Ag glanadh ‘ghlais an ghrá’

Páras.

Cathair an Ghrá.

Cathair a mheallann na milliúin leannán gach bliain lena háilleacht mhaorga agus a hatmaisféar draíochta.

Cathair a chuireann cuairteoirí faoi gheasa.

Cathair na soilse agus na suirí.

Agus cathair ina gceanglaíonn lánúineacha ‘glais ghrá’ dá droichid ársa mar chomhartha ar a ngaol síoraí.

Is é, le tamall de bhlianta anuas tá nós ag teacht chun cinn i gcathracha áirithe, Páras ach go háirithe, ina scríobhann daoine a n-ainmneacha ar ghlais fhraincín (padlocks), ceanglaíonn siad iad do dhroichead agus ansin caitheann siad an eochair isteach san abhainn mar shiombail ar a ngrá buan.

Gnás deas ar go leor bealaí ach amháin go bhfuil meáchan na nglas ar fad atá ceangailte le droichid i bpríomhchathair na Fraince anois ag déanamh damáiste do na droichid chéanna, agus ag cur tinneas cinn ar na húdaráis dá bharr.

Anuraidh thit cuid den droichead clúiteach Le Pont des Arts faoi ualach na nglas agus tosaíodh feachtas ar líne chun na droichid a ghlanadh de na daighsíní beaga miotail.

An tseachtain seo chuir Comhairle Pháras tús le gearradh na nglas ó dhroichid uile na cathrach, beart nach réiteoidh, seans, le húinéirí na nglas ach atá riachtanach chun sláine struchtúrach na ndroichead a chinntiú.

“Bainfidh muid beagnach milliún glas fraincín, nó 45 tona,” arsa Bruno Julliard ó Chomhairle na Cathrach.

“Príomhchathair an ghrá a bheas i bPáras go fóill ar ndóigh.

“Ba chóir do lánúineacha leanúint leo ag fógairt a ngrá, ag cur ceiliúr pósta ar a chéile, fiú ar an Pont des Arts, ach ní trí ghlas grá a úsáid.”

Cuirfear ealaín sráide in áit na mogalraí sreinge lenar ceanglaíodh na ghlais ghrá agus dóchas ag na húdaráis anois go dtosóidh leannáin ag glacadh féinphiceanna dá cheile ar na droichid faoin haischlib #lovewithoutlocks seachas a ngrá a léiriú le glas agus eochair.

Tá sé i gceist an 45 tona de mhiotal a bhainfear ó na droichid a athchúrsáil, rud a tabharfaidh sásamh éigin do na lánúineacha go leanfaidh comhartha a ngrá ar aghaidh i bhfoirm amháin nó i bhfoirm eile.

SCÉALTA EILE