Is cor aisteach é an turas ón Spáinn go Maracó as siocair go dtagann tú ag an am céanna agus a d’imigh tú. Thosaigh m’eachtra cheithre lá go dtí an chathair ghorm cháiliúil Chefchaouen i dtuaisceart na tíre, san Aerfort Tétouan. Tá a chríochfort chomh beag sin go bhfuil ar phaisinéirí atá ag teacht isteach imeacht sular féidir leo siúd atá ag imeacht teacht isteach.
Tá an turas uair go leith go Péarla Gorm Mharacó pléisiúrtha. I dtír ina bhfuil fásach i gceannas ar chodanna móra, tá sé éasca dearmad a dhéanamh ar an tírdhreach Méanmhuirí álainn i réigiúin eile. Leanamar orainn ar ár slí trí Shléibhte Rif, a bhuacaí is a chorraí agus a bhí siad. Dhrithligh an ghrian ar na hollbhuaiceanna agus na gleannta glasa i bhfad fúthu. Lonraigh dathanna muirghorma mealltacha sna lochanna ag Zinat agus réabamar ar aghaidh i dtreo ár gcinn scríbe.
Baineann Chefchaouen a dhath ón bpobal cuibheasach mór Giúdach a lorg tearmann sa bhaile i rith an Dara Cogadh Domhanda. Sa Ghiúdachas, is dath naofa é gorm mar cuireann sé an spéir, agus dá réir sin, Dia, i gcuimhne do chreidmhigh. Go deimhin, maisítear roinnt doirse fós le réaltaí Dháiví in ómós d’oidhreacht an bhaile. Athphéinteáiltear an chathair suas le trí huaire in aghaidh na bliana chun caoi a choinneáil air.
D’fhan mé ar feadh dhá oíche i dteach cathrach ard agus caol mar is dual don chathair. Ar ámharaí an tsaoil, chruthaigh airde na bhfoirgneamh seo foscadh agus faoiseamh ó theas meirbh Iúil. Caitheadh mo dhá oíche eile i riad maisithe le cáiréis beagán níos faide ón gcearnóg láir Outa El Hamam. Ní raibh luach d’airgid i Maracó riamh níos follasaí; chosain an lóistín measartha sómasach seo níos lú ná €60 an oíche.
Ba í an chéad ghné de charachtar Chefchaouen a thug mé faoi deara ná an meon réchúiseach. Ba mhór idir é agus Marrakech, cathair ar thug mé cuairt uirthi an bhliain seo caite. Níorbh éigean dom díoltóirí ag tairiscint cairpéad, cúisíní, agus málaí láimhe a chur ó dhoras. Bhí mé in ann a bheith ag fálróid go compordach trí choinicéar sráideanna an medina gan chiapadh. Deirtear le roinnt daoine gur tionchar suaimhneasach dhathanna na cathrach is cúis leis seo. Tarraingíonn roinnt eile aird ar an bhfíric go dtáirgeann Chefchaouen leath chuid de haisis an domhain.
Rinne mé iarracht plean turais a chur le chéile thart ar na sráideanna is cáiliúla sa Phéarla Gorm, ach tá Chefchaouen gleoite i ngach áit. B’fhéidir go mbeadh sé níos fearr ‘tú féin a chailleadh’ i mbealach seanchaite. Tá cúpla áit ann nach féidir le haon phostálaí Instagram a bhfuil meas acu orthu féin a chailleadh áfach. Cuireann Callejón El Asri a dhathanna gorma i gcodarsnacht le potaí plandaí daite ar gach taobh den tsráid. Is áit chónaithe thar a bheith ard agus caol é an Teach El Haoubi. Cloítear é le dreapairí reatha, ach tá bail coinnithe air gan locht.
Is éacht sách suntasach an t-ainm ‘Sráid Ghorm’ i gcathair ghorm, ach éiríonn le lána beag de Rue Jamaa a leasainm a bhaint amach. B’fhéidir gurb í an radharc is áille in Chefchaouen; fís ghorm beagnach sícideileach i measc an fhuadair Mharacaigh.
Go ginearálta, níor mhothaigh mé go raibh tairiscintí cócaireachta Chefchaouen ar an gcaighdeán céanna le Marrakech. Bhí bialann amháin thar cionn, ámh. Thairg lochtán Triana suíomh álainn le haghaidh mo bhéile tráthnóna agus ghéill soilse dhrithleacha an Phéarla Ghoirm don dorchadas.
Bhí speisialtacht na bialainne iontach; an tagine le mairteoil mhín, prúnaí ramhra, agus anlann te saibhir. D’fhill mé uirthi le haghaidh bricfeasta an mhaidin dár gcionn agus bhain mé taitneamh as tae miontais agus pancóga msemmen le subh bhaile, mil, agus amlou – taos almóinne agus ola argáin uileláithreach.
Ós caint ar uileláithreacht muid, is ceann de na siombailí is inaitheanata de chuid Chefchaouen an pobal ollmhór cat. Beireann cait anseo suas le ceithre chuain an bhliain de ghnáth. Dá bharr sin, is féidir na scórtha puisíní a fheiceáil ar gach aon sráid ar a dtugann tú spléachadh. Tá siad ionúin de bharr iomadúil cúiseanna. Is ainmhithe beannaithe iad na cait in Ioslam, léirítear meas orthu mar gheall ar a nglaineacht. Ina theannta sin, tá aon fhadhb le creimirí díothaithe amach is amach leis an ollbhorradh sa phobal féilíneach.
Mura dtaitníonn cait leat, cad faoi chumhracht? Spraeáiltear an iliomad bolaithe deasa trí shráideanna na cathrach ó sheasmain go bláth oráiste. Is dídean é Botica de la Abuela Aladdin dóibh siúd a dteastaíonn uathu giota beag de bholadh Chefchaouen a thabhairt abhaile leo.
Tairgeann gach siopa spíosraí a léamh féin ar ras el hanout, ar brí ‘ceann an tsiopa’ leis. Is é seo an cumasc spíosraí is luachmhaire i Maracó. Is féidir le suas le 40 comhábhar a bheith ann agus blasanna na hAfraice Thuaidh cruinnithe in aon mhias amháin.
Níor chuir an turas fadálach chun mo phas bordála a phriontáil amach (riachtanas in aerfoirt Mharacacha) smúit orm agus chuaigh mé ar ais i dtreo Tétouan. Thug Chefchaouen sciar síochána dom i dtír atá leagtha amach le margaí fuadracha a gcathracha agus teas an Sahára seachas sin. Is cathair seo nach bhfuil ann do na ‘gormacha’ ar chor ar bith, d’ainneoin dhath a sráideanna.