Trí Shúile Chlíodhna Ní Fhainnín

Sa mhír seo, breathnaíonn muid trí shúile Ghaeil bhreátha ár linne le 3 phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol. 

An iarraidh seo, is í bean Chonamara, Clíodhna Ní Fhainnín, atá taobh thiar den lionsa.

Oibríonn Clíodhna san earnáil faisin agus is minic í ar lorg inspioráide ón domhan mhór thart orainn.

Nuair nach bhfuil sí ag obair, is breá léi a bheith i measc cuideachta amuigh faoin aer, ag baint sult as áilleacht na tíre.


1: Ag faire amach don inspioráid

picatri

Tá mé ag obair mar cheannaí san earnáil faisin agus, mar sin, bím i gcónaí ag faire amach le hinspioráid a thógáil ón domhan thart orm – fiú i leithris scaití!

Sa ghrianghraf seo, is breá liom an chodarsnacht idir na tíleanna éagsúla agus tugann sé sin neart inspioráide agus smaointe nua dom maidir le dathanna agus priontaí.

Is bealach iontach é an faisean le do phearsantacht féin a léiriú ar bhealach cruthaitheach, agus is aoibhinn liom a bheith ag obair san earnáil seo mar go dtugann sé ort a bheith ag faire amach i gcónaí.


2: I measc cairde

picado

Is iad mo chairde agus mo theaghlach na rudaí is tábhachtaí sa saol dom.

Tá mé i mo chónaí as baile – is as Gaillimh mé ach tá mé i mo chónaí i mBaile Átha Cliath – mar sin braithim go bhfuil tábhacht faoi leith ag baint le caidreamh láidir a choinneáil leis na daoine is tábhachtaí i mo shaol.

Bhí cónaí orm in áiteanna éagsúla i gcaitheamh na mblianta – san Iodáil agus i mBéal Feirste, mar shampla – mar sin, tá an t-ádh orm go bhfuil grúpa mór de chairde iontacha agam as áiteanna éagsúla.

Roghnaigh mé an pictiúr mar gur léiriú é ar an oíche fhoirfe, i mo bharúil féin, is é sin comhluadar den scoth agus bia maith.

Sílim i gcónaí go bhfuil na daoine a bhíonn timpeall ort i do shaol ar cheann de na rudaí is tábhachtaí.


3: Spás machnaimh

picahaon

Duine gnóthach gníomhach mé agus aimsím spás machnaimh le dul i ngleic leis an strus sa saol!

I measc na rudaí is mó a thaitníonn liom féin agus le mo bhuachaill a bheith ag déanamh tá a bheith amuigh faoin aer.

Is breá linn an fharraige agus na sléibhte.

Is minic a thugann muid beirt rúid ar na hairde, ach is breá linn dul amach le cairde dár gcuid freisin.

Tá an tír seo ina bhfuil muid chomh hálainn sin.

Is iontach an rud é dul amach agus pléisiúr a bhaint as an áilleacht sin agus as na hiontais atá timpeall orainn.

SCÉALTA EILE