Cuairt ar Frankfurt

San alt seo tá mé chun bualadh soir go cathair i lár na Gearmáine.

Tá aithne ag an saol mór ar Frankfurt ós rud é gurb ann atá an Banc Ceannais Eorpach lonnaithe ach tá i bhfad níos mó ná sin inti.

An eol duit go mbíonn an fhéile leabhar is mó ar domhan ann gach Fómhar?

Más fearr leat gluaisteáin thar leabhair, bíonn an taispeántas gluaisteán is mó ar domhan ann chomh maith gach re bliain.

Tá meascán iontach den sean agus den nua aimseartha inti.


An eol duit?

• Is í Frankfurt an 5ú cathair is mó sa Ghearmáin.
• Tá cónaí ar 2.3 milliún duine in Frankfurt agus sna ceantracha maguaird.
• Is í an chathair is daoire sa Ghearmáin í agus an 10ú cathair is daoire ar domhan.
• Rugadh agus tógadh Johann Wolfgang von Goethe ann, an scríbhneoir is iomráití i nGearmáinis.
• Tá ceann de na haerfoirt is gnóthaí ar domhan ann.
• Is í an chathair is saibhre san Eoraip í.


myzeil

Nithe le déanamh ann

Is fearr tús a chur le cuairt ar Frankfurt i lár na cathrach.

Tá na foirgnimh is suimiúla ann agus tá cuid mhaith de na sráideanna druidte do thrácht ghluaisteáin.

Glaoitear Hauptwache ar an gcearnóg i gceartlár na cathrach ina bhfuil líon mór de shiopaí agus bialanna.

Um Nollag, bíonn margadh ann.

Téigh soir i dtreo na sráide darb ainm Zeil.

Ar clé feicfear foirgneamh déanta de ghloine agus a bhfuil poll ann, seo í an tsiopalann MyZeil.

Is fiú go mór bualadh isteach ann díreach chun an ailtireacht a fheiceáil.

Tá an chuma agus an dearadh go diail agus feicfear an tollán gloine ag lúbadh tríd an bhfoirgnimh.

Téigh chuig barr an tí chun an radharc is fearr a fháil.

A séad samhail ní bhfaighfear.

goethehaus

Iontais na cathrach

Tá neart le déanamh sa chathair ársa seo, agus áit mhaith le tosnú ná na hiarsmalanna agus na sainchomharthaí suntais.

Ina measc tá na cinn seo:

Goethehaus (Grosser Hirschgraben 23 – 25), seo an teach (thuas) ina saolaíodh Goethe.

Museum fur Moderne Kunst (Domstrasse 10), iarsmalann na nua-ealaíne. Tá sí beag ach suimiúil.

Kindermuseum Frankfurt (An der Hauptwache 15 – Mezzanine), má tá na páistí agat agus is mian leat (nó is gá duit) iad a thabhairt chun áit le spraoi a bheith acu, tabhair chuig Iarsmalann na bPáistí iad.

Frankfurter Feldbahn Museum (Am Romerhof 15f), seo iarsmalann de sheantraenacha. Tá sé lonnaithe i bhfearainn nach bhfuil i bhfad ó lár na cathrach agus is féidir dul ar thuras ar na traenacha.

Deutscher Architekturmuseum (Schaumainkai 43), iarsmalann ina dtaispeántar dearaí agus samhlacha d’fhoirgnimh sa Ghearmáin.

Eiserner Steg, droichead do choisithe déanta d’iarann a thrasnaíonn an abhainn, an Main.

paulskirche

Tús an daonlathais

Ba in eaglais Paulskirche (Paulsplatz 11, thuas) a tháinig teachtaí le chéile in 1848 chun an chéad pharlaimint (Frankfurter Nationalversammlung) don Ghearmáin a bhunú.

Is ansin a cuireadh tús le daonlathas sa Ghearmáin agus is ionann Paulskirche do mhuintir na Gearmáine agus Ard-Oifig an Phoist do mhuintir na hÉireann.

Tógadh an eaglais in 1833 ach scriosadh glan í i mí na Márta 1944 nuair a caitheadh rois phléascáin ar an gcathair.

Cé go raibh muintir na Gearmáine ar an ngannchuid tar éis an chogaidh, thugadar pé airgead a bhí acu le go mbeadh an eaglais atógtha in am don chomóradh 100 bliana in 1948.

Thug John F Kennedy caint uaidh anseo in 1963.

Agus tú sa cheantar, buail isteach chuig Solber Faessje ar Grosse Friedberger Strasse.

Dáileann siad bia dúchasach lán d’fheoil agus de phrátaí agus súlach nó anlann doirte sa mhullach orthu.

Tá riar maith de mhiasa acu mar sin ní gá duit ach do rogha a bhaint astu.

radharc-main

Radharc lonrach

Is é Túr Main (Neue Mainzer Strasse 52 – 58) ceann de na foirgnimh is airde in Frankfurt agus an t-aon cheann ar féidir dul go dtí an barr ann.

Is féidir radharc 360º den chathair a fháil ó mhullach an túir atá 200 méadar ar airde.

Ná bíodh imní ort. Ní gá dreapadh an staighre go dtí barr an tí mar go bhfuil ardaitheoir ann a fhágann ag 190 méadar thú agus ní gá dul suas ach staighre amháin chun an barr a bhaint amach.

Is é €4.60 an cead isteach agus tá sé ar oscailt go dtí 22.00 gach lá.

Is cuma más lá nó oíche é nuair a théitear ann, bíonn radharc den scoth den chathair le fáil… caithfear cuairt a thabhairt air!

Conas dul ann

Tá ceann de na haerfoirt is mó agus is gnóthaí ar domhain lonnaithe in Frankfurt.

Eitlíonn Lufthansa ó aerfort Bhaile Átha Cliath chuige.

Eitlíonn Ryanair go dtí aerfort Hahn nach bhfuil i bhfad ó Frankfurt.

Is gá suíochán a cheannach ar bhus darb ainm Flibco chun taisteal ó aerfort Hahn go Frankfurt.


Eolas acrach: frankfurt.de

SCÉALTA EILE