Tá físeán iontach curtha le chéile ag an déantóir éadaí spóirt mór le rá Billabong a léiríonn scoth na dtonn agus an cheoil atá ar fáil in Éirinn.
Chuirfeadh sé ionadh ar go leor ach briseann cuid den tsuaill is fearr ar domhan amach ó chósta an iarthair.
Ó thaobh líon na dtránna de, éagsúlacht toinne, áilleacht an tírdhreacha, uisce glan – agus é gan a bheith róphlódaithe – is geall le parthas í Éire ag surfálaithe.
Le tamall de bhlianta anuas tá cáil na tíre i leith na tonnmharcaíochta ag fás agus is iarracht é an físeán is déanaí seo daoine san Astráil a chur ar an eolas faoi ardchaighdeán surfála na hÉireann.
Taifeadadh an físeán nuair a bhí ‘fir na dtonn mór’, Shane Dorian agus Benjamin Sanchis, ar cuairt i gCo. an Chláir ar na mallaibh.
Táthar beirt aitheanta ar na surfálaithe is fearr ar domhan.
Níos luaithe i mbliana, tháinig Sanchis, as Hossegor na Fraince, slán ón tonn is mó a surfáladh riamh agus é luaite i measc Churiarrachtaí Domhanda Guinness dá bharr.
Is é an fliúiteadóir Conor Crimmins atá i mbun ceoil agus a chum an fuaimrian. Ina theannta leis, tá an fidléir Tara Breen, fear an bhodhráin Dale McKay agus an giotáraí Sean O’Meara.
Taifeadadh na ceoltóirí i dteach tábhairne Kenny’s, An Leacht, Co. an Chláir.
Ní Billabong an t-aon dream áfach chun físeán a dhéanamh a dhíríonn ar thonnta agus ar cheol.
Coicís roimhe, sheol ceoltóirí agus surfálaithe Bhéal Átha Seanaidh (‘The Shams’ mar is fearr aithne orthu ina gceantar dúchais) an gearrscannán Seven Shamurai.
Bunaithe ar an Seven Samurai clúiteach le Akira Kurosawa, amhrán le Wu-Tang Clan agus fuamrian Ghost Dog RZA, léirítear na tonnta amach ó chósta Thír Chonaill, chomh maith le cuid de na háiteanna surfála is fearr sa tír.
Taispeánadh Seven Shamurai ag Féile Scannán Surfála na hÉireann ‘Shore Shots’ a bhí ar siúl i mBaile Átha Cliath ag tús mhí Aibreáin.