B’fhéidir go gceisteofá na buanna a bhaineann le dul isteach sa phointe is faide siar sa Sahára i lár mhí Iúil ar bhus gan aerchóiriú… agus bheadh an ceart agat. Agus ár bhfeithicil ag déanamh a bealaigh isteach i bhfairsinge gharbh ócair an fhásaigh Agafay, bhí sé dodhéanta aon mhothúchán eile a bhrath ná faoiseamh go raibh ár dturas millteanach ó Marrakech críochnaithe. Tar éis cúpla nóiméad téarnaimh, áfach, mhothaigh mé go raibh mé ag dul isteach i ndomhan ann féin.
Tá na Sléibhte Atlais taibhseacha ina dteorainn idir an réigiún agus an Sahára Mór. Is bac nádúrtha iad na cnoic seo idir Agafay agus farraigí gainimh síoraí an Sahára. Éagsúil le holldhumhcha a mháthairfhásaigh, is stráice dearg carraigeach é, lán le dromanna réidhe a shíneann faoin spéir oscailte. Cheapfá gur talamh na gealaí, nó talamh Marsach, nó rud éigin as scannán ficsean eolaíochta é. Tuigeann an cuairteoir i gcónaí scoiteacht Agafay, a iargúltacht ag tairiscint suaimhnis agus scaradh tarchéimhnitheach.
A thúisce a imíonn ardchathair Marrakesh as radharc i bhfad uait, tá an t-athrú follasach. Fágtar basáir bhríomhara na cathrach go hiomlán i do dhiaidh. Tá ciúnas an fhiántais chomh géar sin go mbíonn sé ag dordán. Tá socracht do-inste anseo sa teas plúchtach, gach dealrú air nár milleadh é ar feadh na gcéadta bliain. Mar sin féin, breacshoilsíonn an tírdhreach crua le háilleacht athdhúchasach.
Leanann an bus ar aghaidh isteach i gcroí an fhásaigh, tagann cuma níos príomhordúla agus níos fiáine ar an tírdhreach. Suaimhníonn solas an tráthnóna dhéanaigh cruachás na tíre. Timpeallaithe ar gach aon taobh le neamhní gan srian, is áit í atá ar aill an domhain féin, i bpurgadóir idir fírinne agus rud éigin i bhfad níos neamhshaolta agus níos scáfaire.
Saor ó chur isteach daonna, don chuid is mó, is áit í Agafay ina labhraíonn an tír di féin. Agus an ghrian ag titim níos ísle, tá an chuma ar an bhfásach go bhfuil sé ag dúiseacht ina shlí chiúin ach láidir féin. Síneann a réimsí óir gan bhriseadh.
Ba é an puball canbháis inar ól mé tae miontais an t-aon leid nach raibh i ndiminsean eile ar fad. Cuireann an buille rithimeach agus fonn séimh cheol na mBeidiúnach le gealaigh thú. Déanann siad macalla in urlár an fhásaigh agus cuireann siad leis an tsocracht nádúrtha.
Is minic go rómánsaítear an Sahára mar gheall ar a dhumhcha míne droimneacha. Braitheann Agafay lom áfach. Níl a thalamh bogtha leis an ngaineamh púdráilte a shainíonn an Sahára. Is léiriú ar an dúlra príomhúil í an tír seo; garbh, ach tarraingteach gan dabht. Tá áilleacht Agafay neamhghnách; tá sé ina phábháil fásaigh thur a leathann gan chríoch faoin ollspéir. San fhiántas anseo, mothaítear faitíos agus saoirse araon. Bíonn do cheangal leis an gcruinne bunúsach agus bogann an fásach thú na milliúin míle ón iliomad sáinneacha ar domhan.
Nuair a thiteann an oíche, tagann claochlú ar an réigiún. In ionad theas dian an lae, deifríonn leoithne fhionnuar trasna an urláir ghaineamhaigh. Nochtann na spéartha taipéis réaltaí. Thaispeáin glaineacht dhosháraithe an fhásaigh dom an cosmas i mbealach nach raibh feicthe agam roimhe sin. Mhothaigh seo i bhfad ón tír órdhonn ag meán lae.
Tá sé deacair a chreidiúint gur féidir éalú ón rírá fuadrach sa Chathair Dhearg go dtí an ceantar lom ach álainn seo i bpreabadh na súl. Mothaíonn an turas mar athrú idir dhá réimse saoil ar leith. Níos mó ná áit chun cuairt a thabhairt uirthi – is taithí chiúnais agus breáthacht osnádúrtha í.
Is é An Prionsa Beag a chuireann in iúl draíocht rúnda an fhásaigh is fearr: “Bhíodh grá agam don fhásach i gcónaí. Suíonn tú ar dhumhach gainimh. Ní fheiceann tú aon rud. Ní chloiseann tú aon rud. Ach fós lonraíonn rud éigin, canann rud éigin sa chiúnas sin…”
I measc na haonarachta, leis na réaltaí thuas agus an fhairsinge shíoraí ag síneadh ar feadh na mílte romhat, tairgeann Agafay suaimhneas leithleach dodhearmadta. Le do thoil, áfach – déan áirithint le comhlacht bus le haerchóiriú.