Ag briseadh steiréitíopaí i Sín na suáilcí

“Duo shao qián?” (Cé mhéad atá air seo?) a deirim go muiníneach.

“Á, 400 yuán,” a fhreagraíonn an siopadóir gan mórán brú air. Machnaím air ar feadh soicind amháin agus tugaim freagra orm féin le “tài guì le” (róchostasach) – bhí mé in ann é sin a rá ar aon chaoi. “250 yuán?”

Le croitheadh nuachtáin amháin deir sé, “350 yuán.”

Ag an nóiméad sin ní raibh rud ar bith sa domhan uaim ach an dealbh chré-umha de Mao Zedong agus é ina chathaoir. Dealbh bhréige go cinnte ach ón margadh seandachtaí is cáiliúla i mBéising, Panjiayuan.

Ag tabhairt an taispeántais aisteoireachta is cumhachtaí uaim, chuir mé an dealbh ghalánta ar ais ar an tseilf agus tosaigh mé a shiúil. 1, 2, 3… agus díreach mar a cheap mé scairt an siopadóir i mo dhiaidh go raibh sé ábalta 300 yuán a dhéanamh, ach an béal bocht air faoin am seo. Faoi dheireadh, socraímid ar 280 yuán agus fillim go dtí m’ostán tríd an bhfearthainn agus bród nach beag orm.

Ag tús na bliana níorbh é an mhargáil sa tSín an chéad chaitheamh aimsire a rithfeadh liom. Ní raibh eolas margála dá laghad agam, ná eolas ar an tSín ach oiread. Ach ag deireadh an lae sin bhí mé ag dul i mbun cathanna le seanfhir chun 1 yuán (~12c) a fháil as praghas pinn callagrafaíochta.

Ar imigh mé glan as mo mheabhair le mo chumas Sínise? D’imigh, d’imigh gan dabht. Ní do mo mholadh féin atá mé ach gabhaim buíochas le Raidió Fáilte as an gcumas seo. Le Pól Ó Néill go háirithe. Cuireadh ranganna Sínise ar siúl trí mheán na Gaeilge i mí Feabhra na bliana seo. Chuamar tríd na bunscileanna den teanga; ár n-ainmneacha a rá, cén aois muid, cá háit as ar tháinig muid, agus ar ndóigh an tslí le bheith ag gearán faoin aimsir. D’oscail an réamhrá beag seo domhan nua amach romham agus chuir sé inspioráid ionam chun an fhoinse a aimsiú.

Ón uair a bhain mé talamh na Síne amach is cairdiúlacht agus oscailteacht a bhí romham amach. Ní chuirfí aon locht ort dá mbeadh eagla ort teacht chun na tíre i bhfianaise na mílte scéalta diúltacha faoin tSín sna meáin. Ba é an leithreas an rud is scanrúla a casadh ormsa ann: ní mór duit dul ar do ghogaide agus páipéar leithris ‘tabhair-leat-do-chuid-féin’ a bheith i do phóca agat. Ní raibh sé i gceist agam ciondáil a dhéanamh ar phacáiste páipéar síoda ag tearmann pandaí, tearmann ar chosúla le seomra allais é, ach b’in mar a bhí.

Amuigh ar na sráideanna, bhí na carranna agus móipéidí ag bogadh anonn is anall mar a bheadh slalóm cathrach ann. Mhínigh ár dtreoraí turais dúinn nach bhfuil ceadúnas de dhíth ort chun na móipéidí a thiomáint agus gur annamh a fheictear timpiste. Is féidir na drochthiománaithe a aithint mar bíonn clogad orthu siúd!

Droch-eispéireas amháin a bhí againn ná nuair a bhíomar ag siúl suas an bóthar agus gan rabhadh tháinig seanfhear díreach taobh linn agus, le neart bíobalta, rinne sé casacht ollmhór sular chaith sé réama aníos chomh mór le coca féir ar an gcosán.

Tá tuairim choitianta ann a deir gur cineál de mhonailit iad na Sínigh uilig. Rinneamar beag is fiú den tuairim sin, go greannmhar, lenár dtaithí phearsanta féin. Is go tréan a bhí an teoraí turais ag gearán faoin rialtas: ródhírithe ar an tomhaltachas atá siad, níl siad ag déanamh a ndóthain ar son na n-oibrithe, tá an iomarca cumhachta á tabhairt do na comhlachtaí móra agus do na forbróirí réadmhaoine.

Ach go luath ina dhiaidh sin bhí sé ag maíomh ar na héachtaí a rinne an tSín le déanaí. Rith sé tríd na figiúirí is tábhachtaí; méid na bhfeithiclí leictreacha sa tSín, na feithiclí ar fáil ar phraghas réasúnta, an líon daoine atá ardaithe as an mbochtaineacht i gcomparáid le 50 bliain ó shin.

“Cé chomh tapa is atá bhur dtraenacha piléir?” a d’fhiafraigh sé. Chuir mé strainc orm féin agus d’fhreagair go bhfuil an t-ádh orainn traein de shórt ar bith a fháil. D’fhán mé i mo thost faoi thionscadal METRO Bhaile Átha Cliath 2047.

I gCearnóg Tiananmen labhair an treoraí os ard faoi na heachtraí a tharla ann in 1989, gan aon imní air agus saighdiúir PLA ina sheasamh cúpla méadar taobh thiar dínn. Gach lá bhuail muid leis na turasóirí Sasanacha agus iad ag clamhsán gur mhothaigh siad na ceamaraí i gcónaí orthu. Níor luaigh mé na 14 cheamara a chonaic mé in Aerfort Heathrow.

Dar liom go raibh na ceantair thuaithe chomh seanaimseartha lena leithéid d’áit in Éirinn ach mhothaigh sé go raibh na cathracha 10 mbliana níos forbartha ó thaobh na teicneolaíochta agus na foirgníochta de. Bhí na naisc stáisiúin faoi thalamh spréite amach thar an léarscáil, bhí rothair leictreacha ar cíos ar €0.10 in aghaidh na seachtaine, carranna leictreacha i ngach aon áit (éasca a aithint lena n-uimhirphlátaí uaine), agus bhí carranna gan tiománaí i gcúpla cathair fiú!

Ag siúl na cathrach timpeall meán oíche mhothaigh mé go raibh sé chomh síochánta le sráidbhaile. Tar éis uair an chloig ní fhacamar ach dhá bhun toitín. Bhí rothair carntha gan glas ná slabhra orthu in aghaidh bhalla an stáisiúin traenach faoi thalamh. Sheas na móipéidí taobh thiar den stáisiún lena n-eochracha san inneall. Chasamar an coirnéal agus bhí an chearnóg lán le seandaoine i mbun rang válsa in áit daoine ag titim amach as tithe tábhairne mar a fheictear i dtíortha eile.

Bhíomar ag déanamh craos ar charn bia gach oíche. Shuíomar thart ar bhord cruinn, miasa bia plódaithe air, agus é in ann casadh timpeall. Má bhí pláta ar leith uait, bhí ort an bord a chasadh thart i do threo. Ní raibh deireadh leis na miasa a thug siad amach dúinn. Is nós onórach é sa tSín aon bhia breise a fhágáil ar an mbord – dá bhfágfá bia ar do phláta in Éirinn chuirfí náire an bhosca Trócaire ort. Na hóstaigh bhochta ag crith mar a d’alpamar mias tar éis mias óna gcistin bheag. Is léir go raibh siad faoi dhraíocht ag ár mboilg. Ubhthorthaí friochta, mairteoil veilbhite, bolg muiceola, lacha rósta, núdail i ngach aon áit, buicéid ríse, agus prátaí éagsúla.

I ndiaidh dhá sheachtain bhrothallacha mar strainséirí i dtír strainséartha, thángamar ar ais go haerfort Átha Cliath. Ní raibh orm ach bríste gearr agus t-léine agus réab gaoth fhuar mé chomh luath is a d’oscail na doirse uathoibríocha. Caithfidh mé a admháil nár bhraith an ghaoth pholach agus na scamaill ghruama chomh hálainn riamh roimhe sin.

Mar a deir an seanfhocal, “is é an taisteal an leigheas is fearr ar an chiníochas.” Nuair atá tú ag foghlaim teanga eile, is féidir leat domhan úrnua a dhíghlasáil. Tá 1.4 billiún daoine anois sa tSín agus beidh gliondar orthu ar fad comhrá a dhéanamh leat. Coinnigh súil ar chuntais meán sóisialta Raidió Fáilte agus cá bhfios cad a bheidh i ndán duit sa bhliain úr!

SCÉALTA EILE