5 Leid Taistil
Ó bheirt atá ag taisteal ar fud an domhain mhóir

Labhair NÓS le beirt Astrálach Tina Caruso agus Bianca Francis atá i lár turais timpeall na cruinne faoi láthair. Roinn siad a leideanna taistil linn. 

1. Pacáil

Boladh bréan? Seans gur tú féin atá ann. Sin má ghlacann tú leis an chomhairle seo!

Is iomaí duine a ndeachaigh amú ag an tús ar fad agus a bhí thíos leis ar feadh an turais. Agus tú i mbun fíorthaistil, is geall leis an diabhal é féin é mála mór millteach. Smaoinigh ar do dhroim bhocht.

Is fearr an méid atá teastáil agus an méid sin amháin a thabhairt leat. Bí réidh le héadaí a chaitheamh arís agus arís eile.

2. Rogha Taistil

Ní hé an bealach mór an t-aicearra i gcónaí. Sin más maith leat an tairbhe is mó a bhaint as do chuid ama ag taisteal. Pioc amach modhanna taistil feiliúnacha le linn an turais.

Is féidir cuid mhór a fheiceáil i rith an lae agus tú ag taisteal ó áit go háit ar bhus nó ar thraein, is mó iontas a bheas ar bhealach an chósta ná ar an phríomhbhóthair mar shampla.

Más sábháil ama an sprioc bíonn neart roghanna taistil le linn na hoíche.

3. Solúbtha 

Ná bí buartha muna n-éiríonn leat do chuid pleananna uilig a chur i gcrích. Ní bheidh rath ar gach iarracht agus tarlóidh rudaí nach raibh tú ag súil leo.

Glac leis agus bí solúbtha. Cuir fáilte roimh na héagsúlachta, agus bí oscailte maidir le féidearthachtaí eile. Seans go dtarlóidh an rud is iontaí riamh duit. Seo ceann de na rudaí is fearr faoi a bheith ag taisteal.

4. Sos

Lig do scíth. Cé gur saoire atá ann, in amanna bíonn an taisteal trom ar do chorp agus ar d’intinn agus an oiread sin spraoi, siúil agus cóisireachta ar bun agat.

Is fiú laethanta scíthe a chur ar leataobh le go dtig leat sos a thógáil agus do chorp a athnuachan. Ní cur amú ama atá ann – is fearr scíth na tinneas lá ar bith.

5. Caint agus Craic 

Labhair le daoine áitiúla, cuir ceisteanna agus bain sult as na heachtraí a thiteann amach idir an dá linn.

Tá daoine breátha ar fud na cruinne agus is iad na caidrimh a dhéanann tú agus na comhráite a bhíonn agat a chothaíonn sáreispéireas taistil, chomh maith leis an tír féin a fheiceáil.

Is rud é le bheith ag smaoineamh air, go háirithe má tá tú ag taisteal i ngrúpa mór. Má tá tú ag taisteal i d’aonair, tapaigh an deis turas treoraithe a dhéanamh, turas ina mbuailfidh tú le cairde nua atá ag taisteal leo féin chomh maith.