Tuige a bhfuil canúint na hÉireann ar na canúintí is mealltaí?

Sa chéad chuid dá leabhar nua The Prodigal Tongue luann an t-údar Meiriceánach Lynne Murphy go bhfuil an-ómós ag a comhshaoránaigh don chanúint Bhriotanach toisc go samhlaítear fós ina n-aigne siúd í leis an uasaicme — tithe mainéir, scoileanna cónaithe, agus an teaghlach ríoga.

Craoltar go leor clár teilifíse faoin uasaicme i Meiriceá agus tá an-tóir orthu. I gcodarsnacht leis seo, níl mórán suime ag Meiriceánaigh féachaint ar dhrámaí faoin lucht oibre sa bhunleagan Sasanach agus is gá iad a athlonnú i Meiriceá agus iad a athdhéanamh le foireann aisteoireachta Mheiriceánach chun iad a chur in oiriúint dóibh. 

Is cosúil nach mian le Meiriceánaigh breathnú ar chláir a bhaineann le Sasanaigh nach bhfuil go maith as. B’fhearr leo féachaint ar na huaisle a bhfuil urraim acu dá gcanúint agus dá stíl mhaireachtála.

Deir Lynne Murphy gur cuid de “choimpléasc ísleachta” na Meiriceánach é an t-ómós stairiúil atá acu don chanúint thraidisiúnta uasaicmeach. Is minic a cheapann Meiriceánaigh go bhfuil rud éigin easnamhach faoina gcuid Béarla féin agus bíonn ceann faoi orthu i gcomhluadar na mBriotanach dá bharr. Ina súile siúd, bíonn blas níos sofaisticiúla ar an mBéarla a thagann ó bhéal na Sasanach. Is sochar mór é canúint Shasanach a bheith agat i Meiriceá, mar sin: samhlaítear breis éirime, muiníne agus uaillmhéine leat.

Ach i dtreo dheireadh The Prodigal Tongue, luann Murphy suirbhéanna a rinneadh le déanaí a thugann le fios go bhfuil meon níos casta ag na Meiriceánaigh i leith na canúna Briotanaí ná mar a cheapfá ar an gcéad amharc. 

Deir na rannpháirtithe Meiriceánacha go bhfuil canúint Shasana “cultúrtha” agus “léannta”, ach ag an am céanna luann siad tréithe diúltacha leis freisin: síleann siad go bhfuil “sotal” agus “éirí in airde” ag baint leis na glórtha Sasanacha a chloiseann siad. 

Anuas air sin, ní buntáiste é i gcónaí blas “cultúrtha” nó “léannta” a bheith ar do chuid cainte sna Stáit Aontaithe. Go deimhin, i dtír a chuireann béim ar an tseiftiúlacht agus ar an gcomhionannas, bíonn níos mó measa ann don té atá “glic” seachas “léannta”. An té atá “glic”, ceaptar go bhfuil sé níos géarchúisí agus níos oilte i gcúrsaí an tsaoil ná an té “léannta” a bhfuil a cheann sa spéir aige — is as Meiriceá a thagann na téarmaí díspeagúla ‘egghead’ agus ‘nerd‘ do dhaoine intleachtúla. 

n ainneoin go samhlaíonn na Meiriceánaigh stádas ard sóisialta leis an gcanúint Shasanach, mar sin, ní dóigh leo go bhfuil sí iontaofa, cairdiúil nó macánta. Bheadh drogall ar Mheiriceánach cairdeas a dhéanamh leis an té a bhfuil tuin Shasanach ar a chuid cainte, de réir dealraimh. 

Anuas air sin, de réir mar atá níos mó taistil agus cumarsáide á dhéanamh idir Sasana agus Meiriceá inár linn féin, tá an chanúint Bhriotanach tar éis roinnt dá cuid draíochta a chailliúint. Feictear do na Meiriceánaigh anois nach bhfuil tithe mainéir acu siúd ar fad a bhfuil canúint Shasanach acu. De réir mar atá cumhacht, stádas agus saibhreas na Stát Aontaithe imithe i méid, níl an fonn céanna orthu sodar i ndiaidh na Sasanach ar aon chaoi

Tá cion níos mó ag na Meiriceánaigh ar chanúintí na hÉireann agus na hAstráile leis na blianta beaga anuas mar tá blas aduain orthu go fóill ach ní shamhlaítear éirí in airde nó aon rud sleamhain leo. Rud eile a chuireann le dea-chlú ár gcanúna féin ná na haisteoirí mealltacha Éireannacha atá tagtha ar an bhfód agus na carachtair bháúla Éireannacha atá le feiceáil i scannáin agus i gcláir theilifíse mór le rá le tamall anuas.

I gcodarsnacht leis seo, baineann léiritheoirí Hollywood leas éifeachtach as an steiréitíopa go bhfuil rud éigin amhrasach ag baint le canúint Shasanach trí bhlas Oxford a chur ar chaint “lucht an oilc” ina gcuid scannán, fiú más rud é go bhfuil siad in ainm is a bheith ina Naitsithe nó ina Sean-Rómhánaigh.  

SCÉALTA EILE