Sa mhír seo breathnaíonn muid trí shúile Ghaeil bhreátha ár linne le 3 phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol.
Is máistir an cheoil í Jenny Ní Ruiséil.
Is í Jenny a bhíonn i mbun na gcoirithe ceoil iontacha a bhíonn le cloisteáil i bhfíseáin Choláiste Lurgan.
Tar éis tamall a caitheamh ag machnamh ar na rudaí a bhí uaithi sa saol, tháinig sí ar an tuiscint nach dtiocfadh aon rud chuici mura gcuirfeadh sí an iarracht agus an fuinneamh isteach ann.
Mar sin, bheartaigh sí dul a thaisteal agus díriú ar na rudaí a thugann sonas di agus a chruthaíonn spás, cothromaíocht, agus eadromaíocht ina haigne.
Agus í lonnaithe i mBali na hIndinéise anois, bíonn cuma dhifriúil ar chuile lá, agus dar léi féin is mar sin is fearr.
Ióga
Is le linn an aistir seo a tháinig mé ar an ióga, agus le roinnt míonna anuas ó d’fhág mé an baile tá mé ag díriú ar níos mó a fhoghlaim faoin gcleachtadh ársa agus mé san Ind, i Srí Lanca, agus faoi láthair i mBali na hIndinéise.
D’éirigh liom an grá agus an fhiosracht atá agam don domhan a cheangal leis an ióga, agus go dtí seo tá an oiread sin feicthe agus bainte amach nach bhfuil aon phlean faoi leith agam go fóill filleadh abhaile!
Éirí agus Luí na Gréine
B’fhéidir gur clísé atá ann do dhuine atá tógtha le híoga, ach thug mé faoi dheara tamall ó shin gur cuma cén áit ina bhfuil mé.
Bíonn i gcónaí fuinneamh sa mbreis agam ag na hamanna seo den lá, agus fonn siúlóide orm nó taiscéaladh cíbe áit atá ann le radharc níos fearr a fháil den ghrian.
Le fírinne, is éirí na gréine a bhíonn ann de gnáth: tá sé de nós agam éirí go luath!
Seo ceann álainn a chonaic mé ar chósta Shrí Lanca, áit darbh ainm Bá Arugam.
Giotár
Toisc an spás a chruthaíonn an t-ióga i mo chorp agus i m’intinn, is cosúil go bhfuil tuilleadh fuinnimh agus spáis le spáráil anois agam le caitheamh ar rudaí eile a thugann sonas dom – an ceol agus an scríbhneoireacht, mar shampla.
Chomh maith leis an éagsúlacht timpeall na cruinne idir foirmeacha agus stíleanna ióga, tá uirlisí ceoil spéisiúla agus stíleanna ceoil dochreidte éagsúil ón mbaile.
Seo uirlis traidisiúnta ón Tibéid, a bhfuil ceithre shreang uirthi sa chás seo.
Tá sí péinteáilte agus dealbh capaill ar bharr.
Ní thuigim an scéal taobh thiar de ach an oiread ach tá fuaim álainn uaithi!