Agus maolú ag teacht ar shrianta Covid-19, tá deis againn dul ag spaisteoireacht in ár gcontae féin anois! Seo roinnt moltaí d’áiseanna agus imeachtaí go dtig leat taitneamh a bhaint astu i do cheantar féin sna seachtainí agus míonna amach romhainn.
1. Ceatharlach
Osclóidh gairdíní céadfacha Delta i Strawhall, Contae Ceatharlach arís amárach. Is féidir sult a bhaint as an réimse leathan gairdíní atá ann, ó ghairdín na gcluichí go gairdín an tsuaimhnis. Bíodh cupán tae agus greim beag le n-ithe agat ón gcaifé agus tú ag baint taitneamh as an dúiche mórthimpeall.
2. Baile Átha Cliath
Caith roinnt ama i nGarraithe Náisiúnta na Lus i nGlas Naíon i dtuaisceart na cathrach, ag spaisteoireacht thart ag amharc ar na plandaí galánta éagsúla atá ann. Is fiú píotsa a fháil sa Village Pizza i mBaile Phib, atá mar chuid den Bernard Shaw nó bia Liobánach a bhailiú ó ‘Shouk’ i nDroim Conrach.
Téigh ag snámh ag an bPointe, más i ndeisceart na cathrach atá tú, agus bain taitneamh as cupán caifé deas ó Bear Market Coffee sa Charraig Dhubh.
3. Cill Dara
Athosclófar cathair ghríobháin Chill Dara arís ag deireadh na míosa. Thig leat galf mearaí a imirt, dul ag spaisteoireacht sa chathair ghríobháin nó craic a bheith agat ar an ziplíne. Tabhair picnic leat agus bain taitneamh as an dúlra mórthimpeall ort.
4. Cill Chainnigh

Siúil tríd sráideanna meánaoiseacha baile Chill Chainnigh agus caith súil ar na siopaí deasa agus caiféanna atá ann. Tabhair cuairt ar Castle Arch Pottery, áit le hábhar ceardaíochta galánta, chomh maith le caifé go tig leat lón deas a bheith agat ann. Is fiú cuairt a thabhairt ar fhearann an chaisleáin freisin, áit a dtig leat bualadh le do chairde taobh amuigh, má bhíonn aimsir mhaith ann.
5. Laois
Déan an tsiúlóid phortaigh i Mainistir Laoise. Is siúlbhealach ocht gciliméadar é a ghlacfaidh thart ar dhá uair a chloig ort. Tá trucail bia lonnaithe ag óstán mhainéar Mhainistir Laoise, áit go dtig leat caifé agus bun a bheith agat. Tá oigheann píotsa suiteáilte acu chomh maith agus beidh píotsa ar fáil ón trucail as seo amach!
6. An Longfort
Tabhair cuairt ar choillte Doire Chasáin, le siúlóid 3.2 chiliméadar a dhéanamh le do mhuintir. Tabhair picnic leat agus bain taitneamh as cois locha! Is turas leathuaire é go baile an Longfoirt, áit a dtig leat lón galánta a bheith agat sa Gallery Café.
7. An Lú
Is ceantar galánta é Cairlinn i gContae Lú, agus Loch Chairlinn suite ar leithinis Chuaille. Thig leat páirt a ghlacadh i spóirt uisce in hIonad Eachtraíochta Chairlinn. Tá an ‘Skypark’ athoscailte arís, a thabharfaidh deis duit spraoi a bheith agat san Ionad is mó eachtraíochta na hÉireann.
8. An Mhí

Beidh clár iomlán imeachtaí á reáchtáil arís go luath ag Boyne Valley Activites i mBaile Átha Troim. Is féidir réimse leathan spórt agus imeachtaí eile a dhéanamh ann, idir bhoghdóireacht, chadhcáil, agus cúrsa rópaí arda. Nuair a bheidh do dhóthain den eachtraíocht déanta agat, téigh ag breathnú ar Chaisleán Bhaile Átha Troim, an caisleán is mó in Éirinn agus bíodh cupán deas tae agat sa Rosemary Bistro
9. Uíbh Fháilí

Tá Loch na Buaraí oscailte dóibh siúd atá ina gcónaí go háitiúil sa Tulach Mhór. Tá sé i lár an phortaigh, agus tá go leor bealach deas ann gur féidir leat úsáid a bhaint astu. Is fiú suim a chur sna háiseanna uilig atá ar fáil ann — thig leat iascaireacht nó rothaíocht a dhéanamh, chomh maith le breathnú ar éin.
10 An tIarmhí
Déan an tsiúlóid ar imeall bruacha na Sionainne a thosaíonn ar chúl Chaisleán Baile Átha Luain. Is féidir bia a thabhairt do na healaí ar do bhealach! Bíodh pionta le tabhairt leat agat ó Seán’s Bar i mBaile Átha Luain, an teach tábhairne is sine in Éirinn.
11 Loch Garman
Caithfear cuairt a thabhairt ar thrá álainn Churrach Cló i Loch Garman. Is fiú an turas beag a dhéanamh go baile Loch Garman ina dhiaidh sin, le triail a bhaint as píotsa ó Crust!
12 Cill Mhantáin
Déan an tsiúlóid aille ó Bhré go dtí Na Clocha Liatha i gCill Mhantáin. Is bhealach seacht gciliméadar é, a ghlacann thart ar dhá uair a chloig a shiúl. Bí cinnte agus churros a bheith agat ó bhialann Las Tapas sna Clocha Liatha nuair a bheidh an tsiúlóid deánta agat!