Tá Muireann Nic Corcráin, as Loch Garman, ina FLTA le Fulbright in Ollscoil Connecticut, UConn, i mbliana. Beidh sí ag tuairisciú ar an saol i Meiriceá uair sa mhí do NÓS ó thús deireadh a tréimhse sna Stáit Aontaithe.
“Comhghairdeas leat, tá an-áthas orm insint duit go bhfuil scoláireacht Fulbright bainte amach agat!”
Nuair a dúradh liom i Mí Aibreáin go raibh mé th’éis scoláireacht Fulbright a bhaint amach chun dul ag múineadh na Gaeilge sna Stáit Aontaithe, níor chreid mé gur mise a bhí i gceist. Chun an fhírinne a rá, níor chreid mé é go dtí gur shroich m’eitleán Boston ar an 22 Lúnasa go raibh an t-aistear nua seo tosaithe agam! Bhí an méid sin cloiste agam maidir le Fulbright agus an Scoláireacht FLTA (Foreign Language Teaching Assistant), ach níor chreid mé riamh go mbeadh an t-éacht seo bainte amach agam.
Ní raibh mé cinnte céard a bheadh ag fanacht orm agus mé ag taisteal ó Loch Garman go Storrs, Connecticut. An mbeadh Éireannaigh ann? An mbeinn ag streachailt le cuntas bainc agus fón nua a shocrú? Oh, agus an bainne, an mbeadh an bainne chomh deas is atá sé sa bhaile, nó an mbeidh orm géilleadh agus ‘oat milk’ a bhlaiseadh den chéad uair? Ní raibh mé iontach buartha maidir leis na ranganna agus cur chun cinn na Gaeilge. Cinnte, bhí mé neirbhíseach sular thosaigh mé ag múineadh, ach ón taithí atá bailithe agam ón gCumann Gaelach i gColáiste na Tríonóide agus bheith i m’Oifigeach Gaeilge in Aontas na Mac Léinn TCD, thuig mé go dtiocfaidh réiteach timpeall i mbealach amháin nó bealach eile.

Is cinnte go bhfuil léargas ar leith le fáil ó scannáin agus cláracha teilifíse maidir le saol an choláiste thall anseo, ach ní go dtí go bhfuil tú i measc na scoláirí agus ag freastal ar na ranganna a thuigeann tú cé chomh difriúil is atá sé. Is é sonóg UConn ná Jonathan Husky, agus tá madra beo anseo darb ainm Johnathan Husky (uimhir a 13 nó 14 faoin am seo), rud a cheaptar nach dtarlaíonn ach sna scannáin. Phléigh mé é seo le mo scoláirí sa chéad rang, toisc go raibh sé iontach ait domsa fógraí ‘Go Huskies!’ a fheiceáil timpeall na háite. Ach sin cuid lárnach d’fhéiniúlacht an choláiste, agus iad ag tabhairt tacaíocht d’aon fhoireann spóirt a bheadh ag imirt nó ag dul in iomaíocht i gcomórtas éicint. Tá sé cinéal cosúil leis an gcaoi a seasann gach duine taobh thiar den fhoireann CLG áitiúil, ach tá go leor bróid bainteach le bheith i do Husky. Cabhraíonn sé leis an ‘merch’ uilig a dhíol freisin, mar sin baineann chuile dhuine tairbhe as i mbealach amháin nó bealach eile!
An rud a sheasann amach dom ná go bhfuil chuile dhuine iontach sásta cúnamh a thabhairt duit má tá ceist ar bith ar bharr do theanga. Tá grúpa álainn cúntóirí teagaisc i Scoil na dTeangacha anseo, agus cuireann sé faoiseamh orm go mbeinn in ann ceist randamach a sheoladh ar WhatsApp ag fiosrú céard go díreach atá i gceist le checking accountsa bhanc, nó conas a déarfá ‘giving out’ i mbealach a thuigfeadh mo chairde Meiriceánacha? Tá an phobal idirnáisiúnta iontach láidir sa scoil, agus muid uilig ag roinnt oifige le chéile freisin, mar sin bímid in ann tacaíocht agus cúnamh a thabhairt dá chéile agus muid ag pleanáil ranga nó ag iarraidh tasc ranga a oibriú amach le chéile. Chabhraigh sé sin go mór liom agus mé ag tosú amach ar m’aistear múinteoireachta.
Nílim ach ag tús an aistir seo, agus tá go leor ama fós agam taiscéalaíocht a dhéanamh leis na FLTA’s eile timpeall na tíre. Tosóidh mé ag traenáil leis an gclub CLG in Hartford an tseachtain seo chugainn, beimid ag cur tús le himeachtaí le haghaidh an Chumainn Ghaelaigh, agus dar ndóigh beidh orm scrúduithe agus ranganna a eagrú do mhic léinn UConn. Ach, mar a deirtear, tús maith leath na hoibre, agus cinnte tá tús maith bainte amach agam anseo in Storrs.