5 leid faoi chónaí i Londain

Sa lá inniu bíonn níos mó deiseanna ná riamh ag daoine óga cur fúthu in áiteanna eile agus iad ar thóir oibre nó eispéireas éagsúil saoil.

Is fada na Gaeil ag dul anonn is anall ó Londain Shasana, cathair mhór bheoga i gcóngar ár dtíre áille féin.

Sin ráite, is mór an t-athrú é do Shorcha Nic Eochagáin, cailín Chonamara a bhfuil an t-aistriú trasna Mhuir Éireann déanta aici ar na mallaibh.

Seo chugaibh 5 leid atá aici d’aon duine eile atá ag smaoineamh ar bhogadh anonn.


1. Taisteal

LONDON, ENGLAND - FEBRUARY 05:  A commuter waits for the next tube at Waterloo Station on February 5, 2014, in London, England. Today marks the first full day of a 48 hour strike by London underground workers. Workers on London's Underground train system began strike action at 9:00 pm on Tuesday, 04, causing chaos for commuters arriving for work this morning.  (Photo by Dan Kitwood/Getty Images)

An ghné is tábhachtaí den saol i Londain ná taisteal.

Ó tharla an chathair a bheith chomh mór sin, caitear cuid mhaith uaireanta den tseachtain ag dul ó áit go háit.

Tá líonra taistil iontach ann idir bhusanna, thacsaithe ‘Uber’ (atá ag teacht chun cinn go mór) agus an tube.

Ar dtús, mholfainn an aip Citymaper a íoslódáil ar do ghlicghuthán.

Insíonn sé duit an bealach is tapúla le tabhairt faoi do thuras.

Faigh cárta taistil ‘Oyster’ chomh maith. Tá sé sin ar fáil ón stáisiún tube nó aon siopa nuachtáin.

Do dhaoine áirithe, ba gheall le tromluí é an tube – tolláin dhorcha faoi thalamh a bhíonn plódaithe leis na mílte strainséir.

Rachaidh tú i dtaithí orthu.

Feicfidh tú daoine a bhfuil seantaithí acu ar an taisteal ag caitheamh go seiftiúil lena gcuid ama ar an tube – déan aithrise orthu.

Am maith do ghléas cliste a tharraingt amach agus spléachadh ar a bhfuil ar fáil ar nos.ie.


2. Lóistín

10-shipping-container

Tá Príomhchathair Shasana déanta de bhuirgí agus de bhailte beaga.

Tá sé tábhachtach go smaoiníonn tú faoi cá háit ar mhaith leat cónaí ann.

Ar ndóigh, braitheann sé seo go mór ar an mhéid airgid atá agat – bí réidh le híoc agus íoc go mór.

An gnáthrud i Londain ná cíos sé seachtaine a íoc mar éarlais agus mí amháin cíosa.

Má théann tú le gníomhaire tithíochta beidh costais riaracháin i gceist anuas air sin – agus ní cosúil go bhfuil rialú ar an mhéid ar féidir leo a ghearradh ort.

Más féidir teacht ar ghaolta nó ar chairde atá ina gcónaí i Londain, is fiú go mór an deis a thapú cuairt a thabhairt orthu ar feadh cúpla seachtaine le seans a thabhairt duit áiteanna a chuardach.

Bíonn gach rud fógartha ar líne – féach ar shuíomhanna Rightmove, GumtreeSpareroom má tá tú ag roinnt tí.

An rogha is fearr ar fad ná tiarna talún a aimsiú nach bhfuil baint aige le gníomhaire ach seans nach mbeidh sé mar rogha agat.

Don duine óg agus fiosrach tá tithe trádstórais ar fud na cathrach, chomh maith le roinnt áiteanna nach samhlófá a chuireann lóistín éagsúil ar fáil, cosúil leis an teach seo thuas atá déanta de 10 gcoimeádán báid.


3. Obair

Jobhunting

Tá sé deacair cur fút i Londain nuair nach bhfuil obair ná airgead agat.

Bí ag súil go bhféadfadh sé roinnt ama a thógáil le hobair a fháil.

An príomhrud ná CV maith a bheith curtha le chéile agat sula dtéann tú anonn.

Tá léar mór post i Londain i mbeáranna, i gcaiféanna agus i siopaí agus iad fógartha go minic ar fhuinneog na háite.

Seans go mbeadh rogha ann post páirtaimseartha a fháil go dtí go n-aimsíonn tú an rud atá uait.

Bí ag faire ar Linkedin agus an Guardian. Rogha eile ná obair sealadach a fháil.

Má tá aithne agat ar dhaoine atá ag obair sa réimse céanna leat bí cinnte agus déan teagmháil leo.

Ar an chuid is tábhachtaí, bíodh muinín agat as do chuid scileanna agus taithí féin.

Cuir isteach ar go leor agus bí dóchasach. Tiocfaidh post do threo-sa.


4. Sóisialta

Pairc

Más duine thú a dtaitníonn saol beoga sóisialta leat, ní bheidh díomá ort leis an rogha dhochreidte d’fhéilte, ceolchoirmeacha agus margaí ar siúl, i rith an tsamhraidh ach go háirithe.

Tá páirceanna áille, gailearaithe agus iarsmalanna go leor oscailte don phobal saor in aisce.

Ach caithfear a bheith sásta taisteal ann agus íoc as an taisteal.

Is cathair dhaor í Londain agus léiriú maith air sin ná costas na bpiontaí – bí ag súil le £5-£6 punt a chaitheamh ar phionta amháin!

Dá mbeadh an fonn sin ort, d’fhéadfá a bheith ag cóisireachta lá agus oíche ach níl sé chomh furasta céanna bogadh thart i ndiaidh an mhéan oíche sa chathair.

Tá caint ann faoin tube a choinneáil ag gabháil le linn na hoíche ach go dtí sin bheifeá ag brath ar an ‘Nightbus’.

Leid amháin agam ina thaobh seo – ná tit i do chodladh ar an mbus seo!


5. Éagsúlacht

margadh

Tá cultúir agus éagsúlacht iontach san áit seo, idir dhaoine, bhia, shiamsa agus eile.

Siúil síos margadh éigin i gcúinne beag den chathair agus éist le canúintí ceolmhara na cruinne ó Iamáice go dtí an Aetóip.

Feicfidh tú busanna pacáilte maidin Domhnaigh le gach saghas daoine ar a mbealach chuig seirbhísí spioradálta de gach cineál – mar aon le daoine óga agus aosta idir phuncanna agus ravers ag pilleadh na bhaile ó oíche ar an ragairne.

Bí ina measc agus sú isteach éagsúlacht an domhain.

Is iontach an chathair í.

SCÉALTA EILE