Sa mhÃr seo breathnaÃonn muid trà shúile Ghaeil bhreátha ár linne le 3 phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol.
Is bean ildánach à Siobhán Nà ChÃobháin a bhÃonn ag obair sna meáin agus atá ag cur fúithi i Nua-Eabhrac.
Is é an trÃú baile ag Siobhán é, a d’fhág slán lena ceantar dúchais i gCiarraà agus lena saol i mBéal Feirste sular bhog sà anonn.
NÃl a fhios aici go dÃreach cad atá os a comhair amach, ach tá sà ag baint taitneamh as an turas agus as an uile iontas atá ag teacht a treo.
Mo bhaile
Rugadh agus tógadh mé ar an MuirÃoch, taobh amuigh den Daingean.
Seo Trá na MuirÃ, in aice thigh mo thuismitheoirÃ.
Is à an áit is deise ar domhan Ã.
Is é mo bhaile domsa é.
Pé áit a dtéim timpeall an domhain, is à seo an áit atá gar do mo chroÃ.
Má thiteann an tóin as gach rud i mo shaol, seo an áit a bhfaighim suaimhneas.
Cuan sÃochána is ea é agus an áit is mó maitheasa do m’anam.
Anois, dá mbeadh an aimsir nÃos fearr ann… ach sin scéal eile.
An Tarna Baile
Chaith mé 9 mbliana ag maireachtaint i mBéal Feirste.
Is é Béal Feirste an tarna baile atá agam.
Ba dheacair dom pictiúr a roghnú a léireodh an saol a bhà agam ann.
Bhà an-am agam ag maireachtaint sa chathair cois cuain: cairde, obair, dul amach, na cóisirà ar fad a bhà againn sa teach.
Tá mé lán de ghrá don tarna baile agam.
Ins an phictiúr seo, tá mé i mo sheasamh le teastas a bronnadh orm tar éis dom 6 bliana a chaitheamh ag obair go deonach leis na Samáraigh.
Tá mé chomh bródúil as an obair a dhein mé leo.
Nà raibh sé éasca.
BhÃos ag obair trÃd an oÃche, ag an deireadh seachtaine, tar éis lá fada oibre, ach bhà an obair a dhein mé an-tábhachtach.
Bhà mé in ann tacaÃocht a thabhairt do dhaoine a bhà ag fulaingt agus i dtrioblóid, daoine a bhà in Ãsle brÃ, daoine a bhà ag smaoineamh ar lámh a chur ina mbás féin.
Chabhraigh an obair seo liom éisteacht nÃos fearr, a bheith i mo chara nÃos fearr, a bheith ábalta tacaÃocht a thabhairt do dhaoine.
Chomh maith leis sin, réitigh mé go maith leis na hoibrithe deonacha a bhà ag obair liom.
Ba mhór an phribhléid obair taobh le roinnt de na daoine is deise dár casadh orm riamh.
An baile i láthair na huaire
Bhog mé go Nua-Eabhrac i mà Dheireadh Fómhair.
Seo mé ag siúl trasna Dhroichead Brooklyn.
Is breá liom an pictiúr seo.
Thóg mo chara Andrea é i ngan fhios dom.
Is é seo an baile nua atá agam.
Tá mé ag siúl i dtreo Manhattan.
NÃl a fhios agam cad go dÃreach atá os mo chomhair, ach táim ag baint taitneamh as an turas agus ag súil leis an uile iontas atá ag teacht i mo threo-sa.
Is áit iontach à Nua-Eabhrac, lán le daoine, deiseanna agus pÃotsa den scoth.
Uaireanta bÃonn sé deacair; cronaÃm mo chéad bhaile, an MhuirÃoch, agus mo theaghlach, agus uaireanta eile, bÃm uaigneach i ndiaidh an tarna baile, Béal Feirste, agus na gcairde atá agam ansin.
Ach tá an cinneadh déanta agam.
Is i Nua-Eabhrac atá mo shaol faoi láthair, agus nach orm atá an t-ádh!
Nà bheinn anseo gan an méid a d’fhoghlaim mé ar an MuirÃoch agus i mBéal Feirste.
Mhúin siad féinmhuinÃn dom, agus gan sin nà bheinn ábalta a bheith anseo, ag spraoi san Úll Mór.