheith ag roinnt amhrán lena comhghleacaithe ceolmhara.


1. Cuideachta an cheoil 

ceol

Ceann des na rudaí a thugann an sásamh is mó dom im shaol ná a bheith ag amhránaíocht le mo chairde.

Tugann ceol faoiseamh mínádúrtha dom agus tá buailte agam le daoine breátha i mo shaol dá bharr.

Tógadh an pictiúr seo i dTigh Uí Churráin sa Daingean.

Bhíomar ag ceiliúradh pósta dlúthchara linn.

Bhí seisiún iontach an lá céanna againn. Is minic gur i seisiún mar seo a chloisfeá amhrán nua gur mhaith leat a fhoghlaim nó go ndéarfadh cara leat faoi amhrán a d’oirfeadh duit.


2. Áilleacht na háite 

Pic a do

Thugas samhradh ag obair leis na báid farantóireachta tuairim is fiche bliain ó shin.

Bhínnse ar bharr na haille ar an míntír ag díol na dticéad, ag féachaint i dtreo an Bhlascaoid.

Is fíor le rá go bhfuil draíocht éigint ag baint leis na Blascaodaí agus níorbh aon eisceacht an samhradh san.

Thugamar an samhradh ag gáire, ag sú diagacht an nádúir agus an tsaoil agus ag imirt sacair ar an dtráigh.


3. Cóm an Lochaigh

glaise com

Déarfainn gurb é seo an áit is deise liom ar domhan – Cóm an Lochaigh.

Cónaím síos an bóthar ón áit aoibhinn seo agus is ann a thagainn le mo chlann agus mo chomharsana ag baint mhóna nuair a bhíos óg. Siúlaim ann formhór gach aon lá, mé féin agus mo ghadhar Chico.

Is minic a bhím ag foghlaim amhrán agus mé ag siúl san áit inspioráideach seo.

Tugann an Cóm an-suaimhneas dom, agus is minic a luím sa bhféar fada ag éisteacht le ceol cois abhann.

Bíonn sé go hálainn dathanna na séasúr a fheiscint ar na cnoic agus fiú sna clocha, mar a chítear sa bpictiúr seo.


Beidh Bernie Pháid i mbun ceoil ag gig speisialta am lóin ‘Lón Anama‘ sa Lab amárach, Dé hAoine 22 Iúil, idir 1-2in, i dteannta Dave Clancy. Coinnigh ar an eolas faoina bhfuil ar siúl ag Bernie ar www.berniephaid.com.

SCÉALTA EILE