Tá ilchríoch leitheadach leithleach Mheiriceá Theas ar an mhianliosta taistil ag go leor againn. Chomhlíon Órfhlaith Ní Chearnaigh a mian féin nuair a chuaigh sí ar aistear timpeall na mór-roinne le déanaí agus tá cur síos ar chúig cinn de bhuaicphointí a turais anseo thíos. Fiú muna bhfuil sé i gceist agat dul ann go luath, is fiú go mór léamh faoi na hiontais atá le fáil ar an taobh eile den fharraige mhór…
1. Buenos Aires – An Airgintín
Bhí a fhios agaibh go mbeadh sé seo ar an liosta, ach tá a clú tuillte ag príomhchathair na hAirgintíne.
Go simplí, tá sí dochreidte.
Ciallaíonn an éagsúlacht mhillteanach atá ar fáil sa chathair nach mbíonn easpa rudaí le déanamh inti, fiú dá stopfá coicís.
Ó La Boca go Palermo, ó San Telmo go Puerto Madero, tá saibhreas cultúrtha gach áit.
Mo mholtaí féin: Gabh chuig seó tangó le dinnéar – bíonn ceacht tangó san áireamh, agus bia blasta, ach an bhéim is mó ar an damhsa féin.
Tá sé an-speisialta ar fad.
Moladh eile san ardchathair seo ná cluiche peile áitiúil.
Ní leantóir sacair mé go pearsanta ach is eispéireas iomlán éagsúil é in El Monumental, agus an t-atmaisféar ceoil agus paisean mhuintir na háite ag cur luas le do chuisle.
Margadh San Telmo, Dé Domhnaigh – fiú mura gceannaíonn tú rud ar bith, beidh siamsaíocht saor in aisce agat, ag amharc ar na hearraí iontacha agus ag féachaint ar na daoine eile.
Fan go hoíche agus briseann seisiúin damhsa tangó amach ar na sráideanna, agus déanfar tú a tharraingt isteach.
Dála an scéil, tá tionchar na hÉireann le brath sa chathair chomh maith a bhuí leis an 500,000 Airgintíneach a bhfuil cúlra Gaelach acu.
William Brown as Maigh Eo a bhunaigh cabhlach na hAirgintíne agus tá dealbh ina onóir taobh an chalafoirt.
2. Paraty – An Bhrasaíl
Is baile ársa é seo, áit ar tugadh foghlaithe mara a gcuid earraí goidte fadó le haghaidh smuigleála.
Tá neart staire sa bhaile álainn é féin, ach dóibh siúd a bhfuil fonn eachtraíochta acu, gabh i dtreo na habhann deise, Penha, deich mbomaite taobh amuigh den bhaile.
Tá eas thar charraigeacha ann gur féidir sleamhnú síos, díreach mar a bheadh sleamhnán uisce nádúrtha ann.
Tá beanna ann fosta, agus thig leat léim de isteach i linn mhór dhomhain san abhainn, 16m thíos fút.
Is furasta bus a ghlacadh ó lár an bhaile, ar chostas cúpla real, agus is faoiseamh aoibhinn é an t-uisce fuar glan i dteas cruálach na Brasaíle.
Sa bhaile fosta is féidir dul amach ar na báid caipirinha, atá ainmnithe i ndiaidh an dí is cáiliúla sa Bhrasaíl agus atá le fáil ar bord.
Tugann na báid seo cuairt ar na hoileáin thart ar chósta na Brasaíle, agus a fhad is nach n-ólann tú barraíocht caipirinhas, beidh tú in ann dul ag snorcláil leis na héisc thrópaiceacha gach uair a stadann an long.
Sin rud nach féidir a rá chomh minic sin…
3. Pucón – An tSile
Is é Pucón an baile is mó ag cois an bholcáin cháiliúil, Villarrica, gar don teorainn leis an Airgintín.
Tá neart le déanamh ann, agus níl sé ach deich n-uair an chloig ó dheas ón phríomhchathair Santiago.
Sa gheimhreadh, tá sciáil mhaith ar fáil sa cheantar – agus ar an bholcán féin – ach sa chuid eile den bhliain is féidir Villarrica a dhreapadh, le spléachadh a fháil isteach ann (ní féidir fanacht níos mó ná tríocha bomaite áfach mar gheall ar an toit sulfair a thagann amach as an bholcán ghníomhach seo – ar ndóigh, phléasc sé nuair a bhí mé ann!)
Ón bharr, is féidir tobagan a thógáil anuas i rian lúise tríd an luaithreamhán bolcánach.
Eispéireas den scoth!
Ar na rudaí eile atá ar fáil i bPucón, tá raftú bánuisce den scoth, ziplíne tríd an choill, fánaíocht sna bolcáin eile sa cheantar agus cadhcáil ar an loch.
Ag deireadh an lae, ba chóir cuairt a thabhairt ar na foinsí teirmeacha agus scíth a thabhairt do do chuid matán nimhneach i linn cloiche faoi spéir ghlan na hoíche.
4. Na Réileáin Salainn – An Bholaiv
Ní tír í an Bholaiv atá iontach forbartha, agus mar sin de, ná bí ag tnúth leis an chaighdeán céanna brúnna is atá le fáil i dtíortha eile ar an mhór-roinn, go háirithe má roghnaíonn tú dul ar thuras ceithre lá thart ar réileáin ghoirt (salt plains) i ndeisceart na tíre.
Ní bheidh leictreachas, cithfholcadh ná wifi ann ar feadh an turais.
Sin ráite, is fiú go mór é – beidh neart eile mar chúiteamh, mar shampla an Laguna Colorada, viciúiní (vicuñas), lasairéain (flamingos), sléibhte iargúlta, alpacaí agus ná réileáin salainn féin – fásach ollmhór bán nach gcreideann tú go bhfeiceann tú féin é.
5. Camino de Inca – Peiriú
Seo ceann eile rí-shoiléir don liosta, ach arís, tá a cháil saothraithe aige.
Ní féidir liom friotal ceart a chur ar na mothúcháin a bhíonn ort agus tú i mbun na siúlóide seo – áthas, tuirse, scleondar, ionadh – ach is cothrom a rá nach ligfí síos thú má dhéanann tú é, rud a tharlaíonn le go leor de na heispéiris mhóra seo a bhíonn ag daoine ar a liostaí buicéid.
Tá sé deacair, ach tá gach céim den bhealach taitneamhach agus níl sé ar fad faoin cheann scríbe, an Machu Picchu maorga.
Tá neart le feiceáil agus le foghlaim ar an chosán, agus tá go leor ama ann le machnamh pearsa a dhéanamh, má bhuaileann an fonn thú.
Nó machnamh a dhéanamh ar an hIncigh a bhain sibhialtacht amach as na sléibhte arda sular scrios Eorpaigh eile a tháinig anseo romhat a modhanna maireachtála agus a gcóras saoil.
Téama coitianta é sin i Meiriceá Theas, an teagmháil gharbh ach spéisiúil úd idir an cultúr dúchais agus cultúr na hEorpa a chruthaíonn an éagsúlacht líoga atá le fáil ar fud na hilchríche iontaí seo.
Grianghraif le Marissa-Strniste, Otávio Nogueira, Carlos Adampol Galindo, Señor Hans agus Guillén Pérez.