4 uair a’ chloig solais agus teocht -6°

Chuir an tírdhreach oighrithe fáilte shuntasach romhainn agus sinn ag teacht i dtír san Íoslainn. Bhíos anso chun freastal ar fhéile úrnua cheoil darbh ainm ‘Norður og Niður’ a bhí á eagrú ag an mbanna rac Sigur Rós. Bhí an fhéile ar siúl idir 26 – 31 Nollaig. Cé go raibh iliomad cineálacha ceoil agus ealaíon le bheith ar siúl i rith na féile, bhraitheas go n-oirfeadh an láthair don cheol timpeallach go háirithe. Ní bheadh ach ceithre huaire de sholas an lae ann gach lá. Bhí boladh láidir an tsulfair san aer a luaithe is a d’fhágamar an t-aerfort, boladh a chuir in iúl dúinn go rabhamar in áit fé leith.

Baintear feidhm as foinsí nádúrtha i gcomhair an uisce the agus bíonn an boladh céanna go tréan sa chith dá bharr. Seans go gcailltear cuid de dhraíocht na tíre duit nuair a bholaíonn tú meascán de do ghallúnach cithfholctha eocalaipe agus uibheacha lofa, ach nach suimiúla i bhfad é fós i gcomparáid leis an gcóras leadránach teasa atá againne in Éirinn.

Is í an Ghaeilge ar ‘Norður og Niður’, de réir bhunbhrí na bhfocal, ná ‘dul ó thuaidh agus síos’. Ach is cruinne a rá gurb é brí na bhfocal ná go bhfuil cúrsaí imithe ar an bhfaraor géar. Bhíos ag súil nach mbeadh an fhéile ar aon dul lena teideal mar sin. Chomh maith le gig de chuid Sigur Rós féin gach tráthnóna, bhí ceoltóirí eile mór le rá ag seinm ag an bhféile, ina measc bhí amiina, Mogwai, Peaches, Dan Deacon, Jarvis Cocker, Dustin O’Halloran agus go leor nach iad. Agus ticéad lae don 29 Nollaig i mo ghlac agam, bhíos ag tnúth leis na himeachtaí ar fad.

Bhí gach rud ar siúl in Harpa, foirgneamh breá mór agus lárionad na n-ealaíon san Íoslainn. Bhí ciall nach beag leis an ócáid a choimeád in aon áit amháin. Suite i gcroílár Reykjavík, an phríomhchathair is faide ó thuaidh ar domhan, ní raibh ar chuairteoirí dul amach faoin bhfuacht le déileáil leis an teocht -6° agus iad ag dul ó ghig go gig. Bhíothas in ann, leis, dul ó sheomra go seomra i rith an lae agus éisteacht leis na ceoltóirí a bhí ag seinm in áiteanna éagsúla ag an am céanna. D’fheil sé seo d’atmaisféar réchúiseach na féile.

Bhí lorg Sigur Rós ar an bhféile: bhí ‘Brassgat í bala’, nó ‘The Horny Brasstards’ mar a thugtar orthu i mBéarla, go seoigh. Is iadsan a chasann na huirlisí práis le Sigur Rós nuair a sheinnid mar bhanna mór. Tháinig Jónsi, amhránaí an bhanna, isteach i ndiaidh taispeántas de chlár faisnéise mar gheall ar a albam aonair chun ceisteanna a fhreagairt.

Seachas na rudaí a bhain le Sigur Rós go díreach, b’fhiú seit Dan Deacon a fheiscint toisc an tslí a chuireann sé an lucht féachana i lár an aonaigh agus a chuid ceoil leictreonaigh fé lánseol aige.

Ní ceol amháin a bhí ar siúl mar chuid den bhféile agus thapaíos an deis triail a bhaint as réaltacht fhíorúil, nó ‘VR’ mar is fearr aithne air, den chéad uair. Bheifeá i do shuí ag féachaint amach ar abhainn álainn, ar na héin agus a dtriall i bhfad i gcéin, an ghrian ag scoilteadh na gcloch. Ag féachaint ar scáileán a bheifeá, dar ndóigh, ach rud nua é domsa agus sos a bhí ann i measc an cheoil ar fad. Bhí seisiúin mhachnaimh ar siúl, leis, a thug faoiseamh do dhaoine idir na ceolchoirmeacha.

Ar theacht na hoíche, ámh, bhí borradh agus fuadar ann agus sinn ag bualadh isteach chuig Mogwai. Seit spleodrach a dheineadair agus bhíos sona sásta mar sin. Dhein Cat Myers sár-jab mar ionadaí ar na drumaí agus a ngnáthdhrumadóir Martin Bulloch as láthair agus a dhroim ag cur as dó. Má bhíonn deis agat dul chuig gig acu, téir agus beir leat na plugaí cluaise ionas go mbeidh an éisteacht fós agat ina ndiaidh. Bhíodar go diail.

Mholfainn d’éinne freastal ar an bhféile dá mbeidís in ann a bheith san Íoslainn ag an am. Slí cheolmhar as an ngnáth í chun na laethanta is giorra i rith an gheimhridh a chur díot agus an athbhliain a thabhairt isteach.

SCÉALTA EILE