An dtarlaíonn sé duit riamh go bhfoghlaimíonn tú focal nó frása nua agus go gcluineann tú achan áit é ó shin ar aghaidh? Nó labhraíonn tú faoi rud éigin le cara agus an chéad rud eile labhraíonn daoine eile leat faoi agus bíonn tú cineál freakáilte amach faoi? Anois níl mé ag caint faoi Facebook a bheith ag éisteacht leat agus ag taispeáint fógraí duit do na rudaí a raibh tú ag caint fúthu, cé go mbím freakáilte amach go minic aige sin.
Ní raibh an focal ‘athló’ agam go dtí go raibh an sneachta mór sin ann anuraidh agus ó shin i léith tá an chuma ar an scéal go bhfuil achan uile rud curtha ar athló.
Mar a dhéanaimse go minic nuair a fhoghlaimím focal nua sa Ghaeilge, níor bhac mé lena sheiceáil san fhoclóir agus ghlac mé leis gur bhain an focal níos mó le himeachtaí a chur siar cúpla seachtain ná le rudaí a chur ar an mhéar fhada.
Bhí mé ag iarraidh creidiúint gur ceann de focail siúd a bhí ann a fheiceann tú ar alt Buzzfeed “10 focal Gearmáinise nach ann dóibh sa Bhéarla” mar gheall gur bhain sé díreach le himeachtaí agus shíl mé gur léargas iontach a bhí anseo ar an tábhacht a bhain le saol sóisialta na hÉireann agus nach iontach muid srl, srl.
Chuardaigh mé ‘athló’ i Teanglann.ie agus tugadh le fios dom, ní hamháin gur ann don fhocal sa Bhéarla ach gur féidir é a úsáid fá choinne níos mó ná imeachtaí amháin.
Tá mé in ann é a úsáid anois agus mé a rá go bhfuil mé ag moilleadóireacht agus cuireann sé mé ag mothú giota beag níos fearr faoin ghnó é féin a dhéanamh anois.
Inniu dúirt mé liom féin go gcuirfidh mé glanadh mo sheomra ‘ar athló’ agus mé ag foghlaim cén dóigh lúb iompaithe cniotála a dhéanamh ó YouTube agus níor mhothaigh mé chomh ciontach céanna as an mhaidin a chur amú.
Tá aiste á cur ar an mhéar fhada agam le cúpla seachtain anuas agus deirim an frása draíochtúil sin liom féin nuair a smaoiním faoi agus níl an eagla chéanna orm roimhe is a bhí.
Is dócha, ar bhealach, go bhfuil mé i ndiaidh tuiscint a fháil ar an chumhacht atá ag na focail a úsáidim agus na rudaí a deirim liom féin agus nach dtiocfaidh feabhas ar na fadhbanna meabhairshláinte atá agam go n-athraím an drochnós seo.
Agus fiú agus mé á rá seo liom féin, deirim rudaí ar nós, “Oibreoidh sé ar dtús agus ach ní leanfaidh mé leis” nó “beidh drochlá amháin agam agus titfidh rudaí as a chéile arís”. Ní dóigh liom go dtuigim go fóill cén dóigh an guth diúltach sin a chiúnú.
D’inis an síceolaí dom tamall ó shin gur féidir fáil réidh leis agus guth dearfach a chothú a labhraíonn níos airde agus níos muiníní ná an ceann diúltach. Deir sí go nglacfaidh sé am agus obair chrua, dhá rud a chuireann eagla orm, ach gur féidir é a dhéanamh.
Tá an aimsir ag feabhsú anois agus níl ach dhá mhí fágtha go mbeidh uallach na hollscoile curtha díom agus ní fada go mbeidh mé i bhfad níos éadroma ionam féin le tabhairt faoin bhféin-aire seo. Cheannaigh mé dialann nua dom féin inniu le mo smaointe agus m’am a chur in ord agus tá sceitimíní orm toiseacht ag obair orm féin agus sult a bhaint as an saol arís.
Ach, mar a dúirt mé, tá dhá mhí iomlána fágtha againn san ollscoil mar sin seans go gcuirfidh mé ar athló é go bhfuil an dá mhí sin thart…