Uasal Burger + Bean King
Pósadh saor in aisce ón chomhlacht méarbhia


Níl bainiseacha saor – is fíric é sin.

Ach an mbeifeá sásta ligean do chomhlacht bia gasta íoc as do cheann féin mar éacht poiblíochta?

Sin go díreach a rinne Joel Burger agus Ashley King le déanaí nuair a pósadh iad in Illinois SAM.

Tar éis dóibh a ngealltanas pósta a fhógairt dá gcairde ar líne le pictiúr taobh amuigh den Burger King áitiúil, chuala an fathach méarbhia faoi, agus d’ofráil siad íoc as mar urraíocht.

Ashley-King-and-Joel-Burger-wedding

Cé go raibh an bhainis féin breá traidisiúnta don mhórchuid, bhí na haíonna lán sásta pictiúirí a thógáil agus corónacha páipéir BK á gcaitheamh acu, agus chaith na fir go léir t-léinte faoina gculaithe.

Fuair gach aoi dearbhán $10 fosta fiú!

Beifear ag súil le chéad pháiste na lánúine anois, áfach, le gur féidir le Ashley a rá go bhfuil ‘bonnóg san oigheann’ aici!

Seans go bhfuil deis ann do na Gaeil anois fosta: N’fheadar an bhfuil duine ar bith de mhuintir Mhic Dhomhnaill i ndiaidh dul i dteagmháil le Ronald McDonald go fóill?