Is dócha gur beag duine againn atá tar éis eitilt isteach go hAerfort na Ríona Tamar i dtuaisceart na Seoirsia, má d’eitil Gael ar bith – ní dheachaigh ach 4,214 paisinéir ar fad tríd an aerfort le linn 2016.
Ach dá ndéanfá an turas sin, is iontach an radharc a bheadh romhat.
Suite i measc na sléibhte gar don bhaile Mestia, tógadh an t-aerfort in 2010 chun an ceantar stairiúil Svaneti a nascadh leis an phríomchathair Tbilisi.
Ainmnithe in ómós na Banríona Tamar a rialaigh an tSeoirsia ag deireadh an 12ú Céad, tá an túr rialúcháin agus an críochfort ar fad san aon fhoirgneamh beag amháin.
Cé go bhfuil cuma thurgnamhach thodhchaíoch ar an struchtúr, is iad túir ársa an cheantair – Túir Svaneti (thíos) a tógadh sna meánaoiseanna – a bhí mar inspioráid ag na hailtirí agus iad i mbun deartha.
Tá na seantúir faoi chosaint ag UNESCO agus lucht turasóireacta thuaisceart na Seoirsia ag súil go dtiocfaidh níos mó daoine chun na foirgnimh stairiúla, agus an ceann comhaimseartha, a fheiceáil sna blianta amach romhainn.
Cuir cárta poist, nó tweet, chugainn má théann tú ann!