An turasóireacht áitiúil – moltaí do Chúige Mumhan

Agus maolú ag teacht ar shrianta Covid-19, tá deis againn dul ag spaisteoireacht in ár gcontae féin anois! Seo roinnt moltaí d’áiseanna agus imeachtaí go dtig leat taitneamh a bhaint astu i do cheantar féin sna seachtainí agus míonna amach romhainn.

1. An Clár

Doolin - Fisher Street - Village Area - Buildings along North Side of Fisher Street

Is fiú dul ag siúl ó Aillte an Mhothair go Dúlainn, atá thart ar ocht gciliméadar ar fhad, le taitneamh a bhaint as na radhairc! Glac sos i mbaile beag álainn Dúlainn, áit go dtig leat dul ag snámh ag an cé. B’fhéidir go bhfeicfidh tú Dusty (nó Sandy más Gaillmheach thú!) an deilf, má bhíonn an t-ádh leat! 

2. Corcaigh

Tabhair cuairt ar chaisleán na Carraige Duibhe i gcathair Chorcaí. Suite ar bhruach an uisce atá sé, agus conair shiúil an tslí ar fad go Baile an Róistigh. Is féidir cupán tae nó caifé a fháil ó chaifé an Chaisleáin agus taitneamh a bhaint as ar bhruach na habhann. 

3. Ciarraí

Níl áit níos deise ná an Daingean fá choinne lá taitneamhach a chaitheamh. Glac páirt i dturas cadhcála ar an uisce le Irish Adventures, ionas go dtig leat Corca Dhuibhne a fheiceáil i gceart. Bíodh iasc úr agus manglam le tabhairt leat ó Doyle’s, agus ná déan dearmad uachtar reoite a fháil i Murphy’s ina dhiaidh sin! 

4. Luimneach 

The Edge In The Milk Market - Limerick

Tá Milkmarket Luimnigh i lár na cathrach athoscailte anois ó lár mí Bealtaine. Tá réimse leathan bia, éadaí agus táirgí éagsúla ann. Déan cinnte go mblaiseann tú bia ó stainnín The Real Olive agus Green Saffron agus tú ann!

5. Tiobraid Árann

At trig point on Devil's Bit Mountain - view towards Little Rock & cross

Téigh chuig an Teampall Mór, más maith leat am a chaitheamh taobh amuigh le do chairde. Dreap Bearnán Éile mar ghrúpa agus bain taitneamh as pancóga ó Café on Main ina dhiaidh sin!

6. Port Láirge

Guillamene Cove, Tramore, Waterford

Caith lá sa Trá Mhór i gcontae Phort Láirge cois farraige. Téigh ag snámh agus bíodh iasc agus sceallóga deas agat ó Dooly’s ar an bpríomhshráid! Tabhair cuairt ar na garraí Seapánacha, má tá am agat freisin!

SCÉALTA EILE