Dá mba rud é gur mhian leat cuairt a thabhairt ar chathair a bhfuil a lán staire ag baint léi agus, mar aon leis sin, atá beoga agus corraitheach agus ina bhfuil neart le déanamh go háirithe do dhaoine ar suim leo ragairne agus spraoi, tá Beirlín gan sárú!
Is cathair ollmhór í príomhchathair na Gearmáine agus caithfear ar a laghad seachtain a chaitheamh ann chun na hiontais go léir a fheiceáil agus aithne cheart a chuir uirthi.
Ní fiú dul ann ar feadh lae nó dhó mar ní thig le duine ar dhroim an domhain cuairt cheart a thabhairt ar an gcathair ársa seo sa tréimhse ghar sin.
Iontais
Tá Beirlín ag cur thar maoil le hiontais arbh fhiú a fheiceáil.
Geata Brandenburg, an Reichstag, an Tiergarten, an Balla, Checkpoint Charlie – sin na cinn is mó aithne ach tá i bhfad Éireann, nó i bhfad Beirlín ba chóir a rá, níos mó ná sin ann. Tá siad gan chuimse.
Is dóigh gurb é Geata Brandenburg an t-iontas is mó aithne sa chathair. Is comhartha na cathrach é agus is áille an geata é. I bhfochair an gheata, tá an Reichstag (Arás an Bundestag).
Bíonn sluaite móra i gcónaí ag triall ar an Reichstag chun siúl timpeall an chruinneacháhn ghloine agus na feisirí a fheiceáil ann. Bí ag súil le bheith ag feitheamh tamaill chun cead isteach a fháil, mar sin, ach is fiú é.
Sa cheantar céanna tá an Denkmal für die ermordeten Juden Europas (Cuimhneachán do na Giúdaigh Eorpacha a Dúnmharaíodh). Seo machaire ar a bhfuil breis agus 2,700 leacán tógtha air chun na milliúin Giúdach ar dhúnmharaigh na Naitsithe iad i rith an Dara Cogadh Domhanda a chomóradh.
Tá roinnt de na leacáin íseal ach éiríonn roinnt eile acu chomh hard le ceithre mhéadar. Tá na leacáin leagtha amach i dtreasa agus is féidir siúl eatarthu.
Shílfeá gur ait an bealach é chun na daoine a dúnmharaíodh a chomóradh mar go bhfuil cuma ghruama dhuairc ar na leacáin agus téann an duairceas sin i bhfeidhm ort agus tú ag siúl tríd.
Tá ionad eolais faoi thalamh ar an suíomh agus ba chóir cuairt a thabhairt air chun tuilleadh eolais a fháil ar cad a tharla san Uileloscadh. Níl Checkpoint Charlie rófhada ón séadchomhartha sin.
Buail trasna chuig an taobh thoir den chathair chuig an Fernsehtrum atá lonnaithe gar do Alexanderplatz a fheiceáil.
Thóg rialtais an DDR (Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine) sna 1960í é chun a léiriú cá mhéad dul chun cinn a bhí déanta acu agus freisin chun a gcumhacht a thaispeáint d’iarthar Bheirlín mar ba é, agus is é fós, an foirgneamh is airde sa chathair.
Is éard is brí le Fernsehtrum ná túr cianamharcaíochta. Cianamharcaíocht an chéad fhocal a bhí ann i nGaeilge ar theilifís agus is crann an-ard tarchurtha teilifíse é seo maille le hionad inar féidir Beirlín ar fad a fheiceáil ó ard san aer.
Is féidir dul suas chuig ardán breis agus 200m ar airde chun amharc ar an gcathair agus ar lá geal is féidir rudaí i gcéin agus i gcóngar a fheiceáil. Dá bhrí sin is oiriúnach an cur síos é túr cianamharcaíochta mar feidhmíonn sé mar chrann tarchurtha teilifíse agus mar ionad faire ag an am céanna.
Tabhair faoi deara gurb é an Fernsehtrum ceann de na hionaid is mó éileamh i mBeirlín. Tugann breis agus milliún daoine cuairt air gach bliain mar sin, arís, bí ag súil le feitheamh i scuaine fhada chun dul isteach ann.
Agus tú i bhfochair an Fernsehtrum, siúl chuig Alexanderplatz agus féach ar an gclog spéisiúil atá ann. Glaoitear Weltzeituhr air agus is aisteach agus iontach an clog é! Is cineál dealbh é ar a bhfuil aimneacha cathracha éagsúla ar fud na cruinne scríofa.
Taispeántar an t-am sna háiteanna sin ar an gclog neamhghnách seo agus ar mhullach na deilbhe tá cnuasach de chruinneáin atá mar léiriú de na plainéid agus iad ina bhfithis. Is nós do mhuintir na cathrach coinní a dhéanamh bualadh ag an gclog.
I measc na n-iontas eile ar chóir cuairt a thabhairt orthu ná an Tiergarten.
Is fearann ollmhór é seo i lár na cathrach ina bhfuil garraí na n-ainmhithe agus an Siegessäule (Colún an Bhua). Sin an séadchomhartha ar a bhfuil aingeal órga ar a mhullach a bhí le feiceáil sa bhfíseán don amhrán ‘Stay’ de chuid U2.
Is fiú go mór dul chuig Schloss Charlottenburg in iarthar na cathrach freisin, bruíon nó pálás gleoite í seo le seomraí agus garraí galánta ann.
Iarsmalanna
Is deacair é a shamhlú ach tá 180 iarsmalann éagsúla i mBeirlín – Conas a thig le duine ar bith cuairt a thabhairt orthu uile riamh?
Tá oileán acu darbh ainm Museumsinsel (Oileán na nIarsmalann) ar a bhfuil cúig iarsmalann agus dánlann bailithe le chéile in aon cheantar amháin. Is iad na hiarsmalann is tábhachtaí agus is mó i mBeirlín.
Tá na hiarsmalanna seo ag cur thar maoil le hiarsmaí ársa ó shuíomhanna éagsúla ar fud na cruinne.
B’fhéidir gurb é Pergamonmuseum an ceann is iomráití de bharr an altóir ghalánta ón Tuirc ann agus an Geata Ishtar ón Bhablóin.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Iarsmalann an DDR atá suite in oirthear na cathrach (ar ndóigh). Is iarsmalann nua-aimseartha é seo chun tuiscint a fháil ar conas mar a bhí an saol ag daoine i bPoblacht Dhaonlathach na Gearmáine sular theip uirthi in 1989.
Tá sí lán le léaráidí, mionsamhlacha agus taispeántais idirghníomhacha chun an phoblacht seo, a shíl go leor bheith urchóideach, a léiriú.
Tá lán cead ag daoine a láimhe a leagadh ar na taispeántas agus nithe a bhraith. Taitneoidh sé go mór le cách.
Bia
Má tá tú chun seal a chaitheamh i mBeirlín, is fiú béile ceart Gearmánach a chaitheamh.
Moltar go mór duit bualadh isteach sa bhialann Nante-Eck ar an tsráid mhór Unter den Linden i gceartlár na cathrach.
Caitheann na freastalaithe feistis dhúchasacha agus is bia Gearmánach amháin a dháiltear. Tá an bia breá folláin agus líonfaidh sé go draid thú!
Ba chóir freisin buidéal de Zille’s Fassbrause a cheannach agus a ól.
Is deoch neamhmheisciúil é agus is deacair an blas a mhíniú ach beidh fonn ort é a ól arís agus arís eile!
Siamsaíocht Oíche
Más mian leat dul ag damhsa istoíche tá neart roghanna agat. Glac leis an gcomhairle seo: Is club iontach é Matrix.
Tá sé suite in oirthear na cathrach agus tá seacht seomra ann le ceol éagsúil i ngach ceann acu. Bainfidh cách sult as.
Más fearr leat ceol damhsa, ba chóir dul chuig Waterfront atá tógtha cois abhann. Agus ionas nach mbeidh díomá ort, ná téigh in aice leis an gclub Tresor – is áit uafásach í.
Is cuma má mholann daoine go spéir é nó má mholtar é i bhfoilseacháin eile, ná téigh ann. Fanann na clubanna ar oscailt go dtí moch ar maidin.
Iompar
Tá córas iompair den scoth ar fáil i mBeirlín, mar a bheifeá ag súil leis.
Is iomaí cineál iarnróid atá ar fáil – S-Bahn, U-Bahn, riancharranna mar aon le busanna agus báid!
Tá iarnród timpeall lár na cathrach ar a dtugtar an Ringbahn (an Fáinne) agus is féidir taisteal anonn is anall air.
Moltar go mór duit Berlin WelcomeCard a cheannach nuair a shroicheann tú an chathair iontach seo mar bheidh tú in ann taisteal ar na córais éagsúla ar fad gan ticéid a cheannach i dtólamh.
Cathain le cuairt a thabhairt
An tráth ceart den bhliain chun cuairt a thabhairt ná anois, mí Aibreáin nó Bealtaine, sula mbíonn sé róthe nó i Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair sula mbíonn sé rófhuar.