‘Údar dóchais é áis tuairiscithe ionsaithe gnéis OÉ Gaillimh’

Shiúil mé ón ollscoil go Bóthar na Trá i nGaillimh aréir agus cé nach raibh sé déanach ná fuar go deimhin, chaith mé geansaí agus cóta mór in éineacht le hata agus fós cuireadh as dom ar an tsráid. Tráthúil go maith, bhuail mé le mo dheartháir leath bealaigh agus shiúil sé liom an chuid eile den bhealach, mar bhí faitíos orm.

Ach faraor, níl deartháir mór ag gach cailín chun í a thionlacan chuig áiteacha go sábháilte. Tá sé éasca a rá tacsaí a fháil ach tá na céadta cásanna de chailíní a fuadaíodh nó éigníodh i dtacsaithe agus anois tá drogall ar go leor a muinín a chur sna tiománaithe. Is féidir bus a fháil, ach caithfidh tú siúl chuig an stop leat féin, agus má bhíonn tú ag teacht abhaile déanach san oíche, is minic nach mbíonn bus ar fáil ar aon nós. Seo iad na rudaí a mbíonn mná go síoraí ag smaoineamh orthu.

Anuas air seo, tá fadhb ollmhór le spíceáil faoi láthair. Tá scéalta cloiste ag gach cailín an tseachtain seo faoin bhfadhb nua sa mBreatain, áit a bhfuil daoine ag tabhairt snáthaidí do chailíní  ngan fhios i gclubanna oíche. Tá pictiúir feicthe agam ar na meáin shóisialta den lorg a fhágann an tsnáthaid ar chailíní. Cailíní nach raibh ach ag iarradh dul amach ag damhsa lena gcuid cairde. 

Bhí muid ar fad ar bís nuair a chuala muid go raibh na clubanna le hathoscailt an tseachtain seo, ach mar gheall ar an bhfaitíos atá cothaithe ag an drochscéala seo, tá go leor cailíní ann nach bhfuil fonn orthu fiú dul amach. Nach uafásach an rud é nach mothaíonn siad sábháilte ina gcomhluadar féin, má théann siad amach chuig club oíche, ar fhaitíos go n-ionsófaí iad. 

Tá cailíní cheanna féin aireach faoi dhrugaí a cuirtear sna deochanna i gan fhios, ach le hinstealladh ní féidir rud ar bith a dhéanamh le thú féin a chosaint. Caithfear dlíthe agus rialacháin dhiana a chur i bhfeidhm i gclubanna faoi dhaoine a chuardach sula ligtear isteach iad.

Go fírinneach, ní féidir le cailíní gnáthoíche amach ar a suaimhneas  a bheith acu. Tá rialacha faoi leith ann atá muid ceaptha cloí leo agus muid ag dul amach agus fiú má chloíonn muid leis na rialacha ar fad sin, tá fós seans go n-ionsófaí muid. Ní haon iontas é nach n-airíonn mná óga sábháilte.

Mar sin, bhí mé dóchasach nuair a chuala mé gur fhógair an Ollscoil an tseachtain seo go raibh an tionscnamh “Speak Out” nó “Labhair Amach” ar siúl ar an gcampas. Is ardán tuairiscithe anaithnid ar líne é seo, le haghaidh eachtraí ar nós ionsaí gnéis agus foréigin.Tá an t-ardán ar fáil do mhic léinn agus foireann na hollscoile faoi láthair ach beidh sé le fáil i gcoláistí eile thar timpeall na tíre. Beidh liosta de na seirbhísí tacaíochta uilig ar fáil sula ndéantar tuairisciú.

Is léir gur gá sonraí a bhailiú ar na rátaí ionsaithe gnéis a déantar i gcoláistí agus ollscoileanna. Táthar ag súil ansin go mbainfidh an rialtas úsáid as an eolas seo le rud éigin a dhéanamh faoi chosaint a thabhairt do mhic léinn agus d’aon duine atá i mbaol san earnáil ardoideachais.  

Le cúnamh Dé, cuirfidh an t-ardán seo mic léinn agus foireann na hollscoile ar an eolas faoi áiseanna agus faoin tacaíocht faoi leith atá ar fáil. Chomh maith leis sin, tá súil agam go spreagadh sé daoine, cailíní go háirithe, labhairt amach faoi aon ionsaithe gnéis ná aon ionsaí eile a déantar orthu, cibé cé chomh beag is a bhí sé. Maidir liomsa, ní bheidh mise ag déanamh aon aistear liom féin sa dorchadas gan chomhluadar arís, más féidir liom é a sheachaint.

SCÉALTA EILE