‘Cén t-ainm a thugann do mháthair ort?’

Tá muintir na hÉireann ag tarraingt ar Chonair Shéamuis Naofa le fada fada an lá. Go deimhin, frítheadh fianaise i lámhscríbhinní d’oilithrigh ar an mbóthar go Santiago as Éirinn chomh fada siar le 800 bliain. Níorbh aon iontas dom é gur casadh daoine as na ceithre chúige orm ó d’fhág mé St-Jean-Pied-de-Port beagnach mí ó shin anois. 

Níor chuir sé iontas orm go raibh an oiread sin Spáinneach ag spaisteoireacht ina dtír féin, ná go bhfuil Francaigh, Gearmánaigh agus Iodálaigh anseo i gcéadta. Ó tháinig an scannán The Way amach tuairim agus deich mbliana ó shin, tá na mílte Meiriceánach ag tarraingt ar thuaisceart na Spáinne lena mbealach féin a shiúl, fiú.

Ní raibh súil agam an oiread sin daoine as an Áise a fheiceáil anseo. Tá na céadta Áiseach, go mór mór muintir na Cóiré, ar an Camino agus go leor leor acu anseo ar chúinsí reiligiúnda. 

Labhair mé le roinnt mhaith agus míníodh dom go bhfuil borradh faoin gCaitliceachas sa gCóiré faoi láthair, go háirithe i measc uasaicme na tíre — na daoine sin a bhfuil an t-airgead acu eitilt chun na hEorpa agus mí a chaitheamh ag siúl.

Cuirtear trí cheist ort agus tú ag siúl — ‘cé as thú?’, ‘cár thosaigh tú?’, agus ‘cén t-ainm atá ort?’. Ceisteanna simplí a bhfuil freagraí simplí orthu, shílfeá. Ach ní hamhlaidh an scéal i gcás mhuintir na Cóiré.

Ar an gcéad dul síos, is minic a chuala mé an cheist amaideach ó oilithreach eile ‘Thuaidh nó Theas?’ amhail is go scaoilfeadh Kim Jong-un a chuid saoránach amach as an tír le haghaidh a thabhairt ar Santiago. Ní bhíonn fadhb mhór ann, seachas fuaimniú na logainmneacha Spáinnise, an dara ceist a fhreagairt. 

Ach nuair a fhiafraítear a ainm den Chóiréach tugann sé freagra a chuireann mearbhall ar go leor — “seo m’ainm naoimh agus seo m’ainm eile”. 

Mar is eol d’fhormhór mhuintir na hÉireann, nuair a théitear faoi lámh an easpaig glactar le hainm nua, agus is iondúil gur ainm naoimh éigin a bhíonn i gceist (cé go raibh Britney nó beirt i mo rang-sa). Tá muid i dtaithí freisin ar an nós atá ag roinnt ord eaglasta ainmneacha nua a thabhairt ar a mbaill — cuirim i gcás an Sr Michael in Derry Girls. Go deimhin, ní Proinsias a bhí sa bPápa sular ghlac sé leis an gcaipín bán. 

Go leor de na Cóiréigh Chaitliceacha seo, glacann siad chucu féin ‘ainm naoimh’ nuair a dhearbhaíonn siad a gcreideamh in Íosa Críost (na Róimhe) agus bíonn an t-ainm sin in úsáid acu ina saol nua Caitliceach, agus an cead sin acu — is cáiliúla i bhfad Mohammad Ali ná Cassius Clay agus tá Yusuf Islam ag saothrú anois i ngort Cat Stevens. 

Ach tá Cóiréigh ann nach Caitlicigh iad a thugann an freagra casta seo ar an gceist shimplí ‘cén t-ainm atá ort?’. Casadh duine acu seo orm in León aréir agus nuair a d’fhiafraigh mé a hainm di, dúirt sí “‘Soo-jin’ (수진) ach féadfaidh tú Sarah a thabhairt orm.” 

“Cé hí Sarah agus cé hí Soo-jin?”

“Is é ‘Sarah’ m’ainm Béarla mar tá ‘Soo-jin’ ródheacair do Bhéarlóirí.”

“Cén t-ainm a thugann do mháthair ort?”

“Soo-jin.”

“Soo-jin?”

“Sea!”

“Sin an t-ainm atá ort, mar sin, agus ní gá duit é a athrú domsa nó d’aon duine eile nach gcuirfidh an cúpla nóiméad isteach aithne cheart a chur ort.”

“Go raibh maith agat as sin a rá!”

Anois, tá mé cinnte go leanfaidh Soo-jin uirthi á cur féin in aithne mar Sarah do chainteoirí Béarla, ach chuir sé isteach orm gur bhraith an cailín óg cliste seo nach raibh a hainm ceart sách maith don domhan mór. 

Ar ndóigh, chuir sé an tseancheist ghránna ‘Wha’s da’ in Inglish’? i gcuimhne dom agus chuimhnigh mé ar mo chara a d’imigh ar an mbád bán go Ceanada agus a d’fhág post toisc nach raibh an boss sásta a ainm ceart a thabhairt air.

Ceisteanna beaga iad seo seans, ach caithfear dlúthpháirtíocht a léiriú nuair is féidir. 

SCÉALTA EILE