5 Iontas in Amstardam

Idir an Red Light, córas canálacha na cathrach, teach baile Anne Frank, ailtireacht an Renaissance agus caiféanna cannabais, tá sé deacair Amstardam a shárú.

Lá agus oíche, is iomaí seoid a chuireann príomhchathair na hÍsiltíre ar fáil, í aitheanta ar cheann de na cathracha is liobrálaí san Eoraip.

Tá go leor tarraingtí rúnda sa chathair fosta agus agus cé atá níos fearr ná an treoraí Mark ó That Dam Guide chun a rogha de 5 iontas atá i bhfolach i gcathair ilchineálach Amstardam a lorg dúinn?


1) Músaem nua-ealaíne Stedelijk

Stedelijk

Ón Stedelijk, is féidir an scuaine mhór fhada a bhíonn lasmuigh de Mhúsaem Van Gogh ó mhaidin a fheiceáil.

Na bac le bheith ag cur bomaití luachmhara amú nuair is féidir a bheith ar do shuaimhneas sa Stedelijk, áit a bhfuil an réimse ealaíne is fairsinge agus is éagsúla ar fáil in aon teach amháin sa chathair.

Chomh maith leis an bhailiúchán seasta de shaothair Picasso, Kandinski, Matisse, Malevich agus Van Gogh, bíonn deartha de throscáin na hÍsiltíre ar taispeáint, fríd na blianta go dtí an lá inniu, atá thar a bheith spéisiúil.

Tugtar ardán d’ealaíontóirí nua atá ag teacht chun cinn chomh maith agus ní bheadh a fhios agat cad eile a d’fheicfeá ar do chuairt ann.


2) Micreaghrúdlann De Prael

De Paul

I bhfolach síos taobhshráid ó Warmoesstraat, ar imeall an Red Light, tiocfaidh tú ar an ghrúdlann is fearr, agus is lú, in Amstardam.

Cuireann micreaghrúdlann áitiúil De Prael rogha leathan beoracha den scoth ar fáil, a dhéantar ar an láthair, agus iad á ndíol ar phraghsanna an-réasúnta ar fad.

Gach Domhnach, is féidir uaireanta falsa an lae a chaitheamh go sultmhar ag éisteacht le snagcheol (2-5in) agus beoracha blasta na háite a shlogadh siar.


3) Micropia

maxresdefault

Cás le do mhiocróib!

Má tá sos ón chultúr uait b’fhiú cuairt a thabhairt ar Micropia, músaem eolaíochta a chuireann scéal na miocrób (microbes) i láthair.

Díríonn sé cuid mhaith ar na mílte billiún (1.5kg) miocrób a chónaíonn orainn, rud a chuirfidh fonn glanta ort láithreach.

Ó na miocróib a fhanann go foighneach ar do scuab fiacla go dtí an bhaictéir agus na víris a bhíonn á malartú agus muid ag pógadh, ag croitheadh láimhe nó cibé eile, d’fhéadfá trí huaire an chloig a chaitheamh in Micropia go furasta.

Ba thuras thar a bheith spéisiúil é seo dá dtabharfá cuairt ar chaife raithní roimhe.

Ní comhairle é sin, a chairde!


4) De Hallen

De hallen

Níl cathair níos fearr ar domhan ná Amstardam le bheith ag rothaíocht.

Fiú don té nach bhfuil mórán cleachtaidh acu, mholfainn triail a bhaint as.

Más beadaí thú, beidh tú cinnte ag iarraidh do rothar a thabhairt leat go ceannáras an bhia, suite ar an taobh thoir den chathair.

Is pálás de bhialanna agus de stálaí é De Hallen i bhfírinne, déanta de shean-stáisiún tram.

Cuirfear meascán mearaí de bhia áitiúil na hÍsiltíre agus bia na cruinne ar fáil anseo, 7 lá den tseachtain, cé gurb iad laethanta an deireadh seachtaine is fearr ó tharla an margadh ar bheith ann.

Bí ag súil le hard atmaisféar, tréan daoine agus ceol beo!


5) Dampkring

bowie2

An caifé céanna a bhí le feiceáil sa mhórscannán Oceans 12, is rogha mhaith é Dampkring – a chiallaíonn ‘atmaisféar’ go tráthúil – do dhuine nár chaith mórán raithní riamh.

Le foireann, mar aon le cat cairdiúil Bowie, (thuas), is áit í ‘Dampkring’ a d’fhéadfá uaireanta an lae a chur isteach ar do sháimhín só.

Ar cheann de na rudaí is fearr faoi, is féidir €5 a chaitheamh ar ghiota raithní, in áit gram iomlán a cheannach, mar a iarrtar ort a dhéanamh i go leor caifeanna eile.

Bí ag súil le táirge ar ardchaighdeán, idir bhrioscaí agus dhúidíní!


Tá turais threoraithe á reáchtáil ag Mark – That Dam Guide – gach lá timpeall Amstardam, agus gach oíche thart ar cheantar an Red Light.

Rinne mé turas siúlóide leis an t-am seo anuraidh agus bhí sé ar cheann de bhuaicphointí na saoire! 

Tá treoracha go dtí na háiteanna thuasluaite agus moltaí eile ar fáil ar a shuíomh. 

SCÉALTA EILE