Sa mhír seo, breathnaíonn muid trí shúile Ghaeil bhreátha ár linne le 3 phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol.
An iarraidh seo, is í an t-aisteoir ildánach agus teagascóir ióga Miriam Needham atá taobh thiar den lionsa.
Alice
Tá mé os comhair an lionsa sa phic áirithe seo a thóg an grianghrafadóir Peter Martin a thugann léargas ar mo shaol ar stáitse.
Seo mé i bpáirt Alice in Alice in Wonderland, léiriú de chuid Blue Raincoat.
Tá mé díreach tar éis seachtain a chríochnú i Sligeach leis an dráma agus bhain mé an oiread pléisiúir as a bheith ag obair leis an bhfoireann.
Obair dhian atá ann ach tá paisean ollmhór ag na healaíontóirí éirimiúla seo.
Agus is í an stíl amharclannaíochta is fearr liom í: fisiciúil, iomlánaíoch agus an-bheoga ar fad!
Spás súgartha sna campaí
Seo pictiúr a tógadh in Idomeni sa Ghréig – an campa ollmhór do theifigh nach bhfuil ann a thuilleadh (scriosadh an campa agus cuireadh i gcampaí míleata na teifigh sa tsamhradh).
Bhí mé ann i mí na Bealtaine le The Flying Seagull Project, carthanacht a oibríonn le páistí atá faoi míbhuntáiste.
I mbliana, tá an charthanacht ag obair le páistí ar teifigh iad agus atá ag teacht chun na hEorpa.
Anois díreach tá Big Top acu i gcampa Kalitis sa Ghréig, agus tá go leor seónna, eachtraí agus ceardlann ar siúl acu do na páistí!
Beidh mé ag dul ann go luath, agus fanfaidh mé ann go dtí an Nollaig.
Nuair a tháinig mé ar ais ó na campaí do theifigh an uair dheireanach, bhí an-bhrón orm mar gheall ar na rudaí a chonaic mé.
Baineadh siar mé.
Ach anois táim ag súil go mór le dul ar ais, cé go mbeidh sé deacair.
Creidim go hiomlán san obair seo. Creidim gur fiú spás súgartha a thabhairt do pháistí atá ag fulaingt.
Creidim go ndéanann sé difríocht, agus creidim go bhfuil cumhacht ollmhór ag gáire agus spraoi chun daoine a shlánú.
Ióga a shábháil mé ó thinneas meabhrach agus coirp
Is é ióga an uirlis a úsáidim chun tacú le mo shláinte – sláinte choirp, mheoin agus anama.
Thosaigh mé á dhéanamh cúpla bliain ó shin ach thóg sé tamall orm na buntáistí meoin agus anama a mhothú. Shábháil sé mé ó thinneas meabhrach agus ó thinneas coirp (is minic an dá rud ceangailte lena chéile).
Chuaigh mé go dtí an Ind ar feadh trí mhí ag tús na bliana seo agus chuaigh sé i bhfeidhm orm go mór. San Iarthar, déanaimid deighilt idir an meon agus an corp.
Cruthaíonn an scoilt sin féin tinneas.
Cuireann ióga ar ais san am i láthair thú agus ar ais i do chorp féin, seachas a bheith i gcónaí i do chloigeann amháin.
Déanaim ióga beagnach chuile lá.
Uaireanta bím ar mo mhata ióga ar feadh uair go leith, uaireanta eile cúig nóiméad déag.
Braitheann sé ar mo sceideal, ach bím i gcónaí ag tnúth leis.
Tá leabhar sa ghrianghraf chomh maith: Yoga for a World Out of Balance le Michael Stone.
Is múinteoir ióga agus machnaimh é Michael Stone, agus is breá liom a chuid scríbhneoireachta agus podchraolta.
Ceanglaíonn sé traidisiún ióga an oirthir le fadhbanna nua-aimseartha an iarthair.
Ní ar an mata amháin a tharlaíonn ióga!