Bolcáin, bia agus beatha

Tá clú, nó míchlú, an Mhaifia ar an tSicil le fada an lá. Ach, mar a fuair Maitiú de Hál amach, tá i bhfad níos mó i gceist leis an oileán álainn Meánmhara seo…


Seoid i lár na Meánmhara í an tSicil.

Is iomaí treabh a rinne ionradh uirthi idir Fhéinícigh, Ghréagaigh, Rómhánaigh, Vandalaigh, Oirghotaigh, Bhiosántaigh, Normannaigh, Arabaigh, Spáinnigh agus fá dheireadh, na hIodálaigh!

Ní haon ionadh é sin nuair a amharcann tú ar an tírdhreach álainn torthúil múnlaithe is fáiscthe ag laibhe na mbolcán, cuid acu atá beo go fóill.

Agus muid ag eitilt isteach thar chnocaibh mhaorga a thuirlingíonn anuas go tobann isteach san fharraige, meabhraíodh dom na línte cumhachta sin a osclaíonn An Druma Mór le Seosamh Mac Grianna “Idir sliabh agus cladach… Is iomaí fail agus cneá ar na cladaigh chéanna, is iomaí colm agus gág iontu, de thairbhe an chomhraic sin sula dtáinig Parthalán go hInis Samhaoir”.

Is deacair gan a bheith faoi gheasa ag an oileán álainn seo, tá sé mar bheadh an saol eile ann.

Meascán agus éagsúlacht

Tá oidhreacht na n-ionsaithe agus na léigear le sonrú in achan áit; i gcultúr, i mbia, in ailtireacht agus i dteanga an oileáin seo.

Is iomaí duine a déarfadh leat gur Shiciligh iad ar dtús agus ansin ina nIodálaigh.

palazzo-dei-normanni

Níl eiseamláir níos fearr den stair eisceachtúil seo ná Palazzo dei Normanni (thuas) i Palermo, an phríomhchathair.

Pálás Arabach ar chuir na Normannaigh agus na Spáinnigh a lorg ailtireachta féin air ina dhiaidh sin.

Is é buaicphointe na bliana nuair a cheiliúrtar Féile Santa Rosalia, patrún na cathrach.

Bíonn oíche go maidin ann i lár mhí Iúil, le togha gach bia is rogha gach di agus na sráideanna plódaithe le daoine ag teacht amach chun mórshiúil an deilbh a fheiceáil.

Leoga, ní féidir cuairt a thabhairt ar Palermo gan dul go dtí Mercato Ballarò – is é an t-aonach seo cuisle na cathrach.

Síneann an margadh seo ar feadh na mílte is cosúil, le géaga éagsúla ag gobadh amach anseo is ansiúd.

Bíonn a gcuid scáthanna dearga ag clúdú achan rud idir ispíní, iasc úr, clúidíní, potaí agus spéaclaí gréine.

Níl sárú ar an bhia úr anseo agus fir is mná na seastán an-bhrodúil as an obair atá idir láimhe acu.

Cathair den scoth í Palermo.

Táthar ann nach dtaitníonn na sráideanna beaga brocacha leo, nach dtaitníonn fuíollach an aonaigh ar na sráideanna ar nós glasraí imithe ó mhaith agus putóga éisc is sicín ná na móipéidí ag síor eitilt thart agus tú ag trasnú an bhóthair – ach taitníonn na rudaí sin ar fad liomsa.

palermo-sicil

Is breá liom an sean-ailtireacht is na sráideanna beaga caola cúnga a lúbann thart coirnéil i ndiaidh coirneála.

Is breá liom codarsnachta na cathrach, a beocht, a práinn agus a scríste, daoine atá iontach bródúil agus ar nós cuma liom ag an am chéanna.

Thaitneodh Siracusa/Sioracús i bhfad ní b’fhearr le mórán.

Lena foirgnimh ghlana ghalánta snasta, bíonn macalla dá n-oidhreacht Ghréigeach chlasaiceach le sonrú sa chathair seo.

Is ar na sráideanna seo, de réir an tseanchais, rith Archimedes síos an tsráid lomnocht i ndiaidh dó teacht ar thuigse an díláithrithe ina fholcadán féin.

Tá fothaigh ar fud na cathrach idir Scairdeán Arethusa, Necropolis Pantalica agus teampaill Apollo uilig thart ort.

Bua na mbolcán

Má tá briseadh iomlán de dhíth ort ó na cathracha, níl an tuath i bhfad uait a riamh.

Tá na hinseáin Aeólacha suite ar oirthuaisceart an oileáin agus tá siad galánta ar fad.

Tá saibhreas seandálaíochta ann agus is féidir cuairt a thabhairt ar oileán Vulacano lena folcadáin chlabair nádúrtha agus ar bholcán beo, Stromboli atá i bhfad níos saoire ná a deirfiúr cáiliúil, Etna.

antsicil3

É sin ráite, áfach, beidh praghsanna na dturasóirí le díol ar choir a bheith achan rud eile.

Dár ndóigh, ní féidir labhairt faoin tSicil gan an bia a lua.

Tugann an chréafóg bholcánach is an ghrian na trátaí is glasraí is fearr dúinn agus bíonn bia na mara, dár ndóigh den chéad scoth le fáil ann.

Is idir béilí áfach, a dhéantar an damáiste is mó!

Thit mé i ngrá le leithéidí arincini (risotto, ragù le grabhróga domhainfhriochta), paneddi (plúr sicphiseánaigh domhainfhríochta) agus pani cà meusa (ar dheis) ina bhfuil liathán bó agus cáis idir dhá phíosa aráin.

Ní bheadh achan duine meallta ag an meusa ach ar nós na putóige duibhe, ná smaoinigh faoi a bhfuil inti. Ith é agus bain sult as!

Ina dhiaidh sin ar fad, má tá goile ort fá choinne na milseoige, (agus sa tSicil, beidh i gcónaí!) níl sárú ar a gcuid gelato (uachtar reoite) le gach uile blas faoin ghrian, macasamhail chnó pistéise ina measc.

Ach is é an canollo an buaicphointe: tiúb taosráin domhainfhriochta líonta le ricotta milis agus le seacláid.

É sin le cois caife, is ionann le béile ann féin.

cannoli

Tá rud amháin nach bhfuil luaite go fóill, rud atá fite fuaite in intinn na ndaoine nuair a smaoiníonn siad ar an tSicil; An Maifia.

Seachas t-léine nó dhó a chonaic mé i siopa na dturasóirí ní raibh a lorg le feiceáil ann.

Ní hé sin le rá nach bhfuil siad ann go fóill ach má théann tú ar á dtóir, seans go mbeidh díoma ort.

Thig leat glacadh leis sin bealach ar bith is dócha.

Oileán is ea í an tSicil a bhfuil saibhreas aici ina cuid staire, ina huiscí agus ina créafóg aici.

Tabhair cuairt ar oileán beag seo i lár na farraige mar a rinne treibh éagsúla thar na cianta agus tcífidh tú cad chuige.


Conas dul

Bíonn eitiltí ag Ryanair ó Bhaile Átha Cliath go Palermo agus go Comiso le linn an tséasúir thurasóireacht den chuid is mó.

An chuid eile den bhliain is féidir eitilt go mórthír na hIodáile agus bád farrantóireachta a fháil.

Cosnaíonn ticéad fillte le haghaidh paisinéirí coise €2 ó Villa San Giovanni nó Reggio di Calabria.


Foilsíodh an t-alt seo in Eagrán 46 den leagan clóite de NÓS.

SCÉALTA EILE