Ní hí seo mo chéad Nollaig as baile ach is í an chéad Nollaig atá caite agam sa leathsféar theas, níos mó ná 18,000km ón mbaile in Queenstown na Nua-Shéalainne, nó Tāhuna mar a ghlaoitear air sa teanga Māori.
An príomhrud atá difriúil anseo ná go bhfuilimidne i lár an tsamhraidh, fad is atá sibhse ag baile go doimhin i ndorchadas an gheimhridh! Is iomaí rud a dtagann athrú air nuair a chéiliúrtar an Nollaig sa teas, agus braithim uaim go mór maisiúcháin agus soilse na Nollag. Níl aon ghá le soilse daite sa tsamhradh, bíonn sé grianmhar sa lá agus geal go déanach istoíche!
Rud a bhí agus atá fós ana-chasta domsa ná an difríocht ama. Táim 13 uair an chloig sa todhchaí, agus mar sin nuair a dhúisíos Lá Nollag níorbh ann ach tráthnóna Oíche Nollag ag baile, agus bhíos-sa ag dul a chodladh nuair a bhí maidin Nollag ag tosnú dóibh.
Nach ait é, ach is é seo ceann des na rudaí a chuir ar mo chompord mé agus mé píosa beag uaigneach don mbaile. Ní hionann mo Lása Nollag agus Lá Nollag mo thuistí, agus dhein sé sin é píosa beag níos éasca!
Anuas air sin, cé ná fuil gach rud oscailte Lá Nollag sa Nua-Shéalainn, níl aon easpa bialann ná siopaí atá ar oscailt, rud a chiallaíonn nach gá duit do dhóthain siopadóireachta le haghaidh dhá mhí a dhéanamh roimh an Nollaig. Ana-ait go deo domsa, agus gan an t-atmaisféar céanna in aon chor!
Cois locha in Queenstown Lá Nollag is féidir aon saghas bídh a cheannach, turas báid a chur in áirithint, deochanna agus tapas a fháilt, arán agus im a cheannach… agus é seo ar fad leis an ngrian ag taitneamh. Ní chreidfeá gurb í an Nollaig í!
An rud is mó a tháinig aniar aduaidh orm ná seacláid na Nollag. Tugadh bosca Roses dom, ach bhí iontas orm nuair a d’osclaíos iad maidin Nollag agus bhí – ar an gcéad dul síos – seacláid dhorcha (agus ní an tseacláid lán bainne a bhíonn ann ag baile) chomh maith le milseáin amhail ‘Passionfruit Delight’ sa bhosca!
Tugann na hathruithe seo mé go dtí mo phointe: is iomaí rud atá mícheart in Éirinn, idir easpa tithe, an costas maireachtála, agus easpa consanta don timpeallacht, ach rud a dhéanaimid i gceart ná an Nollaig. Agus is dóigh liom gur iontach na traidisiúin atá againn in Éirinn.
Má chuirtear ceist ar éinne in Éirinn cad is brí leis an Nollaig nó cad iad na rudaí is tábhachtaí fén Nollaig, is féidir a bheith nach mór cinnte go luafaidh siad an teaghlach, na comharsana, cairde, grá. Tá tábhacht nach beag gur féidir formhór daoine a bheith saor ón obair ar feadh lae, go ndúntar na siopaí agus na bialanna agus go mbíonn na bóithre leath-fholamh.
Is dócha, an t-athrú is suntasaí a bhraithimse agus mé ar an taobh eile den domhan, ná go bhfuil an t-am ag baile níos tábhachtaí dúinn in Éirinn ná mar atá brabús agus áisiúlacht.
Tuigim, gan dabht, go bhfuil níos mó daoine ná riamh in Éirinn anois ná céiliúrann an Nollaig, agus ná creideann sa lá, ach cén dochar? Bíodh sé mar fhéile Chríostaí, nó díreach lá saor do chách, nach deas é a bheith suite timpeall an bhoird, ag ithe, ag ól, ag roinnt scéalta? Nach deas é go bhfuil lá ann fós nach féidir leat ach seirbhísí bunúsacha a úsáid, nach faoiseamh beag é ón gcóras caipitleachais ina bhfuilimd sáinnithe? Nach iontach an rud é gur féidir dul amach ar an 23 Nollaig agus bualadh le daoine atá imithe le fada chun na hAstráile, na Nua-Shéalainne, nó na Stát, tagtha abhaile don ócáid speisialta seo?
Rud eile atá go deas fén Nollaig in Éirinn ná go mbíonn, de ghnáth, daoine flaithiúil agus go gcuirtear fáilte roimh chuairteoirí le haghaidh dinnéir agus céiliúrtha. Is am ana-dheacair í an Nollaig do roinnt mhaith daoine, agus b’fhéidir gur chóir dúinn cuimhneamh air seo níos mó agus sinn ag eagrú rudaí don am seo bliana.
Ach táim cinnte go mbíonn cúpla duine ag an mbord linn ar fad a bheadh ina n-aonar don lá muna mbeidís linne, agus is iontach an rud é daoine atá ag streachailt, nó ag fulaingt seans, a thabhairt isteach go dtín tigh chun píosa den ngrá agus den áthas a roinnt leo.
Is dóigh liom féin gur maith an rud i gcónaí imeacht agus codanna den domhan a fheiscint, cultúir eile a bhlaiseadh agus gan an rud céanna a dhéanamh i gcónaí. É sin ráite – fág an Nollaig in Éirinn mar atá sí, nó tá baol ann go gcaillfear an draíocht go hiomlán!