Cuntas ó Cheanada: An Turas RV I

Ar thiomáin tú RV riamh? Ní ag caint ar na veaineanna beaga bídeacha ar nós na VW Campers faiseanta sin atá mé. Ní hé. Ní hé sin atá ar intinn agam ar chor ar bith. Is é atá i gceist agamsa ná RV ar nós na Meiriceánach. Tá a fhios agat féin leis an Mheiriceá Thuaidh. Tá achan rud níos mó ná mar atá siad in áiteacha eile ar fud an domhain. Smaoinigh ar Robert de Niro in Meet the Fockers.

Tháinig mo mhamaí, Oonagh, agus mo dheartháir, Connor, ar cuairt agus chinn muid an RV a ghlacadh amach ar iasacht agus turas bóthair a dhéanamh go Vancouver. Rachadh muid ar an bhád ansin go hOileán Vancouver. Tá sé ar intinn agamsa agus ag Bríd an samhradh a chaitheamh ar an oileán agus bheadh an deis ag Mam agus Connor an áit a fheiceáil sula bhfilleann siad ar Éirinn.

Leaindeáil mo theaghlach an tseachtain seo caite agus chaith muid béile deas agus cúpla deoch lena chéile i lár na cathrach dár n-oíche dheiridh in Calgary. Tháinig Deirdre linn, bean uasal as Leamhaigh i gContae Dhoire agus duine de na chéad daoine ar bhuail muid leo. Léi bhí Jimmy nó “Comrádaí Jimmy” mar is fearr leis. Ba dheas slán ceart a fhágáil ag cathair agus ag daoine a bhfuil áit speisialta acu inár gcroí.

Lá a hAon

Ar mhaidin an imeachta, chuaigh mise agus Connor leis an RV a fháil. Cé go raibh an rud feicthe agam ar líne nuair a bhí mé á chur in áirithe, ní raibh mé réidh don ollveain a chuir fáilte romham.

“A Íosa,” arsa Connor, “Tá sé mar a bheadh bus ann.” Agus bhí an ceart aige.

Níl a fhios agam go fóill cad a shíl an bhean dheas a sheiceáil isteach mé. Ba léir ón chuma a bhí ar ár n-aghaidh nár shíl muid gur mar seo a bheadh sé. Thaispeáin sí an oiread sin rudaí dúinn ar an veain go raibh mo chloigeann scriosta sular fhág muid an t-iosta fiú.

“Ceart go leor,” arsa mise. “Cén dóigh a mbogaim an rud seo?”

Is doiligh an rud é focail a chur ar mhéid an RV seo. Tá seomra dúbáilte ar chúl na veain, leaba sa lár, agus leaba eile os cionn na suíochán tosaigh. Sa chuid eile tá oigheann, leithreas, cith agus cuisneoir. Tá leictreachas aige, tá uisce aige agus tá stóras aige ar a bharr sin.

Tá neart táithí agam ar a bheith ag tiomáint anseo ar thaobh eile an bhóthair agus an roth stiúrtha ar thaobh eile an chairr. Ach is mór an difear idir carr beag agus veain mhór 25 troigh ar fad. Ní thiocfadh liom ach gáire a scaoileadh amach nuair a bhí ar Connor dul isteach chuig an bhean arís agus ceist a chur uirthi cad é mar a scaoileann muid an coscán láimhe saor! Is cinnte gur shíl sí go raibh an bás i ndán dúinn.

Caithfidh mé a rá nach raibh mé an-chinnte dom féin nuair a chonaic mé aghaidh Bhríde agus aghaidh mo mhamaí nuair a d’fhill muid ar an teach leis na málaí agus an bheirt acu a bhailiú. Lig siad gáirí móra amach nuair a chonaic siad méid an RV ach ní raibh an dara rogha againn ach plódú isteach agus an bóthar a bhualadh!

O, an ndearna mé dearmad a lua gur thit an oiread is mó sneachta dá bhfaca muid an geimhreadh seo an oíche sular fhág muid Calgary? Bhuel, thit. Ach cibé, bíonn siúlach scéalach. Déanaimis scéalta!

An dréachtphlean turais a bhí againn ná Calgary go Banff. Banff go Lake Louise. Lake Louise go Jasper. Ansin go Kamloops go Whistler go Vancouver agus, faoi dheireadh, go Victoria. Deich lá agus 1423 ciliméadar i gcuid de na háiteacha is áille agus is clúití ar domhan.

“Ba chóir go mbeadh sé galánta,” a mheabhraigh mé agus mé ag tiomáint, beatha mo theaghlaigh agus mo ghrá geal ar mo lámha, agus mo mhéara greamaithe den roth ionas nach dtiontóinn isteach i ndíog muid.

D’fhág muid Calgary inár ndiaidh agus d’imigh linn go Banff. Meascán a bhí sa tiomáint idir carr a thiomáint agus bád a stiúradh. Mhothaigh mé an tóin ag gobadh amach agus na rothaí ag déanamh iarracht greim a fháil ar an bhóthar. Dhírigh mé níos mó ar an tiomáint sin ná mar a dhírigh mé ar thiomáint ar bith eile i mo shaol. De réir a chéile, chuaigh mé i dtáithí air agus bhain muid Banff agus an t-ionad campála amach.

Suite ar thaobh sléibhe, sneachta úr ag múchadh gach fuaime, ag amharc amach ar pháirc náisiúnta Banff, ní fhéadfaí a shéanadh gur áit ghalánta ar fad a bhí inti. B’fhearr i bhfad, i mo bharúilse cibé, áit mar sin ná óstán mór ardnósach ar na mílte punt.

Chaith muid an chéad tráthnóna ag trampáil thart Banff agus ansin chuaigh muid go dtí an tobar uisce te ag barr an bhaile. A fuaire agus a bhí teocht an aeir, bhí an t-uisce te mar a bheadh uisce as na flaithis dár mbeathú. Geallaim duit nach mbeidh tú riamh ar do shuaimhneas mar a bheifeá san uisce úd.

Tá cur síos déanta agam ar áilleacht Banff roimhe seo agus níl mé ag iarraidh leadrán a chur oraibh le hathrá. Ach is é ceann de na háiteacha is fearr liom ar dhroim an domhain é. Mar sin, i ndiaidh lá eile in Banff, agus siúlóid dheas go dtí an t-eas a bhí reoite go fóill, thiomáin muid go Lake Louise.

SCÉALTA EILE