‘Tugann an t-aonrú saoirse áirithe dom’

Sula gcuirim peann le pár, caithfidh mé a rá nach alt é seo ar ‘na ceachtanna atá foghlamtha agam le linn na dianghlasála’, ceachtanna a chabhróidh liom gach fadhb a réiteach amach anseo – níl freagraí na gceisteanna sin agam, agus níl comhairle le cur ar éinne agam. 

Aon uair a bhím faoi bhrú nó ag deireadh na feide, téim ag rith, éistim le RTÉ Raidió  na Gaeltachta nó cuirim glaoch ar mo chara Bláithín.  Sin é – agus ní mholfainn é sin ar fhaitíos go mbeadh an iomarca daoine ag cur isteach ar Bhláithín bhocht.

Ar aon nós — scríobhfaidh mé ar mo thaithí phearsanta, agus tá súil agam go dtaitneoidh sin leat, a léitheoir. Bíonn iontas orm i gcónaí faoin gcaoi a ndeachaigh an galar seo i bhfeidhm ar an domhan mór, ar athraigh sé an tsochaí, ar thaispeáin sé luach rudaí áirithe, agus gur nocht sé chomh maith gur chuir muid an iomarca tábhachta ar rudaí eile. 

Mar Éireannach a bhfuil cónaí air thar lear, eachtra thobann a bhí sa dianghlasáil, a chuir isteach go mór ar sheasmhacht an tsaoil agus ar an gcumhacht atá agam air sin. Tá blianta caite agam ag cur fúm à l’étranger, ach níor mhothaigh mé mar ‘eachtrannach’ ná ‘imeallach’ ar an gcoigríoch riamh. Bhí sé ar chúl mo chinn agam i gcónaí nach mbeadh ach eitilt uair go leith ann le filleadh ar Éirinn. Thagainn abhaile le dul ar bhainiseacha, ar choisirí, agus araile. 

Mhothaigh mé mar Éireannach, ar nós mo chairde in Éirinn, ach go raibh difear beag ann eadrainn – go raibh cónaí orm i dtír eile. 

Agus na teorannacha dúnta, agus srianta orainn ar fad, athrú ollmhór a bhí ann dom. Bhí deighilt, idir fhisiciúil agus mheafarach ann, agus ba léir dom den chéad uair gurbh fhada an t-achar idir mé agus Éire, idir mé agus mo dhúchas, idir mé agus mo thír.

Tá an chuairt ar an mbaile níos tábhachtaí dom i mbliana dá bharr. Faoi láthair agus an t-alt seo á scríobh agam, táim suite faoi sholas éadrom an Chláir, radharc na mara os mo chomhair agus tafann ár (ceithre) madraí i mo chluas.  

Bainim taitneamh agus pléisiúr as rudaí fánacha nár thug mé faoi deara cheana – eitilt na n-éan, obair ar an bhfeirm, boladh na mbláthanna. Táim fillte ar m’óige le linn na cuairte seo. Cuireann ciúnas an bhaile ar mo sháimhín só mé, le hais na gcuairteanna eile a thug mé ag an mbaile agus a chuir leadrán orm.  

Sna blianta a tháinig romhainn, mhothaigh mé ‘sáinnithe’ ag an mbaile, gan ghluaisteán agus gan áiseanna in aice láimhe. Anois, mothaím go dtugann an t-aonrú, an iargúltacht, seo saoirse áirithe dom — faoiseamh ó thrácht ghlórach agus gluaiseacht fhuinniúil na cathrach. 

Deirtear go minic go bhfuil ‘new normal’ againn anois. D’aontóinn go bhfuil an saol agus a bhfuil ann athruithe ó bhun. Taitníonn rudaí liom inniu a chuir isteach orm bliain ó shin. Aon uair a smaoinigh mé ar filleadh ar Éirinn, mheabhraigh mé dom féin gur ‘glas iad na cnoic i bhfad uainn’. Anois agus mé tagtha chomh fada leis an gcnoc céanna, an bhfuil sé níos glaise arís ná mar a cheap mé?