Chaith Noah Higgs 72 uair an chloig i bPríomhchathair na hOstaire, achar ama a mhaireann pas iompair phoiblí. Seo iad a chuid moltaí chun an buntáiste is mó a bhaint as…
Suite ar bhruacha na Danóibe in oirthear na hOstaire, is cathair mhórtasach uaibhreach í Vín leis na mílte bliain de ríshleachta taobh thiar di, idir bheag agus mhór.
Labhraítear an Ghearmáinis anseo, ach tá teanga na hOstaire éagsúil óna bhfaighidh tú sa tír mhór bhéal dorais.
Anuas air sin deirtear go bhfuil muintir Vín agus a dteanga difriúil ón gcuid eile den Ostair féin.
Ó tharla ag caint ar chúrsaí teanga muid, tá teoiric ann go dtagann an t-ainm ‘Wien’ (Vienna) ó fhréamhfhocal Ceilteach atá gaolta leis an bhfocal Gaeilge ‘fionn’.
Is léir sa chéad nóiméad agus tú ag breathnú thart ort gur iarchathair na himpireachta í an áit seo.
Síos chuile ascaill agus ar gach aon chúinne sráide feicfidh tú foirgnimh ghalánta; comharthaí den saibhreas dochreidte a bhíodh ann sa chathair suas go dtí díreach 100 bliain ó shin.
Is cuma pálas nó bloc árasán nó scoil phoiblí atá i gceist, is ionann áilleacht agus maorgacht na bhfoirgneamh.
Tá stíl chomónta acu atá sainiúil don chathair agus a dhealaíonn ó áiteanna eile í.
Má thugann tú cuairt ar ollphálas Hofburg, ‘teach’ cónaithe chlann Habsburg, gheobhaidh tú léargas beag ar oidhreacht na tíre.
Agus tú ag breathnú ar na foirgnimh ollmhóra, buaileann mothúchán de chumhacht na himpireachta tú a chuireann in iúl cé chomh beag is atá tú féin, sprioc a bhí ag lucht rialaithe na himpireachta is dócha.
Agus má leagann na foirgnimh agus dealbha amach caighdeán ó thaobh stíle agus áilleachta de, is iad muintir na príomhchathrach a leanann an sampla.
Glac leat do chulaith is fearr má tá tú ag iarraidh réitiú leis na nósanna áitiúla agus a bheith ar comhleibhéal anseo!
Ainneoin na bhfoirgneamh agus na ndaoine, bhí an chuma air go bhféadfá maireachtáil sa chathair sách saor, dá mbeifeá cliste go leor.
Níl an lóistín chomh daor le BÁC (tuigim nach éacht é sin ar chor ar bith), agus d’fhéadfá teacht ar árasán deas ar Airbnb gar don lár (Mitte) do phraghas féaráilte dá roinnfeá le cara nó dhó.
Is féidir bia deas ardchaighdeán a cheannach in ollmhargaí ar chostas íseal.
Bí cúramach faoi uaireanta oscailte.
Thugas faoi deara go ndúntar na siopaí agus ollmhargaí ag thart ar 8in, agus ní rabhas in ann teacht ar áit ar bith a d’fhan ar oscailt níos déanaí.
Beidh ort ullmhúcháin a dhéanamh don dinnéar roimh ré!
Tabhair cuairt ar an Naschmarkt chun lón saor in aisce a fháil ó na díoltóirí uilig a thugann amach samplaí den fhalafel solamar atá acu.
Ceann de na pointí is tábhachtaí do go leor cuaiteoirí ar ndóigh ná praghas an alcóil, agus tá sé ar fáil go han-saor i Vín.
Ná bí buartha, ní hionann na deochlanna agus na hollmhargaí a luaigh mé thuas.
Fanann na deochlanna ar oscailt go han-déanach san oíche.
Is mór an t-aoibhneas teacht ar dheochlann shnasta ina ndíoltar crúiscíní beorach nó gloiní fíona ar thart ar €2 an ceann. Nó buidéal fíon tí ar €7!
Seo ceann de na cathracha is deise san Eoraip don ól, le beáranna agus deochlanna ‘chic’ ar gach sráid, go háirithe sna limistéir óga shnasta mar Freihausviertel, atá gar don margadh thuas luaite.
Gníomhaíonn ollchuid na dtithe tábhairne ar nós tolglanna, ina bhfaighidh tú clúid phríobháideach chun comhrá deas suaimhneach a bheith agat le cairde.
Ach chomh maith le prochóga ciúine don ól, tá láithreacha fuinniúla ina mbeidh tú ag caint os ard thar an gceol, agus atá i bhfad níos oiriúnaí d’oíche rince.
Bí ag súil le bialanna deasa chomh maith.
Is cuma má tá béile mór, císte milis, nó caife beag uait, beidh caifé nó bialann theolaí suite ar chúinne cóngarach duit.
Má thaitníonn cístí leat, ba chóir duit an Sacher Torte a bhlaiseadh sula bhfágann tú an chathair.
Seo císte le finscéal taobh thiar de a forbraíodh sa chathair 200 bliain ó shin.
Cuir lándícheall isteach agus ceannaigh an ‘chéad-torte’ ón Hotel Sacher féin, atá suite in aice le hÁras Ceoldrámaíochta an Stáit, cúpla coiscéim ón lárstáisiúin meitreo Karlsplatz.
Bí cinnte agus cuimhnigh nach gcuirtear seirbhís san áireamh sna praghasanna i mbialanna.
Bíonn na freastalaithe ag súil le thart ar 10% a fháil sa bhreis dá n-obair, agus ní bheidh náire ar bith orthu iarraidh ort sin a íoc.
Ó thaobh an taistil sa chathair féin de, tá sé breá éasca do bhealach a dhéanamh idir na rudaí iontacha scaipthe trasna an bhaile mhóir.
Taiscéaltar na sráideanna leathna gan stró le cúnamh léarscála nó Google Maps.
Bhí raonta rothar thar barr i ngach áit, cé nach raibh an seans agam triail a bhaint astu.
Mar thurasóir is rogha éasca é pas iompair phoiblí a cheannach.
Cosnaíonn an Vienna Card (Wienkarte) €21.90 agus tugann sé iompar gan teorainn duit le haghaidh do 72 uair an chloig.
Tá rogha 48u chomh maith do thuras níos giorra.
Tugann sé lascainí ar mhúsaeim agus ar iarsmalanna, ach tá na lascainí an-bheag agus de ghnáth is fearr cárta mic léinn a úsáid, má tá ceann agat.
Tá na músaeim sa chathair sách costasach, agus má tá an aimsir breá taobh amuigh is fiú roinnt bheag a roghnú le feiceáil, mar gníomhaíonn an chathair féin ar nós ollmhúsaeim atá saor in aisce.
Bí ag faire mar sin do thicéid réasúnta eitleáin (téann Aer Lingus díreach ó BÁC) chuig an bpríomhchathair mhaorga seo i gceartlár na hEorpa agus téigh ann chun do chuid chuimhní féin a chruthú, gan do chuntas bainc a bhriseadh!