Is cuma cén sort laethanta saoire is fearr leat – grian agus gaineamh, bheith ag dreapadóireacht ar shléibhte sneachta, bia blasta den chéad scóth nó imeachtaí eachtraíochta – mar tá gach aon rud le fáil in Vancouver Cheanada, agus bhí an t-ádh dearg orm cúpla lá a chaitheamh ansin roimh an samhradh.
Is cathair iltíreach amach is amach í Vancouver lena lán cultúr domhanda le feiceáil sna bialanna, margaí spéisialta, siopaí agus comharsanachtaí difriúla, agus i ndiaidh San Franciso agus Nua Eabhrac is é Chinatown Vancouver an tríú ceantar Síneach is mó i Meiriceá Thuaidh.
Nuair a leigh mé sin i mo threoirleabhar, bhí sé ar m’intinn gan bheith ag caitheamh mo chuid ama sa chathair seo sna siopaí éadaí dearthóra céanna atá le fáil i gcathair ar bith ar domhan.
Mar sin de, ghlac mé turas timpeall Chinatown leis an chócaire clúiteach agus scríbhneoir ar chúrsaí bia, Stephanie Yuen.
Bia agus beatha
Ag siúl thart na sráideanna le Stephanie, bhí sé deas teangacha ar nós Cantainise agus Mandairínise a chloisteáil agus sráid-ainmneacha dátheangacha a fheiceáil chomh maith.
Chaith muid an t-am ag dul isteach agus amach ó shiopaí beaga ildaite ag blaiseadh stíl chócaireachta na Síne – ón bheith ag ól tae luibhe agus ag ithe cistí beaga traidisiúnta agus Dim Sum ón bhacús go dtí lacha faoi anlann pluma a ithe díreach ón bhúistéir, ní thiocfadh le siopadóireacht an lámh is fearr a fháil air in am ar bith!
Bhuel, sin an rud a shíl mé go dtí go ndeachaigh muid isteach chuig an phoitigéir agus chonaic mé afraidíseach déanta de choirp ainmhithe agus rudaí aisteacha mar sin… níorbh éigean dom iad a bhlaiseadh, buíochas le Dia!
Agus ag leanúint le téama an bhia, do mo chéad turas eile ghlac mé an Aquabus (bád farantóireachta beag gasta) go hOileán Granville le bualadh le Eric Pateman, stiúrthóir Edible British Columbia.
Bhunaigh sé an comhlacht turais chun eolas ar leith a thabhairt do chuairteoirí agus chun an chathair a chur ar an léarscáil mar áit a bhfuil ardchaighdeán bia agus bialanna le fáil inti. Bhí margadh poiblí Granville plódaithe ar an lá a bhuail mé leis, cé gur gnáthlá seachtaine a bhí ann.
Bhí gach sort bia le bolú, le blaiseadh agus, ar ndóigh, le ceannach ann ó bhia mara go cáiseanna, aráin agus pónairí caife, agus bhí sé deas scaifte chomh mór sin a fheiceáil ag cur suime i mbia úr agus nádúrtha.
Ní raibh mé féin ábalta triail a bhaint as mórán a bhí ar fáil áfach mar go raibh tábla ag fanacht orm ag Raincity Grill sa West End, atá suite ar English Bay.
Cúpla bliain ó shin chruthaigh foireann na bialainne seo biachlar úrnua darb ainm ‘100 Mile Tasting Menu’ a dhéanann ceiliúradh ar an bhia áitiuil orgánaic atá le fáil taobh istigh den 100 míle thart ar an phroinnteach.
Faoi láthair, tá siad ag baint úsáide as na glasraí is fearr ó fheirmeacha inbhuanaithe orgánacha an cheantair agus tá tuigbheáil acu ar cé chomh tábhachtach is atá an talamh agus slí bheatha na bhfeirmeoirí áitiúla.
Agus má tá dúil agat i dtrátaí blasta den scoth, is é teideal a dtarraingthe is deanaí ná ‘Tomato Tasting Menu’ a bhfuil trátaí mar Roasted Stoney Paradise Sungolds curtha ar fáil le muiríní úra ann… mmmm!
Nósanna na gCeiliúrán
Ach má tá tú ag iarraidh daoine le clú agus cáil a fheiceáil sa chathair seo, tá siad uilig thall in Yaletown sa Blue Water Café and Raw Bar.
Seo áit a ndeachaigh aisteoirí cosúil le Jennifer Aniston agus Halle Berry chun sushi nó sashimi a ithe agus iad ag scannánaíocht sa in Vancouver ar na mallaibh.
Ba shean-trádstóras é a ndearnadh athchóiriú air agus tá cistin oscailte ann anois mar aon le seomra spéisialta príobháideach lán le fíon den chéad scoth a chuireann na VIPs in áirithe.
Nuair a thug mé cuairt ar an bhialann, bhí trosc dubh ar an biachlár le hanlann soy agus sake, Artic Char agus liosta fada hoisrí, agus bhí an freastalaí an-eolach faoin reimse maith fíonta a bhí acu fosta.
Agus ag caint dom faoi Halle Berry, d’fhan sí sa díonteach ag an Metropolitan Hotel – an t-óstán ceanna ina raibh mé féin ag stopadh – nuair a bhí sí ag glacadh páirte sa scannán Catwoman tamall de bhlianta ó shin.
Cé nach raibh mise ag déanamh aon rud speisialta mar sin, is óstán ar fheabhas é a thagann leis an eispéireas iomlán ar an chathair iontach seo.
Tá an Metropolitan Vancouver cóngarach go leor do Pháirc Stanley, atá níos mó na Central Park i Nua Eabharc, le sléibhte sneachta North Shore le feiceáil ar chúl an óstáin. Bhí mo sheomra leapa te agus glan le leathanbhanda, troscán darach agus marmar sa seomra folctha.
Bhí linn snámha, seomra gaile agus cúirt scuaise ansin fosta agus, dá mbeadh tuirse ort, bhí síob saor in aisce le fáil in Jaguar ar maidin!
Spraoi Sléibhe
Ach níor ghlac mise an déis áirithe sin mar bhí mé ag dúil go mór leis an turas traenach a chuir mé in áirithe chuig Whistler, Sciáil Alpach Blackcomb.
Áit chlúiteach í seo maidir le spórt faoin spéir, go mór mór sciáil trastíre agus clársciáil, agus is anseo a bhí Cluichí Oilimpeacha an Gheimhridh ag tús na bliana.
Ghlac an traein trí uair a chloig agus i rith an aistir bhí mé in ann mo chathaoir theolaí a fhágáil agus dul amach chuig an charráiste breathnóireachta le grianghraif a thógáil de radharcanna galánta Shannon Falls, Cheakamus Canyon agus Mount Garibaldi, nó Nch’kay i dteanga dhúchais na háite, Squamish.
Bhí sneachta ar bharr na sléibhte – bíonn le linn na bliana tríd – agus bhí codanna eile den tírdhreach chomh glas le cnoic s’againn féin anseo in Eirinn!
Nuair a bhain mé Whistler amach, mo chéad uair ar ski resort, bhí mé sásta dul faoi choinne siúlóid bheag leis an atmaisféar réchúiseach a mhothú.
Bhí daoine óga ag ól seacláid the sna caifí nó ag roinnt crúiscíní beorach sna tithe tábhairne. Sna siopaí bhí éadaí dearthóra sciála agus iad an-daor ach choinnigh mé an t-airgead a bhí fágtha agam le haghaidh turas gondola agus cupán seacláid the sular fhill mé ar an óstán ar an bhus.
Cé go raibh mé scriosta, bhí áthas an domhain orm go raibh mé ag teacht ar ais chuig mo sheomra sócúlach féin ag an Metropolitan… críoch fhoirfe le turas thar barr ar chathair thar barr.