Is iomaí cúis chun cuairt a thabhairt ar chathair na Gaillimhe.
Bíonn na Gaeil breá cleachta le ceol, ealaín, bia, piontaí agus spraoi na cathrach, ach cad faoin stair shaibhir a théann siar beagnach míle bliain?
Téann Méabh Ní Thuathaláin ag lorg 5 sheoid atá i bhfolach i gCathair na dTreabh.
1. Balla na Gaillimhe
D’fhéadfá deich mbliana a chaitheamh i nGaillimh gan bheith ar an eolas faoi Bhalla na Gaillimhe.
Taisce staire faoi cheilt é seo gan comharthaí d’aon sórt ag tagairt dó.
Is beag an baol go rachfá á lorg in Ionad Siopadóireacht na Faiche Móire ach oiread ach sin díreach an áit a bhfuil sé.
Balla a thóg Richard De Burgo, idir 1235-1295, nár sáraíodh go dtí Aibreán 1652 nuair a ghéill Chathair na Gaillimhe d’airm Oliver Cromwell.
2. Caisleán Uí Loinsigh
Shiúil tú thairis roimhe ach an raibh a fhios agat gur i bhfolach i gCaisleán Uí Loinsigh (áit a bhfuil Banc an Aib ar Shráid na Siopaí) atá an léarscáil is iontaí de Ghaillimh na Meánaoise, ar a bhfuil 14 de mhórthreibheanna na Gaillimhe luaite.
Chuirfeadh sé iontas ort a laghad athrú atá tagtha ar leagan amach na cathrach ó bhí na 1600 ann. Sa lobbaí ansin, tá fuinneog Chaisleán Uí Loinsigh.
B’shin an áit ar chroch Breitheamh Ó Loinsigh a mhac féin Walter in 1492, i ndiaidh gur mharaigh sé mac le huaisle mór Spáinneach.
Bean ghalánta ba chúis leis an achrainn a raibh bás na beirte mar thoradh air.
Deirtear gur eascair an téarma ‘lynching’ ón eachtra thragóideach seo.
3. Bóithrín na gCiarabhánach
Tá Bóithrín na gCiarabhánach (Kirwan’s Lane) ar an sampla is fearr de Ghaillimh na Meánaoise agus i siopa Judy Green’s, tá seoid bheag ar fiú cuairt a thabhairt uirthi.
Is ann a fhaightear lorg na bpéindlíthe i bhfoirm tinteán dúnta.
Sa 17ú aois, gearradh cáin ar fhuinneoga agus ar thinteáin i measc eile agus rinneadh na tinteáin a dhúnadh go minic chun an cháin a sheachaint.
Le linn an athchóirithe ar an Bhóithrín, thángthas ar an tinteán dúnta agus fágadh ar taispeáint é.
Muna gcuireann tinteán Judy cathú ort seans go dtarraingeoidh na cístí bácáilte is deise sa tír (thuas) a fhad le Lána Kirwan thú, atá ar díol in Goyas os comhair Judy Green’s.
4. Séipéal San Nioclás
Suite ar an chúlsráid taobh thiar de Thí Coilí, ar Shráid an Phríomhgharda, tá séipéal galánta a tógadh in 1320.
Séipéal a raibh cuairteoir speisialta aige.
Sa bhliain 1477 tháinig Criostóir Colambas (thuas) go hÉirinn ag lorg tuilleadh eolais faoi dhá mharbhán a tháinig i dtír, fianaise go raibh daoine beo ar an taobh eile den Atlantach.
Ceapadh ag an am gur tháinig an bheirt ón tSín ach anois creidtear gurbh as an Artach iad.
Cibé, ba chruthúnas go leor é ag an am don taiscéalaí Iodálach chun cur ina luí ar Bhanríon Isabel na Spáinne gurbh fhiú dó an turas a dhéanamh trasna na farraige.
Muna dtéann scéal Cholambas i bhfeidhm ort seans go rachadh fuaimíocht agus atmaisféar an tséipéil ag ‘Tunes in Church’, scoth na gceolchoirmeacha traidisiúnta a bhíonn á reáchtáil sa séipéal i rith an tsamhraidh.
5. Músaem Fháinne an Chladaigh Dillon
Is san iarsmalann is lú seo san Eoraip, atá suite ar chúl shiopa seodra ‘Thomas Dillon’, atá stair fháinne an chladaigh beo, agus stair an chladaigh féin go deimhin.
Tháinig ‘Fáinne an Chladaigh’ ar an fhód siar sna meánaoiseanna, nuair a bhí an Cladach ar cheann de na bailte iascaireachta ba rathúla in Éirinn.
Baineann scéal an fháinne leis an ghabha óir Richard Joyce, duine de threabh mór na Gaillimhe.
Chaith sé deich mbliana i ngéibheann san Ailgéir ó 1675 i ndiaidh gur gabhadh é ag foghlaí mar.
Scéal lán de ghrá, dílseacht agus cairdeas, é i dtaisce i mbéal a mhuintire atá ag obair sa Mhúsaem beag go dtí an lá inniu.
Más spéis leat níos mó a fháil amach faoi chathair na Gaillimhe, bíonn turas treoraithe á reáchtáil ag Liam Silke gach maidin ag 11.30in ag imeacht ón Oifig Turasóireachta.
Tuilleadh eolais: liamsilke@gmail.com