Agus maolú ag teacht ar shrianta Covid-19, tá deis againn dul ag spaisteoireacht in ár gcontae féin anois! Seo roinnt moltaí d’áiseanna agus imeachtaí go dtig leat taitneamh a bhaint astu i do cheantar féin sna seachtainí agus míonna amach romhainn.
1. Gaillimh
Rothaigh ó lár na cathrach amach go dtí an Spidéal, agus cuir dúspéis i gceantar Chonamara. Stop i gCeardlann an Spidéil agus bíodh lón deas agat ón mBuilín Blasta. Bí cinnte agus Gaeilge a labhairt leo!
2. Liatroim

Thig leat taitneamh a bhaint as siúlóid ar chlárchosán Loch Aillionn, a nascann sráidbhaile Liatroma le Droim Seanbhó. Stop i nDroim Seanbhó le triail a bhaint as cácaí deasa i Jinny’s Bakery & Tearooms!
3. Maigh Eo
Caith lá ag rothaíocht ar Ghlasbhealach Mór an Iarthair ó Chathair na Mairt go hAcaill. Is turas 42 ciliméadar in iomlán é, ach thig leat sos a ghlacadh le taitneamh a bhaint as radharc ar Chruach Phádraig!
4. Sligeach

Caithfear cuairt a thabhairt ar an Leathros, agus lá a chaitheamh cois farraige. Glac páirt i gceachtanna surfála le scoil surfála an Leathrois, a osclóidh ag tús mhí Iúil arís. Bíodh burgar deas agat ó Shells Café ina dhiaidh!
5. Ros Comáin
Caithfear cuairt a thabhairt ar Loch Cé, áit a bhfuil coill ghalánta agus go leor siúlbhealaí ann. Tá caisleán agus fothrach le feiceáil ar an loch, agus bialann The Moorings in aice láimhe — bíodh pionta agus dinnéar blasta a bheith agat.