An tseachtain seo caite, seoladh an t-ollbhus TEB-1, córas nua taistil sa tSín a rachaidh i ngleic le hollphlódú i gcathracha na tíre.
An tseachtain seo, tá iarrachtaí fadradharcacha eile á ndéanamh i gcearn eile den domhan a dhéanfaidh turas fada i bhfad níos giorra.
Tá comhlacht ailtireachta, Weston Williamson as Londain, ag moladh go gcuirfear córas todhchaíoch taisteal ardluais i bhfeidhm idir Adelaide, Melbourne, Canberra, Sydney agus Brisbane na hAstráile.
Mar atá a fhios againn, tháinig mórathrú ar nósanna taistil le teacht chun cinn an chairr, na traenach agus an eitleáin, agus d’fhéadfadh an lorg céanna a bheith ag an Hyperloop, a deirtear.
Faoi láthair, tógann sé 11 uair an chloig tiomáint ó Melbourne go Brisbane, ach táthar ag tuar go ndéanfaidh an Hyperloop turas 90 nóiméad de.
Thar aon tír eile ar domhan, meastar gurb í an Astráil an tír is feiliúnaí le haghaidh córas taistil den chineál seo, ó tharla formhór na gcathracha a bheith buailte leis an chósta thoir.
Coincheap is ea é de chuid an fhiontraí Elon Musk, an fear céanna a bhunaigh PayPal agus Tesla, comhlacht a dhéanann carranna leictreacha.
Tá sé de rún aige daoine a chur go Mars fosta.
Dar le Musk, is pósadh é an Hyperloop idir aerárthach forshonach (supersonic aeroplane), teilgeoir leictreamaighnéadach (electromagnetic launcher) agus tábla aerhaca.
Go bunúsach, ritheann na carráistí ar aerchúisín agus coinníonn luasairí maighnéadacha na carráistí ag gluaiseacht ar aghaidh.
Feidhmíonn an Hyperloop os cionn an talaimh agus faoi, agus ó tharla nach bhfuil rianáin i gceist, maítear nach gcuirfidh sé isteach ar an infreastruchtúr timpeall air.
Taobh amuigh d’am a shábháil ort, meastar go laghdóidh sé truailliú aeir chomh maith.
Cé go bhfuil fréamhshamhla á bhforbairt faoi láthair san Eoraip agus i SÁM, ní fios fós cén uair a bheidh siad réidh.
Seans, áfach, nach fada uainn an lá go mbeidh muid in ann cuairt a thabhairt ar gach gaol, comharsa agus cara linn san Astráil in aon turas amháin!