Trí Shúile – Stiofán Seoighe

Sa mhír seo breathnaíonn muid trí shúile Ghaeil bhreátha ár linne le 3 phictiúr atá roghnaithe acu a thugann léargas dúinn ar a saol.

Agus a cheamara ina sheilbh aige, leanann muid Stiofán Seoighe agus a gcuid eachtraí go Bilbo, Tír na mBascach, áit ar chaith sé bliain i mbun staidéir; go Dúiche Sheoigheach i gConamara, an cúinne is ansa leis ar domhan; agus ar aghaidh go páirceanna imeartha an Chladaigh i nGaillimh do sheisiún traenála le Gaeil na Gaillimhe!


1. Tír na mBascach

Thóg mé an pictiúr seo agus mé ag obair in Bilbo, Tír na mBascach, cúpla bliain ó shin.

Is í cathair Bilbo an chathair is fearr liom (i ndiaidh Chathair na dTreabh, dar ndóigh!) agus tá roinnt mhaith ama caite agam ann ó bhí mé ann den chéad uair ar bhliain Erasmus in 2010.

Measaim go dtugann an pictiúr seo spléachadh ar áilleacht na cathrach agus an cheantair máguaird le luí na gréine.

Roinneann abhainn an Nerbioi an chathair ina dá leath agus ar bhruach na habhann anseo feictear músaem clúiteach an Guggenheim agus taobh leis, an Maman, damhán alla cré-umha naoi méadar ar airde!

Tá an chathair neadaithe i ngleann agus is féidir sléibhte an ghleanna a fheiceáil sa chúlra.

De bharr shuíomh na cathrach, faraor, bíonn sé ag cur fearthainne go mion minic.

Tá focal ar leith ag na Bilbotarrak ar an gcineál fliuchbháistí a chlúdaíonn a gcathair: txirimiri.

Tá cion agam ar chultúr, ar theanga agus ar mhuintir Euskal Herria, gan trácht ar an bhfíon dearg ná ar pintxos blasta na mBascach, agus tá mé ag dúil le seachtain nó dhó a chaitheamh ann arís i rith an tsamhraidh.


2. Dúiche Sheoigheach

Seo pictiúr den cheantar is ansa liom ar chlár talún, Dúiche Sheoigheach i dtuaisceart Chonamara.

Glacadh an grianghraf seo ar mhullach Leic Aimhréidh agus is aoibhinn liom an radharc fairsing de thírdhreach an cheantair a fhaightear sa phictiúr áirid seo.

Rugadh mo Dhaideo ar an gCeathrú Gharbh (an clibín tithe i lár an phictiúir) agus rugadh mo Mhamó i gCorr na Móna, cúpla míle soir.

Cé go bhfuileadar ag tabhairt fúthu i gCathair na Gaillimhe leis na blianta fada, chaith mise agus mo dheartháireacha an-chuid ama i nGleann an Mháma agus muid inár stóicíní!

Is áit chiúin, iomálainn í agus ar lá breá gréine, mar a bhí ann agus mé féin agus mo chailín Sarah i mbun cnocadóireachta cúpla mí ó shin, is deacair í a shárú.

Is féidir Caisleán na Circe a fheiceáil ar oileán beag ag bun an phictiúir ar thaobh na láimhe deise.

Chaith Gráinne Mhaol seal sa chaisleán úd, agus chosain sí ó fhorsaí na Sasanach é sa 16ú hAois.


3. Gaeil na Gaillimhe

Is féidir fir chróga Ghaeil na Gaillimhe a fheiceáil i mbun traenála ar an gCladach sa ghrianghraf seo.

Táimse gortaithe faoi láthair agus dá bharr sin is maor uisce agus grianghrafadóir na foirne mé agus mé ar díthreoir!

Bunaíodh an cumann anuraidh agus táimid ag dul ó neart go neart ó shin i leith.

I láthair na huaire tá dhá fhoireann againn, foireann na mban agus foireann na bhfear, ach is mian linn fás agus forbairt a dhéanamh sna blianta amach romhainn.

Tá pobal bríomhar, spleodrach agus Gaelach cruthaithe againn i gceartlár Chathair na Gaillimhe agus is iontach an rud é sin toisc líon na nGael atá ag maireachtáil ann.

Tá sé ríthábhachtach go mbeadh deiseanna ag daoine óga an Ghaeilge a úsáid go sóisialta agus caidrimh nua a fhorbairt trí mheán na teanga, agus go nuige seo tá Gaeilgeoirí as gach cearn den domhan meallta ag an gcumann.

Sheolamar feachtas iFundraise cúpla seachtain ó shin agus is féidir breis eolais a fháil faoin bhfeachtas sin ach cuairt a thabhairt ar an suíomh gréasáin ag an nasc seo.

Na Gaeil Abú!

SCÉALTA EILE