Trí Shúile Chaitlín Nic Aoidh

Sa mhír seo ar NÓS, breathnaíonn muid trí shúile Ghaeil bhreátha ár linne le 3 phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol.

Amuigh ag siúl i gceantar sléibhtiúil fiáin a bhíonn an Conallach Caitlín Nic Aoidh agus í ag lorg suaimhnis ón saol.  

Nuair nach bhfuil Caitlín i mbun láithreoireachta ar TG4, is minic ceamara ina lámh aici agus í ar thóir na neamhfhoirfeachta, ina n-aimsíonn sí áilleacht an tsaoil.


Suaimhneas

Níl áit ar bith chomh suaimhneach nó chomh síochanta le Mín na Craoibhe i nGaeltacht Dhún na nGall.

Tá an t-ádh go barr bata orm mar go bhfuil sé ar leac an dorais agam sa bhaile agus is minic a théim ann chun éalú ó gach aon ní.

Is cuma má tá sé clúdaithe le brat bán sneachta nó faoi chlapsholas, tá draíocht speisialta ag baint leis.


An óige

Seo pictiúr a thóg mé de mo mhac baistí Eoghan.

Níl sé ach dhá bhliain ach fós fhéin tá mé thart ar a mhéar bheag.

Ardaíonn sé mo chroí.

Is breá liom neart pictiúir nádúrtha a fháil, mar go bhfuil gach rud a fheiceann tú ar Instagram “ró-fhoirfe” agus níl rud ar bith níos deise ná breathnú siar ar sheanphictiúir ónar n-óige.

Is breá liom an timpealleacht agus an dóigh nach mbeadh gach rud slachtmhar agus curtha ina áit chun pictiúr a ghlacadh fadó agus ní raibh deis “an pictiúr foirfe” a ghlacadh mar atá inniu nó bheadh an ceamara reaite!!


Dhá thaobh an cheamara

Sa phictiúr seo bhí me ag ligean orm nach raibh a fhios agam go raibh duine éigin ag glacadh an phictiúir seo!

Ach bhí a fhios agam go lánmhaith mar mé féin a bhí ann!

Agus níor oibrigh sé amach an chéad uair ná deich n-uaire ina dhiaidh sin ach an oiread!

Ach fuair mé sa deireadh thiar thall é.

Bhí mé ar saoire san Ostair ag an am.

Is furasta a aithint go raibh neart ama agam an lá sin ar aon nós!

SCÉALTA EILE