Conas a bhreathnaíonn sé dul ar shiúlóid spáis?


Tá físeán úrnua eisithe ag NASA ar líne a thaispeánann radharc spásaire ar bord an Stáisiúin Spáis Idirnáisiúnta (ISS) agus é i mbun siúlóid spáis.

San fhíseán dochreidte seo, tugtar léargas dúinn ar an méid a bhí le feiceáil ag Barry ‘Butch’ Wilmore agus Terry Virts as na Stáit Aontaithe, mar a bhí obair chumraíochta ar bun acu ar ghléas ar an Stáisiún Spáis i mí Feabhra na bliana seo.

Ó seoladh é in 1998, tá beagnach 200 siúlóid spáis déanta ar an Stáisiún agus é ag taisteal ag 27,600 ciliméadar san uair timpeall an domhain, timpeall 400 ciliméadar os cionn talún.

Tógann sé timpeall 93 nóiméad don Stáisiún fithis iomlán a chríochnú timpeall na cruinne.

Agus a bhuíochas le ceamara GoPro (atá go mór sna ceannlínte an tseachtain seo) a ceanglaíodh le ceann de na cultacha spáis, is féidir linn amharc ar an fhíseán uair a’ chloig seo a léiríonn conas a mhothaíonn sé bheith ar dhuine de na daoine is ádhúla ar domhan.

A leithéid de radharc!

SCÉALTA EILE