Tuige an mbeadh duine ar bith ag iarraidh ‘babaí siúcra’ a bheith aige?

Cad é do bharúil, a léitheoir dhil, faoi sugar daddys? 

Sílim go bhfuil achan duine againn, is cuma más bean, fear nó eile thú, ag iarraidh go mbeadh duine éigin ag ceannach rudaí dúinn. B’fhearr i bhfad, ar ndóigh, go mbeadh an duine sin ar an taobh iomlán eile den domhan agus go mbeinn féin ag úsáid grianghraf a ghoid mé ó Google le dul le m’ainm nua bréagach coimhthíoch ar nós Crystal, Angel Nevaeh (Heaven litrithe droim ar ais). 

Cuireann an coincheap ar fad an ghruaig ina seasamh orm agus mé fiú ag smaoineamh faoi ligean d’fhear rudaí a cheannach dom agus baol ann go mbeadh orm ‘rudaí’ a thabhairt ar ais dó. Tuigim go minic nach mbíonn rudaí gnéasúla i gceist ach ní féidir a bheith róchinnte. 

Ansin tá an cheist ann maidir le cad a fhaigheann tú uathu? An nglactar leis go bhfuil cead agat rudaí praiticiúla a iarraidh? Seans níos mó go mbeinn ag iarraidh go n-íocfadh sé cúpla bille dom ná go gceannódh sé an botox. B’fhearr liom cíos bliana ná cíocha bréagacha. Agus dá mbeadh sé ag iarraidh dul thar fóir leis, thiocfadh leis siopadóireacht na seachtaine a fháil dom ó M&S in áit Lidl. 

Is dócha go bhfuil mé cúngaigeanta mar gheall nach dtuigim cad chuige an mbeadh duine ar bith ag iarraidh ‘babaí siúcra’ a bheith aige agus rudaí a fháil di. An mbaineann sé le cumhacht a bheith acu? Nó an é go bhfuil siad iarraidh a bheith in ann aire a thabhairt do dhuine éigin? 

Bíonn na deacrachtaí tuisceana céanna agam nuair a iarrann fear orm ‘daddy’ a thabhairt air sa leaba. Níor tharla sé ach uair nó dhó dom go fóill agus dhiúltaigh mé glan é a rá. Sa chéad dul síos, cuireann achan duine i nDoire ‘daddy’ ar ár n-aithreacha, mise san áireamh, agus tá sin ar an fhrithghiniúint is fearr dá bhfuil ann.

Ní dóigh liom go mothóinn chomh difriúil sin faoi fiú dá gcuirfinn ainm eile ar mo dhaidí mar ní dóigh liom go bhfuil mise compordach go leor i mo chorp féin agus ionam féin an chumhacht sin a thabhairt do dhuine agus muid i mbun gnímh. Ach seans go dtagann sin nuair atá tú i gcaidreamh sláintiúil agus ní nuair atá tú sna luathfhichidí agus ag bualadh craicinn is ag bualadh bóthair.

Bun agus barr an scéil a chairde, má tá sé de phléisiúir ag duine ar bith agaibh craiceann a bhualadh liom amach anseo, ná iarr orm Daidí a chur ort. 

P.s. Daddy, má tá seo á léamh agat, tá fíor-bhrón orm. 

SCÉALTA EILE