Is mír nua í seo ar NÓS ina mbreathnaíonn muid trí shúile Ghaeil bhreátha ár linne le trí phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol.
Oibríonn Proinsias Ó Coinn ar an chlár raidió Blas ar BBC Raidió Uladh agus lá amháin san obair, tháinig tinneas air a d’fhág san ospidéal é ar feadh beagnach coicíse.
I ndiaidh cúpla babhta tinnis, tá dearcadh dearfach go fóill aige ar an saol mór, rud atá tábhachtach dó agus é ar bhealach a sheanléime arís.
An chéad tiúb
Seo an chéad tiúb a cuireadh ionam nuair a chuaigh mé isteach in ospidéal i mBéal Feirste ag deireadh mhí na Bealtaine le pian mhillteanach i m’abdóman.
An t-aon dóigh leis an phian a mhíniú ná gur mhothaigh mé go raibh m’abdóman ar tí a phléasctha.
I ndiaidh scanáil CAT agus fanacht 5 lá, fuarthas amach go raibh bac i m’inne (bowel) mar gheall ar ghreamán (adhesion) a d’fhorbair ó obráid a bhí agam bliain go leith ó shin le m’aipindic a bhaint amach.
Stróic mé m’ae agus mé ag sciáil cúpla bliain ó shin agus mar sin, sílim gur fíor a rá nach mise an duine is ádhúla ó thaobh na sláinte de, ach ag an am céanna, is duine fíor-ádhúil mé mar gheall ar an dearcadh atá agam ar an saol.
Ní chreidim go dtarlaíonn gach rud ar mhaithe le cúis ar leith, ach nuair a bhíonn eispéiris mar seo agam, bím dóchasach go dtiocfaidh rud dearfach amach astu – agus sin a tharla go dtí seo.
B’fhéidir go nglacfadh sé roinnt blianta tabhairt faoi deara cad é go díreach an rud dearfach atá i gceist, ach cuidíonn an dóchas liom déileáil leis an phian intinne agus choirp ag an am.
Mar shampla, aisteach go leor, nuair a thitfidh mé i ngrá le duine amach anseo, creidim gur cuid den turas go dtí an duine sin í an obráid seo.
Nílim ag rá gur fiú nó gur ceart an fhulaingt i gcónaí, agus is minic mé ag streachailt sna tréimhsí seo, ach b’fhearr liom dóchas a bheith agam ná ligean don fhulaingt an lámh in uachtar a fháil orm.
Mise agus Kay
Tá orm anois dul chuig an bhanaltra gach darna lá leis an chneá (wound) a chóiriú.
Seo Kay, agus tá sé tábhachtach dom an oiread measa atá agam ar bhanaltraí agus ar an obair a dhéanann siad a chur in iúl.
Tá buíochas speisialta ag gabháil de na banaltraí uilig a chuidigh liom san ospidéal agus atá go fóill ag cuidiú liom ó tháinig mé amach.
Chonaic mé, an iarraidh seo go háirithe, cé chomh crua a oibríonn siad, gan stad gan staonadh.
Níor stop siad agus mé ann.
Tá a fhios agam go mbíonn na dochtúirí ag obair go crua chomh maith; is mór an meas atá agam orthusan fosta.
Ach is iad na banaltraí a bhíonn mar chrann taca ag an othar, i mo bharúilse.
Bhí seisear ar an bharda ina a raibh mé féin agus is annamh nach raibh duine againn ag lorg cuidiú le siúl chuig an leithreas, tuilleadh pianmhúchán nó piliúr eile.
An oíche a bhí an obráid agam, b’éigean tiúb a chur síos mo shrón, síos mo scornach agus isteach i mo bholg leis an domlas (bile) a thaoscadh.
Is dócha gurb iad na bomaití is measa i mo shaol iad, b’fhéidir, ach is cuimhin liom go maith gur ghlac an banaltra mo lámh agus gur lig sí dom a lámh siúd a fháisceadh go teann.
Ba é an gníomh beag simplí sin a thug an láidreacht dom dul tríd an chuid eile den ghnáthamh.
Mo Mhamaí
Seo mo mham réidh le mo stocaí a chur orm.
Leis an fhírinne a dhéanamh, ní thugaim go leor buíochais di as an mhéid a dhéanann sí dom agus mar sin, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl di anois.
Thanks, Mom.
(Tá sé níos fusa é seo a scríobh ná a rá os ard ach ní labhraíonn mo mham Gaeilge, mar sin beidh sí ag iarraidh orm é seo uilig a aistriú di.)
Sílim gur fíor a rá gur dream ar leith iad na ‘Irish mammies’ agus tá a fhios agam go bhfuil an t-ádh orm maidir le mo mham féin.
Chaill mé cloch go leith nuair a bhí mé san ospidéal agus mar sin, tá mo mham ar misean le mé a ramhrú.
Ní hamháin sin ach, mar a luaigh mé, tá uirthi mo stocaí agus bróga a chur orm fiú, chomh maith le liosta mór fada de rudaí eile.
Imíonn aon ego atá agat i gcásanna mar seo agus tagann an buíochas go bhfuil daoine mar seo agat i do shaol.
Mo radharc álainn
Trí phictiúr atá i gceist leis an mhír seo ach mhothaigh mé gur fiú an radharc álainn seo a chur san áireamh ó mo theach sa bhaile i nDeisceart Ard Mhacha.
Beidh mé ar ais ar mo sheanléim gan mhoill agus ní thig liom smaoineamh ar áit ar bith níos fearr leis sin a dhéanamh.