Tháinig críoch leis an fhéile chlúiteach Bhascach San Fermín inné leis an rith tarbh is sciobtha riamh.
Tá cáil dhomhanda ar an ragairne seachtaine a thiteann amach in Iruña (Pamplona), príomhchathair an chúige Bhascaigh Navarra, gach Iúil leis na céadta míle duine ag teacht chun an cheantair chun páirt a ghlacadh sa spraoi agus chun rith leis na tairbh trí shráideanna ársa na cathrach.
Is i ndiaidh éarlamh na dúiche, San Fermín, atá an fhéile ainmnithe agus téann fréamhacha an cheiliúrtha siar go dtí an 16ú céad ar a laghad.
Gach maidin ar 8rn le linn Sanfermines, mar is fearr aithne ar an fhéile go háitiúil, ritheann slua atá gléasta i gcultacha bána le carbhat dearg chun tosaigh ar shé tharbh ar a mbealach chuig an chró tarbhchomhraic, áit a maraítear na tairbh níos moille sa lá.
Maidin inné ghlac an rúid sin dhá nóiméad agus cúig shoicind, an t-am is gasta i stair na féile.
Ón bhliain 1910 maraíodh 15 duine ag na rití contúirteacha seo ach d’fhógair oifigigh nár maraíodh aon reathaí i mbliana, cé gur sádh deichniúr le hadharca na dtarbh.
Ar bharr na n-imeachtaí spraíúla féin, tugann San Fermín deis don phobal Bascach a bhféiniúlacht a léiriú don saol mór agus feictear brat Thír na mBascach, an Ikurrina, agus comharthaí polaitiúla ar crochadh ar fud Iruña le linn na seachtaine.
Is minic a dhéanann péas na Spáinne iarracht bratacha Bascacha a bhaint anuas i rith na féile, rud a chothaíonn conspóid agus teannas i measc an phobail áitiúil.
Cúis eile díospóireachta ná an tarbhchomhrac féin a tharlaíonn tar éis do na tairbh an cró a bhaint amach.
Bíonn agóidí i gcoinne mharú na dtarbh ar fud stát na Spáinne ar bhonn bliantúil anois agus sa Chatalóin – tír eile ar ndóigh a bhfuil feachtas láidir neamhspleáchais aici – tá cosc ar throideanna na dtarbh ó 2012, cé go bhfuil rití tarbh ceadaithe fós.
Ní dócha áfach go mbainfidh an plé faoi chearta ainmhithe de tharraingt San Fermín do na mílte a fhreastalaíonn ar an fhéasta iomráiteach gach samhradh – dóibh sin is eispéireas ar leith é nár chóir a chailleadh.