Fógraíodh inniu gurb é an t-aerfort Gaeltachta ar an gCarraig Fhinn i dTír Chonaill an t-aerfort is deise tírdhreach ar domhan, den tríú bliain as a chéile.
Bhuaigh Aerfort Dhún na nGall, atá lonnaithe i nGaeltacht Thír Chonaill, an gradam den chéad uair in 2018, agus bhí an t-aerfort Gaeltachta sa dara háit ar an liosta in 2017. Is é an comhlacht PrivateFly a reáchtálann an comórtas agus is trí vóta poiblí a roghnaítear an buaiteoir.
Chaith na mílte taistealaithe ar fud an domhain a vóta le cúpla seachtain anuas, agus ba é Aerfort Dhún na nGall a thug leis an chraobh arís eile. Tuairiscítear liostaí PrivateFly ar fhoilseacháin mhóra an domhain ar nós Nat Geo Travel agus Travel + Leisure, agus meastar go mbíonn tionchar maith ag na liostaí ar chúrsaí gnó do na haerfoirt a ainmnítear orthu.
Dúirt príomhfheidhmeannach PrivateFly Adam Twidell, a chuireann seirbhís le heitiltí príobháideacha a chur in áirithe ar fáil, gur “bucket list” a bhíonn sa liosta aerfort a fhoilsítear chuile bhliain agus go mbíonn tóir mhór ag lucht taistil ar na haerfoirt a luaitear ann.
Tá Aerfort Bharraigh, in oileán Gaeltachta in Albain, ar liosta na bliana seo freisin. Bhí Aerfort Bharraigh sa dara háit in 2018, ach tá sé anois sa gcúigiú háit, taobh thiar d’Aerstráice Msembe sa Tansáin; Aerfort Alexandros Papadiamantis in Skiathos na Gréige; agus Aerfort Idirnáisiúnta Melbourne in Orlando Florida,