Cén fáth nach n-airím chomh Gaelach céanna sa mbaile?

Ar an 17 Márta 2017, ag a cúig a chlog sa tráthnóna, bhí ceathrar ina suí i mbialann, buidéal Guinness an duine acu. Beirt ó Bhaile Átha Cliath, duine ó Northampton Shasana, agus an t-amadán seo ó Chonamara i nGaillimh, agus muid ag canadh amhráin na ndeartháireacha Clancy.

Tar éis cúpla véarsa, thosaigh an dream a bhí timpeall orainn ag canadh chomh maith go dtí gur airígh muid gur chuir muid isteach ar na freastalaithe a ndóthain, agus bhog muid ar aghaidh. B’fhéidir go gcuirfeadh sé ionadh ort nach ar Sráid Ghrafton i mBaile Átha Cliath gur tharla sé seo, ná ar Shráid na Siopaí i nGaillimh, ná, go deimhin, ar phríomhshráid Northampton fiú, ach ar Sráid Granville in aice le Chinatown i Vancouver, Ceanada.

Nó b’fhéidir nach gcuireadh sé ionadh ar bith ort, mar atá a fios ag chuile dhuine a mhair thar lear, chomh luath agus a shocraíonn na Gaeil i dtír ar leith, go n-éiríonn siad 500% níos Gaelaí ná mar a bhí siad riamh roimhe sin. Bhí an bród agus an tírghrá sin a bhí ionainn an lá sin chomh láidir sin, gur thug muid chuile Shasanach, Sineach nó Ceanadach in éindí linn lenár n-amhránaíocht, (a bhí measartha maith, ar a mhéid).

Níos déanaí an oíche sin, bhí na céadta Éireannach scrútaithe isteach i bpub Sasanach(!) le breathnú ar an dornálaí Michael Conlan ag troid i Madison Square Garden den chéad uair. Daoine nár fhéach ar an dornálaíocht riamh, bhí siad tógtha ag an gcluiche seo. Tháinig muid ar fad le chéile agus chonaic muid an fear óg seo ó Bhéal Feirste ag troid ar ár son, ar ár lá i Nua Eabhrac. Ba chuma cé as thú, ba Éireannach thú sa bpub sin an oíche sin, agus d’airigh muid ar fad níos gaire don bhaile.

Ach anois, agus mé sa mbaile, airím uaim Vancouver. Nach aisteach. Cén fáth nach n-airím chomh Gaelach céanna sa mbaile agus mé timpeall ar mo chlann? Tá mé ag ceapadh gur mar gheall gur tharraing muid le chéile níos mó agus cumha orainn i ndiaidh an bhaile, agus ní raibh muid ag iarradh an tír a ligean síos.

Agus mé in Éirinn, ní airíonn muid an dualgas sin, agus tá sé sin le feiceáil go mór mór ar an lá seo. Tá fios agam cén sórt oíche a bheidh agam anseo in Éirinn, más maith nó olc an toradh sa chluiche rugbaí. Beidh na sráideanna agus na pubanna ag cur thar maoil le daoine súgacha agus le turasóirí trína chéile, ag breathnú ar dhéagóirí ag múisc i lár an bhealaigh.

Beidh chuile dhuine ag caitheamh éadaí glasa, agus beidh na sráideanna clúdaithe le bruscar, beidh daoine ag labhairt ‘an cúpla focal’ anseo agus ansiúd, na daoine céanna a bheidh ag clamhsán go dian nach bhfuil fotheidil ar an rugbaí ar TG4 an tseachtain dár gcionn. Ní bheidh tarraingt le chéile ach titim amach.

Nílim ag rá gur Pádraigíní Beaga Naofa é chuile dhuine a mhair thar lear, ag scaipeadh deá-scéala na hÉireann, ach an mothúchán a fuair mé féin anuraidh ná go raibh chuile dhuine ar aon intinn maidir leis an mbród a bhí acu don tír. Mar sin, inniu, an 17 Márta, beidh mé ag ól sláinte na ndaoine a d’fhág mé thall, ag thug na tréithe is fearr a bhaineann leis an tír seo leo, trasna na dtonnta.

SCÉALTA EILE