Shiúil mé ó St-Jean-Pied-de-Port go Santiago de Compostella nÃos luaithe i mbliana agus molfaidh mé do dhuine ar bith a éistfidh liom an turas sin a dhéanamh —bhain mé an oiread sin taitneamh as agus tá cairde nua aimsithe agam ar fud an domhain. Cheana féin, thug mé cuairt ar bheirt éagsúil i Meiriceá, agus tá cuirà chun na Fraince agus na Gearmáine faighte agam freisin.
Ach tuigim gur fada an t-achar é 800km, agus nach bhfuil an t-am saor ag chuile dhuine turas ceithre nó cúig seachtaine trasna na Spáinne a dhéanamh. Má bhÃonn an deis agat an Camino a dhéanamh — fiú ina gcodanna beaga mar a dhéanann formhór na n-oilithreach — déan é, ach mura bhfuil an t-am ná an t-airgead agat an turas mór a dhéanamh, ná bà buartha. Is iomaà Camino in Éirinn.
Agus mé ar cuairt ag duine de mo chairde Camino in iarthar New York an mhà seo caite, luaigh sé liom go raibh spéis aige féin agus a bhean saoire fánaÃochta a dhéanamh san Eoraip agus go raibh an-spéis acu sa mBreatain agus in Éirinn, mar nach bhfuil sé chomh te céanna anseo don fhánaÃ.
Bhà a chuid taighde déanta aige agus nÃos mó eolais aige féin faoi oilithreachtaà na hÉireann ná mar a bhà agam féin. Chuala mé faoi Chosán na Naomh i gcontae ChiarraÃ, ar a bhfuiltear ag tabhairt an ‘Kerry Camino’ ar na saolta seo, agus go deimhin shiúil mé Slà ChaoimhÃn Naofa agus mé i mo dhéagóir. Tá Cruach Phádraig dreaptha agam ceithre huaire anois (agus gan ach trà thuras eile le déanamh, de réir na bpisreog!), agus chuala mé faoi chonairà eile ar nós turas Loch Dearg, Turas Cholm Cille agus cúpla ceann eile.
Ach nÃor thuig mé go raibh ord agus eagar ar na hoilithreachtaà seo agus go bhféadfaà turas ar nós an turais mhóir a dhéantar sa Spáinn a dhéanamh anseo in Éirinn ar chostas an-bheag.
Tháinig an eagraÃocht Oilithreachtaà na hÉireann le chéile in 2013, agus ó 2016 i leith, tá ‘Teastas Oilithreachta’, ar nós an teastais a bhronntar in Santiago, á bhronnadh ar dhaoine a shiúlann (nó a ritheann) cúig cinn de na hoilithreachtaà Gaelacha seo. Tá lÃon na ndaoine a bhaineann an teastas seo amach ag dul i méid bliain i ndiaidh bliana, agus tá an spéis atáthar a chur inár gconairà dúchais ag fás de réir a chéile.Â
Mhúscail fear New York mo spéis féin sna cosáin seo agus tá sé i gceist agam féin an teastas a bhaint amach an bhliain seo chugainn — is MÃlaoiseach ceart mé atá thar a bheith goal-motivated. Tá cuid de na bealaà siúlta agam cheana féin, agus molaim do dhuine ar bith ar spéis leis siúlóidà fada faoin tuath tabhairt faoin dúshlán céanna.
Ach an oiread leis an gCamino sa Spáinn, thosaigh na conairà seo amach mar chosáin naofa agus bhÃodh an-bhéim go deo ar an taobh reiligiúnda den oilithreacht, ach, dÃreach cosúil leis an gCamino tá go leor daoine ann nach bhfuil creideamh ar bith acu a bhainfeadh taitneamh as an tsiúlóid.
Coinneoidh mé ar an eolas sibh faoi cén chaoi a n-éirÃonn liom ar Oilithreachtaà na hÉireann in 2020.