Tá an chéad chéim den obair athchóirithe a tosaíodh ar an Earagail i nGaeltacht Thír Chonaill cúpla seachtain ó shin críochnaithe agus cosán nua curtha isteach leis an bportach ag bun an tsléibhe Gaeltachta a chosaint.
Tá obair athchóirithe agus caomhnaithe le déanamh ón gcarrchlós i nDún Lúiche go barr an tsléibhe as seo go ceann cúpla mí eile, ach osclaíodh an chéad chuid den chosán nua ag deireadh na seachtaine seo caite. Tá cosán gairbhéil anois ann cois an tsrutháin chomh fada leis an mám idir an Earagail agus an Eargail Bheag.
Tá an obair á déanamh ag foireann oibrithe as Albain thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall agus cuirfidh an fhoireann tús go luath le cosán cloch ar an droim faoi bhun an mhullaigh atá creimthe go maith. Tógfaidh an chéim seo, atá i bhfad níos deacra a dhéanamh, míonna fada le cur i gcrích.
Beidh an cosán ar oscailt a fhad is atá an obair chaomhnaithe agus athchóirithe seo ar bun agus táthar ag iarraidh ar chnocadóirí é a úsáid leis an sliabh a chosaint óna thuilleadh damáiste.
Tá ardú as cuimse tagtha ar líon na ndaoine a bhíonn ag siúl sna cnoic in Éirinn le tamall de bhlianta anuas agus bíonn tóir ar leith ar na sléibhte is airde sna 32 contae. Is í an Earagail an sliabh is airde i gcontae Dhún na nGall agus ar cheann de na sléibhte is airde sa Ghaeltacht (751m). Tá obair athchóirithe mar seo déanta cheana ar shléibhte eile ar fud na tíre mar a mbíonn líon mór daoine ag siúl go barr sléibhe.
Is é an grúpa Cairde na hEaragaile atá i gceannas ar an bplean bainistíochta don Earagail agus don cheantar máguaird. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, Forbairt Dhún Lúiche, agus Sléibhteoireacht Éireann páirteach san eagraíocht.
Tá sé i gceist feabhas a chur ar an gcarrchlós, sconsaí a chur isteach ar an sliabh agus an córas draenála a fheabhsú freisin. Is mar chuid den Togra Rochtana Inmharthana agus Athchóirithe Gnáthóg atá an obair seo ar bun agus táthar ag súil go mbainfidh idir dhaoine, ainmhithe, phlandaí, agus éin tairbhe as toradh na hoibre.