Bhog mise agus mo chailín, Bríd, go Calgary, Ceanada le gairid. Ní ar imirce atá muid ach ag taisteal agus ag obair go ceann bliana, tá súil againn, agus nach iontach an chathair í Calgary!
Suite sa phroibhinse Alberta, tá clú agus cáil uirthi mar gheall ar Chluichí Oilimpeacha 1988. Tá cuimhní daoine ar na cluichí céanna buanaithe ar na scannáin Cool Runnings (1993) agus Eddie the Eagle (2016). Thug an dá scannán íomhá ar leith de na cluichí ach nach orainne atá an t-ádh nach bhfuil an Pháirc Oilimpeach ach 20 bomaite de shiúlóid ón teach s’againne.
Ón bhomaite a leag muid cos ar an talamh, chuir fear an tí s’againn, James (nó Jimmy mar is fearr aithne air) fáilte mhór romhainn. Cosúil le pobal na nGael ar fud an domhain, tá dlúthcheangal ag an phobal Éireannach anseo lena chéile. Tugann siad aire dá chéile. Tá Jimmy ag ligint a thí ar cíos linn agus tá muid á roinnt le lánúin as an Nua-Shéalainn, Kevin agus Kodie.
Chuaigh muid chuig seisiún traenála de chuid Na Taoisigh Calgary, agus ansin ar aghaidh chuig cluiche haca – is iontach na cosúlachtaí atá ann idir iomáint na hÉireann agus haca oighir Cheanada! Is cathair lán beochta í Calgary. Tá an áit a bhfuil muid inár gcónaí in aice le Páirc Bowness, agus is furasta dul a rothaíocht thart ar an pháirc álainn ildaite. Tá dathanna an fhómhair le feiceáil ar na crainn, ach beidh muid faoi chumhdach an tsneachta i gceann cúpla seachtain.
Bhailigh muid le chéile i gClub na nGael do sheisiún ceoil agus le féachaint ar an rugbaí ar na mallaibh, agus fuair Bríd cóta mór nua saor in aisce ó bhean as Corcaigh. Tá sí anseo le breis agus 40 bliain agus is é a dúirt sí ná:
“Ba mhian liom dá dtabharfadh duine éigin cóta mór te domsa nuair a leaindeáil mise in Calgary.” Dúirt mé le Bríd gur mar gheall ar a háilleacht cheoil a fuair sí an cóta, mar bhí sí i ndiaidh an t-amhrán galánta ‘Beeswing’ a sheinm don phub ar an ghiotár – cá bhfios nach fíor é!
Bhí dinnéar mór againn Dé Domhnaigh do Lá an Altaithe, an chéad uair dom a bheith ar an mhór-roinn seo dá leithéid. Bhain mé sult mór as an dóigh a dtagann daoine le chéile ar an lá agus, ar nós na Nollag nó féile mhór eile sa bhaile, a mbíonn ar dhaoine rud éigin a thabhairt leo chuig an chóisir. Bíodh sin bia, deochanna nó bua ceoil!
Ach ar ndóigh, ní thig dearmad a dhéanamh ar phobal na nDúchasach Meiriceánach ar an lá chéanna. Cosúil le cuid mhór pobal eile fud fad Meiriceá Thuaidh, rinneadh cos ar bolg orthu, goideadh a dtalamh agus go leor leor eile uathu. Ar ár gcéad lá i lár na cathrach, bhí agóid ann i gcuimhne ar na mná dúchasacha a fuair bás de bharr foréigin. Tá lorg na ndúchasach le mothú agus le feiceáil ar fud na cathrach, sna logainmneacha agus ainmneacha na mbóithre. Ní mór machnamh a dhéanamh air sin, ar an phobal, agus ar na daoine a cailleadh agus tú ag siúl thart. Tá mé ag dúil go mór le níos mó a fhoghlaim faoina gcultúr agus a n-oidhreacht sa tréimhse atá romhainn.
Is ar an pháirc náisiúnta iomráiteach Banff a bheas ár dtriall amárach, áit a bhí ar mo liosta le tamall. Beidh orainn na béir a choimhéad, ach tá mé ag dúil go mór le ceann de na háiteacha is áille ar domhan a fheiceáil.
Go dtí an chéad uair eile!