Seo tús mír le nua ar NÓS ina mbreathnaíonn muid trí shúile Ghaeil bhreátha ár linne le 3 phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol.
Tugann Gráinne Ní Ghilín aghaidh ar an India gach geimhreadh le cúrsa spioradálta a dhéanamh i ndufair ghlas atá suite díreach san áit a gcasann na machairí agus sléibhte na Himiléithe ar a chéile.
Caitheann sí féin agus a comhghleacaithe suas le 40 lá ina dtost, gan ceangal acu leis an domhan mór amuigh, mar iarracht le hiompú isteach sa domhan mór iontach istigh.
Mo chlúid féin
Sileann gathanna gréine isteach ar an fhuinneog i ndiaidh am bricfeasta. Tearmann sa tearmann é mo sheomra féin.
Dóim túis, lasaim coinnle agus spraeálaim cumhrán a dhéanaim féin d’olaí éagsúla le hatmaisféar a chruthú díreach mar a iarraim é.
Tá fógra ar dhoras an tseomra folctha a chuireann i gcuimhne dúinn gur gá a bheith tíosach ar uisce, cé gur áit thais í seo ina dtiteann an fhearthainn go trom agus go rialta.
Caithimid 7 n-uaire an chloig san iomlán gach lá inár suí sa halla ag dul don mheabhrú.
Tá sé ríthábhachtach, mar sin, traenáil láidreachta agus solúbthachta a dhéanamh leis an cholainn agus an intinn a choinneáil aclaí.
Is breá liom siúlóidí a dhéanamh ag am sosa ach bíonn mata ióga ar láimh agam agus trealamh aclaíochta crochta den doras leis na géaga agus na matáin a shíneadh.
Bán
Iarrtar orainn éadaí bána a chaitheamh sa halla agus gan bróga a chaitheamh istigh ann.
Is deas siúl isteach sa spás suaimhneach naofa úd cosnocht agus fuacht an urláir a mhothú.
Mar gheall ar an aontacht datha, ní sheasann duine ar bith amach.
Bíonn na pearsantachtaí, a éilíonn ár n-aird i gcónaí, clúdaithe agus ceansaithe seal agus bíonn slí ag na hanamacha teacht chun tosaigh.
An cosán
Seo an cosán chuig an halla.
Tig eilifintí fiáine an bealach seo uair sa choicís nó mar sin. Is san oíche a thagann siad de ghnáth.
Ní fhaca mé féin ach uair amháin iad. Bíonn siad fíorchiúin, ach cluin tú briseadh na gcraobhacha agus corrbhúir astu.
Bíonn neart moncaithe thart, agus tagann tíogair agus liopaird ó am go chéile fosta.
Bíonn a fhios agat go bhfuil cat mór faoin áit nuair a ligeann cineál áirithe fia glaoch as atá cosúil le bonnán.
Is mór an dúshlán é siúl an bealach seo sa dorchadas agus an smaoineamh i d’aigne go bhfuil seans ann go gcasfar ainmhí iontach ort.
Siúlaimid i rith an lae mar ghrúpa ar an chosán seo i scuaine fhada mar chuid den chleachtadh fhoirmiúil. Ní gá a bheith i do shuí ar chúisín sa halla, do dhá chos trasna ar a chéile, leis an chleachtadh a dhéanamh.
Is é an rud atá i gceist leis i ndáiríre ach an treo a bhfuil d’aird ag dul a athrú ó do smaointe agus í a dhíriú ar d’fhíornádúr féin.
Níl le déanamh le fírinne ach teacht i láthair agus géilleadh, mar an fíornádúr sin, d’fhoinse na beatha.
Tarraingeoidh sí isteach chuici féin thú má ligeann tú di. Agus sa spás íonghlan sin, cuirfidh tú aithne ort féin.